Obair tí

Dé Máirt, an 10ú Meán Fómhair 2024


*Obair na mban?



Ar chuala tú iomrá ar an fhocal tíos roimhe? Is seanfhocal é a bhfuil baint aige leis an fhocal “” nó “teach”. Ach cad is tíos ann? Bhuel, is é atá i gceist leis ná obair tí, nó, an obair ar fad a bhíonn le déanamh chun aire mhaith a thabhairt don teach.


Le fada an lá, ba iad na mná a bhí i mbun tís. Thug siad aire don teach agus don teaghlach. Bhí liosta mór oibre acu gach lá. De ghnáth, bhí ar na hiníonacha cuidiú lena mamithe chun an obair tí a dhéanamh. 

('Mamaí agus iníon ag dul don obair tí' le Julie de Graag - pic san fhearann phoiblí (CC 4.0) trí Flickr.com)


Ar dtús, bhí orthu an teach a ghlanadh. Bhí a lán oibre sa tasc sin - urláir a scuabadh, dustáil a dhéanamh ar an troscán, leapacha a chóiriú, éadaí a ní, srl.. Ar ndóigh, ní raibh sé furasta éadaí a ní sa seanam, ach oiread. Bhí ar na mná na héadaí a ní de láimh i mbáisín mór le huisce agus gallúnach. Bhí an obair sin crua tuirsiúil agus ghlac sé go leor ama fosta! Nuair a bhí sin uilig déanta, bhí ar na mná bochta bia a dhéanamh réidh don teaghlach chomh maith.

(Cailíní ar scoil i 1944 ag foghlaim an dóigh le héadaí a ní! Pic san fhearann phoiblí trí Wikimedia Commons)


Jab fadálach eile a bhí in ullmhú bia don teaghlach. Bhí ar na mná arán a bhácáil, glasraí a ghearradh agus iad a chócaráil thar thine le feoil nó iasc. Go minic, bhí orthu an fheoil nó an t-iasc a ghlanadh (a dhéanamh réidh) lena chócaráil. Mar shampla, bheadh orthu na cleití a bhaint de shicín, nó na putóga a bhaint den iasc. (UCH!)

(Bean i bPeiriú ag baint na cleití de shicín sula ndéanann sí an t-éan a chócaráil.) 


Thig leat a fheiceáil go raibh cuid mhór oibre le déanamh ag na mná agus iad i mbun tís! Ar mhaith leatsa do lá a chaitheamh ag tabhairt aire don teach (agus do na páistí ag an am céanna) ar an tseandóigh sin? Buíochas mór le Dia, gur athraigh an saol le caoga bliain, nó mar sin, anuas.


Sa lá inniu, tuigeann daoine gur cheart do na fir obair tí a dhéanamh fosta. Chomh maith leis sin, tá a lán uirlisí agus gléasanna againn anois a chuidíonn linn obair an tí a dhéanamh, ar bhealach níos gasta. Mar shampla, oigheann nó sorn, meaisín níocháin, folúsghlantóir, mias-niteoir, srl.


Anois, ar a laghad, tá seans ann go mbeidh an t-am agat do scíste a ligean i ndiaidh duit an obair tí a dhéanamh!


Le plé nó le déanamh

Cé a dhéanann an obair tí i do theach?

An mbíonn tú ag cuidiú leis an obair tí? Cad é an jab / Cad iad na jabanna a dhéanann tusa le cuidiú sa teach?

Ar feadh na mblianta, shíl na fir nach raibh sé deacair obair tí a dhéanamh. An aontaíonn tú leis an bharúil sin? Mínigh do fhreagra.

Ar mhaith leat bheith i do bhean tí fadó? Cad é mar a bhí an saol ag na mná tí, dar leat?

An síleann tú go bhfuil sé tábhachtach obair tí a dhéanamh? Mínigh do fhreagra.

Sa lá inniu, cad é an meaisín is mó a chuidíonn le daoine sa teach, dar leat? Cad é a dhéanann sé agus cad chuige ar phioc tú an meaisín sin?

Déan díospóireacht ranga ar an rún seo: “Tá jabanna áirithe ann atá oiriúnach do na fir agus jabanna eile atá oiriúnach do na mná. Obair na mban atá san obair tí.”




baruil