Ar scríobh tú litir nó cárta chuig duine eile riamh? B’fhéidir gur scríobh tú cárta breithlae chuig do mhamó nó do chol ceathar? Ach, cad é a rinne tú leis an chárta sin? Ar chuir tú é tríd an phost, nó, ar thug tú de láimh é chuig an duine eile? De ghnáth, tugaimid cártaí breithlae de láimh do dhuine éigin, má bhíonn siad ina gcónaí measartha cóngarach dúinn. Ach, má bhíonn siad ina gcónaí i bhfad uainn, cuirfidh muid an cárta sa phost chucu.
(Cailín óg ag cur litreach i mbosca poist sa Fhrainc. An raibh a fhios agat go mbíonn dath difriúil ar na boscaí poist i dtíortha difriúla?)
Ar feadh na gcéadta bliain, bhíodh sé de nós ag daoine litreacha, agus, in amanna, bearta, a chur sa phost chuig a gcairde agus a ngaolta a bhí ina gcónaí i bhfad ar shiúl. Ghlac daoine an litir nó an beart go dtí Oifig an Phoist agus d’íoc siad as seachadadh an ruda. Bhí seo níos fusa ná an turas a dhéanamh iad féin.
(Ba ghnách le daoine na litreacha, cártaí poist agus cártaí a tháinig sa phost a choinneáil ar feadh blianta.)
Sa seanam, d’iompair fir an phoist na litreacha agus bearta ar chapaill agus ar chairteacha ó bhaile amháin go baile eile. Ansin, nuair a tháinig na traenacha, cuireadh an post ar an traein ó bhaile go baile ar fud na tíre. Thiocfadh leat litir a chur thar sáile chomh maith, ach ghlac sé níos mó ama le dul ann. I dtús báire, chuaigh an post thar sáile ar long, ach, le teacht na n-eitleán, cuireadh na bearta agus na litreacha ar eitleáin go dtí tíortha eile.
(San 18ú agus 19ú haois d'iompair cóistí agus capaill mar seo an post ó bhaile go baile. Bhí daoine ábalta íoc le dul ar an turas fosta. Pic san fhearann poiblí trí Picryl.com)
Ar feadh an ama sin ar fad, bhí sé coitianta ag daoine litreacha a scríobh agus iad a chur sa phost. Ní hamhlaidh atá an scéal sa lá atá inniu ann.
Anois, thig le daoine ríomhphoist a sheoladh, nó teachtaireachtaí a scríobh ar na gutháin s’acu, agus faigheann an duine eile iad taobh istigh de chúpla soicind!
Mar sin de, ní bhímid ag scríobh litreacha mórán níos mó, ach faigheann daoine bearta go fóill sa phost.
Inniu Lá Domhanda an Phoist, lá atá ann le ceiliúradh a dhéanamh ar an tseirbhís seo. Chuidigh an post le daoine coinneáil i dteagmháil lena chéile ar feadh na gcéadta bliain. Sa lá atá inniu ann, bíonn an teicneolaíocht i bhfad níos gasta ná an post. Ach, tá rud éigin deas go fóill faoi litir a fháil ó chara tríd an phost.
Le plé nó le déanamh
✉️ Cad iad na cineálacha rudaí a chuirtear sa phost, de ghnáth?
✉️ Cén dóigh a raibh litreacha agus bearta á n-iompar ó áit go háit sa seanam?
✉️ Tarraing amlíne phictiúrtha leis na hathruithe a tháinig ar sheachadadh an phoist tríd an stair a thaispeáint.
✉️ An dtig leat smaoineamh ar dhifríochtaí idir teachtaireachtaí ríomhphoist agus litreacha traidisiúnta? Cad iad?
✉️ An bhfuair tusa litir nó beart riamh sa phost? An raibh tú ag fanacht leis nó an raibh iontas ort? Cad é mar a mhothaigh tú?
✉️ An dtig leat smaoineamh ar dhóigh ar bith le Lá Domhanda an Phoist a cheiliúradh?
✉️ Cuir ceist ar do sheantuismitheoirí lena mbarúil ar sheirbhís an phoist a fháil. An síleann siad go bhfuil sí tábhachtach? An féidir leo scéal a insint duit faoi litir nó beart a fháil nuair a bhí siad ar comhaois leatsa?
✉️ Déan díospóireacht ranga ar an rún: Níl áit ar bith ann don Phost sa lá atá inniu ann - tá a ré thart. Smaoinigh ar argóintí ar son agus in éadan an post a choinneáil.