Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

Tá suas le 5,000 bradán i ndiaidh éalú as feirm éisc amach ó chósta Ghleann Arma i gcontae Aontroma. Dea-scéal do na bradáin a d’éalaigh, b’fhéidir, ach dar le heolaithe agus iascairí áitiúla, is drochscéal é seo do na bradáin fhiáine sa cheantar.
Feirm éisc amach ó Chontae Aontroma – cónaíonn na mílte bradán i ngach ceann de na cásanna seo
Bíonn saol crua ag an bhradán fhiáin nó caithfidh sé cuid mhór dúshlán a shárú agus é ag déanamh a bhealaigh thart le creachadóirí agus iascairí, thar chlocha agus thar easanna, le dul ar ais chuig an sruthán inar rugadh é. Ní nach ionadh go ndeir muid go bhfuil ‘sláinte an bhradáin’ ag duine atá iontach sláintiúil.
Bradán ag snámh suas easa
Beireann an bradán uibheacha sna srutháin bheaga thuas ag barr na habhann. Nuair a thagann na bradáin óga as an ubh, caitheann siad an chéad chuid dá saol san abhainn. Ansin, nuair a éiríonn siad mór go leor, déanann siad a mbealach síos i dtreo bhéal na habhann agus amach chuig an fharraige mhór.
Snámhann siad na mílte ciliméadar tríd an fharraige, ag fás agus ag cur suas meáchain. Caitheann siad bliain nó dhó san fharraige, amach ó chósta na Graonlainne nó cósta na hIorua agus, ansin, déanann siad a mbealach ar ais chuig an abhainn cheannann chéanna inar rugadh iad féin. Déanann siad a mbealach suas an abhainn agus beireann siad féin a gcuid uibheacha i dtús an gheimhridh.
Is am iontach tábhachtach den bhliain é seo don bhradán fhiáin. Tá na heolaithe buartha go mbeidh na bradáin feirme seo, a d’éalaigh, ag meascadh leis na bradáin fhiáine agus go spréifidh siad tinneas nó seadáin. Tá siad buartha fosta go mbeadh bradáin fhiáine agus bradáin feirme ag pórú lena chéile, nó ní bheadh na hóga chomh láidir ná chomh sláintiúil céanna.
Cónaíonn seadáin darb ainm ‘míolta mara’ ar chraiceann an bhradáin – bíonn cuid mhór acu seo ar fheirmeacha éisc. Má bhíonn barraíocht míolta mara ann, éiríonn an bradán lag tinn
Mar a tharlaíonn sé, is é an lá inniu ‘Lá Domhanda na nGnáthóg’. Ciallaíonn gnáthóg ‘an ghnáth-áit ina gcónaíonn ainmhí’. Is iad an fharraige agus na haibhneacha gnáthóg an bhradáin ach tá daoine i ndiaidh dochar mór a dhéanamh do na haibhneacha agus do na farraigí le roinnt mhaith blianta anuas.
Caoga bliain ó shin, bhíodh chóir a bheith 2 mhilliún bradán ag teacht ar ais chuig aibhneacha na hÉireann gach bliain le hóga a bheith acu. In 2022, níor tháinig ach 171,000 ar ais. Rinne an t-athrú aeráide agus truailliú dochar mór do ghnáthóg an bhradáin agus bhí tionchar ag an iascaireacht ar líon na mbradán in Éirinn fosta.
Blianta ó shin, bhí aibhneacha na hÉireann líon lán le bradáin ach thit líon na mbradán go tubaisteach
Sa lá atá inniu ann, níl cead ag iascairí bradáin a cheapadh le heangach níos mó, áit ar bith in Éirinn. Tá cead agat slat iascaireachta a úsáid le bradán a cheapadh duit féin, ach níl cead agat é a dhíol.
Tá riail ann i gcuid mhaith aibhneacha nach bhfuil cead agat bradáin a mharú. Caithfidh tú iad a chur ar ais má cheapann tú ceann
Is tionscal iontach tábhachtach í an fheirmeoireacht bradán in Éirinn, mar sin, nó gan í, ní bheadh an chuid is mó againn ábalta bradán a ithe níos mó. Gach bliain, easpórtálann Éire na mílte tonna de bhradán ar fud an domhain. Ach, deir grúpaí timpeallachta go ndéanann na feirmeacha bradán dochar do na bradáin fhiáine. Coinnítear na mílte mílte bradán le chéile i gcásanna measartha beag agus spréann tinneas agus seadáin go furasta.
Nuair a bhíonn na mílte iasc cóngarach dá chéile i rith an ama, scaiptear tinneas agus seadáin níos fusa
Cuireann na rudaí seo isteach ar bhradáin fhiáine a shnámhann róchóngarach do na feirmeacha agus cuireann sé seo ‘sláinte an bhradáin’ i mbaol.
Gan feirmeacha éisc – ní bheadh an gnáthdhuine ábalta bradán a ithe níos mó
Le plé / le déanamh
🐟 Tá ról tábhachtach ag an bhradán i seanscéalta na hÉireann – an dtig leat smaoineamh ar scéal a bhfuil bradán luaite ann?
🐟 Ar ith tusa bradán riamh? An maith leat iasc a ithe?
🐟 Ag smaoineamh ar chuid de na pointí san alt seo, an síleann tú gur rud maith nó gur drochrud í an fheirmeoireacht éisc. Mínigh do fhreagra.