Gealach nua?

Dé Máirt, an 24ú Meán Fómhair 2024


Tá an Domhan le ‘gealach’ eile a fháil an deireadh seachtaine seo! Ní bheidh an ghealach nua seo chomh mór céanna leis an ghealach atá againn cheana, agus ní bheidh ár ngealach féin ag dul áit ar bith – beidh dhá ghealach againn, go ceann tamaill. 

Astaróideach – clocha a bhíonn ag taisteal tríd an spás


Is astaróideach beag é an ghealach nua, thart ar an fhad chéanna le bus, sin 10 méadar ar fad. Tugann na réalteolaithe ‘2024 PT5’ air. Ar an drochuair, ní bheidh muid ábalta é a fheiceáil gan teileascóp speisialta – tá sé róbheag agus ní bheidh sé geal go leor. Ach fanfaidh sé sa spás os cionn an Domhain go ceann dhá mhí. 

De ghnáth, bíonn 2024 PT5 mar chuid de chrios astaróideach a thaistealaíonn i bhfithis thart ar an Ghrian


Baineann 2024 PT5 le ‘crios astaróideach’ a bhíonn ag taisteal thart ar an Ghrian. Nuair a thaistealaíonn rudaí sa spás thart ar phláinéad nó ar réalta, deir na réalteolaithe go bhfuil siad ag taisteal i bhfithis. Ciallaíonn fithis cúrsa thart ar rud. 

Taistealaíonn na pláinéid i bhfithis thart ar an Ghrian


Tá fórsa ag gach pláinéad agus ag gach réalta darb ainm imtharraingt. Leis an imtharraingt, tarraingíonn na pláinéid rudaí chucu féin. Mar shampla, is í imtharraingt an Domhain a tharraingíonn chuig an Domhan muidne agus a choinníonn ár gcosa ar an talamh. Tugaimid domhantarraingt ar an imtharraingt atá ag an Domhan. Is í an domhantarraingt a choinníonn an Ghealach i bhfithis thart ar an Domhan. 

Níl aon imtharraingt thuas sa spás, sin an fáth a mbíonn spásairí ar snámh san aer


An deireadh seachtaine seo, tiocfaidh 2024 PT5 cóngarach go leor don Domhan le go bhfaighidh an domhantarraingt greim air. Fanfaidh sé i bhfithis thart ar an Domhan go dtí an 25ú Samhain. Ar an lá seo, beidh sé fada go leor ar shiúl ón Domhan le go mbeidh sé ábalta briseadh ar shiúl ón domhantarraingt. Leanfaidh sé leis, ansin, ag taisteal i bhfithis thart ar an Ghrian.


Deir NASA go bhfuil 2 chineál gealaí ann – 

🌔 Gealach thraidisiúnta: rud mór, cosúil lenár ngealach féin. Bíonn na gealacha seo measartha mór.

🌔 Gealacha ar ‘réada beaga’ iad – cosúil le 2024 PT5. Ciallaíonn réad ‘rud’, go háirithe agus muid ag caint ar an spás. Is rudaí measartha beag iad na gealacha seo, i gcomparáid leis an phláinéad a dtéann siad thart air.


I dtaca leis na gealacha traidisiúnta:

🌔 Níl gealacha ar bith ag Mearcair ná ag Véineas. 

🌔 Tá gealach amháin ag an Domhan.

🌔 Tá dhá ghealach ag Mars – Phobos agus Deimos.

Gealacha Mhars


🌔 Tá 92 gealach ag Iúpatar.

🌔 Tá 145 gealach ag Satarn.

Tá 145 gealach ag Satarn!


🌔 Tá 27 gealach ag Úránas

🌔 Tá 14 gealach ag Neiptiún

🌔 Agus cé nach dtugaimid pláinéad air níos mó, tá 5 ghealach ag Plútón.

Le plé / le déanamh

Beidh Seachtain an Spáis ag tosú seachtain ón Aoine, ar an 4ú Deireadh Fómhair.

🌔 An maith leat bheith ag léamh scéalta faoin spás? Cén fáth?

🌔 Déan cuardach ar an SN/NA – scríobh síos 3 fhíric faoin spás nach raibh a fhios agat roimhe seo.

🌔 Léigh siar ar an alt seo arís agus scríobh do mhíniú féin ar an imtharraingt.


baruil