Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

Turas 8 lá a bheadh ann, a shíl siad. Cuairt ghasta ar an Stáisiún Spáis Idirnáisiúnta agus bheadh siad ar ais le bualadh lena dteaghlach agus lena gcairde. Ach ní hé sin an rud a tharla do Suni Williams agus Butch Wilmore agus tá seans go mbeidh orthu fanacht 8 mí sa spás! D’imigh siad isteach sa spás ar an 5ú lá Meitheamh nuair a bhí sibh go fóill ar scoil roimh an samhradh.
Butch Wilmore agus Suni Williams
Is spásairí iad Suni agus Butch a chuaigh suas go dtí an spás leis an spásárthach ‘Starliner’ a thástáil. Cé gur bhain siad an Stáisiún Spáis amach go slán sábháilte, bhí fadhbanna le Starliner. An tseachtain seo caite, d’imigh Starliner abhaile GAN an bheirt spásairí atá anois gafa sa spás. Tháinig Starliner ar ais abhaile slán sábháilte ach bhí imní ar NASA nach mbeadh sé slán go leor don bheirt phaisinéirí. Roimhe sin, bhí Starliner ag ligean amach héiliam agus bhí fadhb leis na mionroicéid a threoraíonn é.
Starliner
Ach níor chóir dúinn bheith ró-bhuartha faoi Suni agus Butch. Ní bheidh siad leo féin ar an Stáisiún Spáis, nó bíonn daoine eile ann chomh maith. Is féidir le seachtar fanacht ann ag am ar bith. San iomlán, bíonn daoine as 15 thír ann ag amanna éagsúla – sin an fáth a dtugtar ‘An Stáisiún Spáis Idirnáisiúnta’ air.
Deirtear go bhfuil an spás sa stáisiún chomh mór le teach sé sheomra codlata agus tá seomra aclaíochta fiú ann. Leis an fhírinne a dhéanamh, bíonn ar spásairí úsáid a bhaint as an seomra aclaíochta nó, gan domhantarraingt, ní bhíonn ar na matáin an oiread céanna oibre a dhéanamh agus éiríonn siad níos lú.
Tá an Stáisiún Spáis thart ar 400km os cionn an Domhain agus téann sé thart ar an Domhan ag luas 28,000 ciliméadar san uair. Sin 16 thuras thart ar an Domhan gach lá!
Le plé:
In bhur ngrúpaí, déanaigí liosta de na rudaí is mó a chronódh sibh dá mbeadh sibh gafa ar an Stáisiún Spáis Idirnáisiúnta. Pléigí an liosta le chéile agus déanaigí liosta de na cúig rud is mó.
Le déanamh:
Lig ort go mbeidh tú gafa ar an Stáisiún Spáis Idirnáisiúnta ar feadh 8 mí. Cad é mar a chuirfeá isteach an t-am?
Pictiúir:
Starliner: Keith J Finks / Shutterstock.com
Culaith spáis: Shutterstock-Pixelsquid / Shutterstock.com
An Domhan agus Starliner: Naeblys / Shutterstock.com
Suni agus Butch: bella1105 / Shutterstock.com