Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

Tá níos mó ná 200 duine marbh, agus dochar ollmhór déanta, ag an Tíofún Yagi san Áise. Bhí Yagi ar cheann de na stoirmeacha is láidre den bhliain go dtí seo. Bhí sé chomh láidir sin gur thug na heolaithe ‘Olltíofún’ air.
Íomhá shatailíte den stoirm Yagi. Stoirm ollmhór a bhí ann (grafaic le NOAA trí wikimedia commons)
Tugaimid Tíofún ar Yagi mar gur tháinig ann dó san Aigéan Ciúin ach le fírinne, níl difear ar bith idir tíofún, hairicín agus cioclón. Is stoirmeacha trópaiceacha iad uilig, faigheann siad ainm difriúil, ag brath ar an áit a dtarlaíonn siad!
Thosaigh an stoirm seo san Aigéan Ciúin agus réab sé tríd na hOileáin Fhilipíneacha, áit ar mharaigh sé 20 duine, agus ansin Oileán Hainan sa tSín, áit ar mharaigh sé 2. Tharla an scrios agus an slad is mó, áfach, nuair a bhain an tíofún Vítneam amach.
Thosaigh Yagi amuigh i lár an Aigéin Chiúin agus bhog sé aneas tríd na hOileáin Fhilipíneacha agus tríd Oileán Hainan go dtí Vítneam
Bhuail Yagi cósta thuaidh Vítneam ar an 7ú Meán Fómhair agus thug sé gaotha de 160km san uair leis. Stróic na gaotha crainn amach as an talamh agus rinne dochar mór do thithe agus d’fhoirgnimh eile. Bhí ar níos mó ná 50,000 duine a dteach a fhágáil agus fágadh chóir a bheith milliún teach eile gan leictreachas. Mar aon leis na gaotha láidre, thug Yagi fearthainn iontach trom leis. Bhí tuilte ann agus sciobadh droichid agus roinnt tithe ar shiúl.
Thug Yagi gaotha láidre agus fearthainn throm leis go Vítneam (pic le Vladimir Bronnikov/Shutterstock)
Go dtí seo, tá níos mó ná 220 duine marbh i Vítneam agus tá 125 duine eile go fóill ar iarraidh. Tá fearthainn throm go fóill ann, rud nach bhfuil ag cuidiú le lucht tarrthála. Tá an lucht tarrthála buartha go bhfuil an chuid is mó de na daoine atá ar iarraidh marbh cheana féin.
Tharla tuilte mar gheall ar an fhearthainn throm go léir a thug Yagi leis
Nuair a d’fhág an stoirm Vítneam, rinne sé dochar mór i dtír eile darb ainm Maenmar. Ní raibh na gaotha chomh láidir céanna ach bhí cuid mhór fearthainne ann agus tharla níos mó tuilte. Tá na scéalta go fóill ag teacht isteach ach síleann lucht tarrthála i Maenmar go bhfuair ar a laghad 76 duine bás sna tuilte sin.
Tá muintir na hÁise cleachta le tíofúin nó tarlaíonn siad gach bliain. Tá an chuma ar an scéal, áfach, go bhfuil na stoirmeacha seo ag éirí níos láidre agus ag déanamh níos mó dochair, bliain i ndiaidh bliana agus is ábhar mór imní é seo do na daoine. Deir na heolaithe go bhfuil sé seo ag tarlú mar gheall ar an athrú aeráide.
An mbeidh ar mhuintir na hÁise éirí cleachta le dochar agus scrios gach bliain? (Pic le Newone CC BY-4.0 trí Wikimedia Commons)
Le plé / le déanamh
🌪️ Deir eolaithe go bhfuil an t-athrú aeráide ag tarlú mar gheall ar na gáis a chuireann na tíortha saibhre amach san atmaisféar. Cuid mhaith den am, áfach, is iad na tíortha is boichte a mhothaíonn na héifeachtaí is measa ón athrú aeráide. An síleann tú gur cheart do na tíortha saibhre níos mó a dhéanamh le cuidiú leo? Cad é mar a thiocfadh leo cuidiú?
🌪️ Thig le muintir na hÉireann a bheith buíoch nach mbuaileann stoirmeacha móra mar seo Éire, de ghnáth. Léigh an t-alt seo faoin chineál aimsire a bhíonn againn: Tuar na hAimsire