Aerárthach Othar

Déardaoin, an 12ú Meán Fómhair, 2024


An bhfaca tú otharcharr riamh? Is carr nó veain speisialta é an t-otharcharr a thagann amach ón otharlann le cuidiú le daoine atá go dona tinn.


De ghnáth, tagann otharcharr amach go gasta nuair a bhíonn timpiste ann, nó má bhuaileann taom croí nó tinneas eile an duine go tobann.


Nuair a bhíonn an t-otharcharr ag taisteal go gasta, bíonn a bhonnán ar siúl. Cluineann daoine eile an bonnán agus stopann siad nó bogann siad amach as an bhealach. Tugann seo spás don otharcharr dul tríd an trácht níos gasta.

(Cuireann an t-otharcharr a shoilse ag splancadh san oíche chomh maith agus é ag taisteal go gasta.)


Thig le hotharcharr taisteal go gasta. Ach, in amanna, ní bhíonn sé gasta go leor. (Deirtear, má bhíonn duine gortaithe go holc i dtimpiste, nó má bhíonn taom mór croí aige, caithfidh sé fáil chuig an otharlann taobh istigh d’uair go leith.) In amanna eile, ní bheidh otharcharr ábalta dul chuig an áit ina bhfuil an t-othar (mar shampla, amuigh ar thaobh an tsléibhe).

(Héileacaptar tarrthála páirceáilte ar thaobh an tsléibhe. Pic le Michael Derrer Fuchs/Shutterstock.com)


In am éigeandála mar sin, baintear úsáid as aerárthach othar. Is héileacaptar speisialta é an t-aerárthach othar, atá cosúil le hotharcharr ar an taobh istigh. Is féidir leis an aerárthach othar taisteal i bhfad níos gasta agus dul chuig áiteanna iargúlta nach dtéann bóthar chucu go fiú.

(pic le BBA Photography/Shutterstock.com)


Tá trí aerárthach othar in Éirinn, ceann amháin acu atá lonnaithe i Lios na gCearrbhach, Contae Aontroma, ceann eile atá lonnaithe i mBaile Átha Luain, Contae na hIarmhí, agus an tríú ceann i Ráth Cúil, Contae Chorcaí. Cuidíonn na trí héileacaptar speisialta seo le thart faoi 1,800 cás éigeandála in aghaidh na bliana.

(An t-aerárthach othar ag teacht go talamh ar dhíon na hotharlainne Ríoga i mBéal Feirste.)


Is carthanachtaí iad an trí sheirbhís sin. Faigheann siad cuid airgid ón rialtas, ach bíonn siad ag brath ar ghnáthdhaoine airgead a thabhairt dóibh chomh maith. Le cuidiú Dé, ní bheidh an tseirbhís seo de dhíth orainn choíche, ach is maith an rud go bhfuil sí ann.


Le plé

Ar chuala tú iomrá ar an aerárthach othar roimhe seo? Cad é atá ar eolas agat faoi?


Cén fáth a bhfuil aerárthach othar tábhachtach, dar leat?


Cad iad na dóigheanna ina mbeadh otharcharr agus aerárthach othar cosúil agus difriúil lena chéile?


Cad é an rud is mó a d’fhoghlaim tú ó bheith ag léamh an téacs seo? Ar chuir aon rud iontas ort?


I do bharúil, cad iad na scileanna / buanna a bheadh de dhíth ort le hobair a dhéanamh san aerárthach othar? Ar mhaith leat bheith ag obair ann nuair a bheidh tú níos sine?


Le déanamh

Aimsigh na háiteanna ina bhfuil na haerárthaigh othar lonnaithe ar léarscáil na tíre. Cé acu is cóngaraí don bhaile s’agat?


Tarraing póstaer d’otharcharr agus d’aerárthach othar. Cuir lipéid ar do phóstaer de na rudaí a tharraing tú i do phictiúr.



baruil