Meas

An 18ú Meán Fómhair, 2024



Is rud deas é nuair a bhíonn meas ag daoine ort. Má thaispeánann duine meas ort, labhraíonn sé nó sí go deas múinte leat agus éisteann sé nó sí lena bhfuil le rá agat. Ar ndóigh, ní bhímid féin ag iarraidh cur isteach ar dhuine nuair a bhíonn meas againn ar an duine sin.


Ach, cé air nó uirthi ar chóir dúinn meas a léiriú? Bhuel, le fírinne, ba cheart dúinn meas a léiriú ar gach duine. Is daoine daonna muid ar fad. Tá meas tuillte againn uilig. Agus, nár dheas an domhan é dá mbeadh meas ag gach duine ar a chéile? 


Ba mhaith linn ar fad go mbeadh meas ag daoine orainn. Níor mhaith linn daoine a bheith ag magadh fúinn, ná, ar an lámh eile, ag déanamh neamhaird dínn. Ach, ar an drochuair, tarlaíonn rudaí mar sin sa saol. Sa lá atá inniu ann, is minic a bhíonn scéalta le cloisteáil nó le feiceáil ar an idirlíon a léiríonn dímheas ar dhaoine eile. B’fhéidir mar gheall ar an tír arb as dóibh, nó an dath atá ar a gcraiceann, nó an creideamh atá acu, nó an teanga a labhraíonn siad. 


Faraor, bíonn go leor droch-chúiseanna ag daoine áirithe lena bheag a dhéanamh de dhaoine eile. Is minic a bhíonn maistíní mar sin ag tabhairt masla do strainséirí nach bhfuil aithne ar bith acu orthu go fiú!


I ndeireadh na dála, ná déanaimis dearmad, dá mba mhaith linn go mbeadh meas ag daoine eile orainn, ba cheart dúinn meas a thaispeáint ar gach duine thart orainn. Cad é mar a léireoidh tusa meas inniu?


Le plé nó le déanamh

Cad iad na háiteanna agus na dóigheanna ina dtiocfadh leat meas a léiriú ar dhaoine eile? Mar rang, cruthaigh “crann measa” mar thaispeántas ar an bhalla. Líon na duilleoga le smaointe ó gach dalta ar dhóigheanna agus ar áiteanna difriúla ina dtiocfadh libh meas a léiriú. Cá mhéad bealach ar féidir libh uilig smaoineamh orthu?


An raibh duine ar bith dímheasúil leatsa riamh? Cad é mar a mhothaigh tú ag an am sin? Cad é an rud is fearr le déanamh i gcás mar sin, do bharúil?


Déan plé ar na pictiúir san alt seo. Cad é ata ag tarlú iontu? Cad é an scéal taobh thiar de gach pictiúr, i do bharúil? Cé acu pictiúir ina bhfuil meas á léiriú?


Tugtar ‘ciníochas’ ar an dímheas a léirítear i gcoinne daoine as tír eile, nó a bhfuil dath craicinn difriúil orthu. Ar chuala tú faoi seo roimhe? Cad é atá ar eolas agat faoi? Thig leat níos mó eolais a fháil amach faoi tríd an fhocal ‘ciníochas’ a chur isteach sa bharra cuardaigh ar Nuacht Anois agus ailt eile a chuardach faoi.


Tarraing póstaer le daoine a ghríosú le meas a thaispeáint.


baruil