Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

Seans maith gur aistritheoir thú. Cuireann ‘aistritheoir’ teanga amháin ar fhocail ó theanga eile sa dóigh go dtuigfidh daoine nach bhfuil an teanga eile sin acu. An ndearna tú sin riamh? Ar chuir tú Béarla (nó teanga eile) ar abairt nó focail do dhuine nár thuig é? Is aistritheoir thú, mar sin, agus thig leat Lá Idirnáisiúnta an Aistriúcháin a cheiliúradh inniu!
Tá thart ar 6,000 teanga ar domhan agus ní thuigeann gach duine iad uilig. Mar sin, bíonn daoine de dhíth leis an aistriúchán a dhéanamh do dhaoine nach dtuigeann iad. Ní gá gach rud a aistriú ach is minic a aistrítear rudaí mar leabhair, scannáin nó fiú comharthaí.
Tá ról iontach tábhachtach ag an aistritheoir. Thiocfadh leat duine a chur ar strae mura n-aistríonn tú an rud i gceart. Nó thiocfadh leat troid a thosú, fiú, má chuireann tú rudaí isteach nach raibh sa bhunteanga. Tá sampla iontach clúiteach de chomhartha a cuireadh in airde a dúirt ‘Féach ar cheart’. Raiméis a bhí ann nó ba chóir ‘Féach ar dheis’ a scríobh.
Ar chlé: Aistriúchán Gaeilge Harry Potter. Ar dheis: Aistriúchán Breatnaise.
Agus bíonn cineálacha difriúla aistriúchán de dhíth. Mar shampla, má aistríonn tú an comhartha ‘Cosc ar pháirceáil’ is aistriúchán focal ar fhocal atá ann. Ach tá a fhios againn go mbíonn teanga casta, ó am go chéile, agus is gá an bhrí nó an chiall a thabhairt ar dhóigh eile. Mar shampla, má thugann tú aistriúchán ‘focal ar fhocal’ ar ‘Go raibh maith agat’, bheadh ‘May good be at you’ ann. Tuigimid uilig gur buíochas atá i gceist, áfach. In amanna eile, ní bhíonn an rud ba mhaith leat a rá ar fáil sa dara teanga. Mar shampla, cad é mar a d’aistreofá ‘Go raibh maith agaibh’?
Níor scríobhadh an Bíobla i nGaeilge ná i mBéarla ach is féidir linn é a léamh anois, na mílte bliain ina dhiaidh, a bhuíochas le Naomh Iaróm. Ba é Naomh Iaróm a d’aistrigh cuid mhaith den Bhíobla go Laidin sa dóigh go dtiocfadh lena lán daoine é a léamh. Fuair sé bás ar 30ú Meán Fómhair, 420 AD, agus sin an fáth a bhfuil Lá Idirnáisiúnta an Aistriúcháin ann an lá inniu gach bliain.
Naomh Iaróm ag aistriú leis
Le déanamh:
Mar a chonaic muid san alt, bíonn sé deacair, ó am go chéile, an bhrí cheart a chur ar fhrásaí áirithe.
Bain triail as na frásaí seo:
Go n-éirí an bóthar leat!
Bhí sí ar mhuin na muice.
Nó cén Ghaeilge a chuirfeá ar an Bhéarla seo:
It was raining cats and dogs.
It cost an arm and a leg.
Pictiúir:
Naomh Iaróm: Renata Sedmakova / Shutterstock.com
Raon rothar: Davi Costa / Shutterstock.com