Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

Tá Seachtain Dhomhanda an Spáis ann ón 4ú – 10ú Deireadh Fómhair. Is ceiliúradh é an tseachtain seo ar an eolaíocht agus ar an teicneolaíocht agus an méid a bhí daoine ábalta a fhoghlaim ón spás agus faoin spás.
Tá daoine gafa leis an spás agus leis na réaltaí sa spéir ó thús ama. Spreagann na réaltaí ár samhlaíocht agus spreagann siad ár bhfiosracht fosta. Murar chuir tú féin spéis sna réaltaí riamh, beidh cúis mhaith agat amharc anuas má bhíonn spéir gheal ann as seo go ceann roinnt seachtainí nó tá réalteolaithe an domhain uilig ag fanacht le rud iontach a fheiceáil i spéir na hoíche.
Tá siad ag fanacht le rud a dtugann siad ‘T Coronae Borealis’ air. ⭐An réalta lasrach⭐ an leasainm a thugtar air. Tá eolas againn ar an ‘réalta lasrach’ mar gheall ar an obair a rinne réalteolaí Éireannach darbh ainm John Birmingham. Scríobh seisean faoin ‘réalta’ in 1866. Ní bhíonn T Coronae Borealis le feiceáil sa spéir ach uair amháin gach ochtó bliain nó mar sin.
Réalteolaí – duine a bhíonn ag amharc agus ag déanamh staidéar ar na réaltaí
Chonacthas den uair dheireanach í in 1946 agus tá réalteolaithe measartha cinnte go mbeidh sí le feiceáil arís an mhí seo, nó go cinnte, roimh dheireadh na bliana seo. Ní hamháin sin, beidh sí chomh geal sin go mbeidh tú ábalta í a fheiceáil gan teileascóp, go fiú sna cathracha móra!
Beidh an réalta chomh geal sin go mbeidh tú ábalta í a fheiceáil ón chathair
John Birmingham – an réalteolaí Éireannach a chéadtháinig ar an réalta lasrach
Nuair a chonaic John Birmingham T Coronae Borealis, shíl sé go raibh sé i ndiaidh teacht ar réalta nua sa spéir. Rud nár thuig sé ag an am, ná gur dhá réalta a bhí ann – fathach dearg agus abhac bán – agus iad measartha cóngarach dá chéile. Bíonn an fathach dearg ag cur amach fuinnimh i rith an ama. Bíonn an t-abhac bán ag sú isteach an fhuinnimh sin agus, gach ochtó bliain, ní thig leis an fuinneamh a choinneáil níos mó agus scaoileann sé cuid mhór fuinnimh amach ag an aon am amháin, cosúil le pléascán mór!
Seo físeán beag a chruthaigh NASA den abhac bán agus an fathach dearg – téann siad thart ar a chéile i bhfithis. Súnn an t-abhac beag fuinneamh ón fhathach dhearg agus, faoi dheireadh (gach 80 bliain), pléascann sé! (Físeán le NASA/Conceptual Image Lab/Goddard Space Flight Center)
Seo saolré na réaltaí. Is abhac buí í an Ghrian s’againne anois, i gceann thart ar 5 bhilliún bliain, athróidh sí ina fathach dearg
Taobh istigh de chúpla lá, cuireann an t-abhac bán na mílte oiread níos mó fuinnimh amach ná mar a chuireann an ghrian s’againn féin amach i mbliain iomlán. Síleann eolaithe go bhfuil an t-abhac bán chóir a bheith réidh le pléascadh! Mar sin, má bhíonn an spéir ghlan, agus má choinníonn tú súil amach, beidh seans agat féin an lasair gheal seo a fheiceáil sa spéir, den chéad uair le chóir a bheith 80 bliain!
Seo an dóigh a dtig leat a chinntiú go bhfuil tú ag amharc an treo cheart sa spéir
Beidh sé le feiceáil an chéad chúpla uair an chloig i ndiaidh luí na Gréine, má amharcann tú soir agus rud beag ó thuaidh sa spéir. Is fiú go mór amharc anocht, go fiú mura mbíonn an réalta lasrach le feiceáil. Nó má amharcann tú an treo cheart anocht, gan an réalta lasrach sa spéir, beidh sí níos fusa a thabhairt faoi deara nuair a bheas sí ann! (Ach ná bígí buartha, coinneoidh muidne ar an eolas sibh!)
Le plé/le déanamh
🪐 An bhfuil suim agatsa sa spás? Cén fáth?
🪐 Ba chineál eolaí é John Birmingham – réalteolaí. An síleann tú go gcaithfidh tú bheith fiosrach le bheith i d’eolaí? Cad iad na rudaí is mó a bhfuil tusa fiosrach fúthu agus ar mhaith leat níos mó eolais a fháil orthu?
🪐 Nuair a bhí John Birmingham beo, ní raibh réalteolaithe ábalta ach a bheith ag amharc ar na pláinéid agus ar na réaltaí tríd theileascóp, anois, thig le daoine satailítí agus spásárthaigh a chur suas sa spás agus thig linn daoine a chur chuig an Ghealach. Samhlaigh 100 bliain chun cinn sa todhchaí, cad é a shíleann tú a bheas muid ábalta a dhéanamh?
🪐 Tarraing ceithre hairde an chompáis le cuidiú leat na treonna a thuigbheáil. Oibrigh amach cén treo ina bhfuil an tuaisceart. Cuideoidh sé seo leat an réalta a aimsiú sa spéir.