Lá an Teidí

Dé hAoine, an 6ú Meán Fómhair 2024


I Meiriceá, déanann a lán daoine ceiliúradh ar ‘Lá an Teidí’


Dúinne, agus daoibhse, níl rud ar bith speisialta faoin lá inniu. An 9ú lá de mhí Mheán Fómhair, an dara Luan den scoilbhliain, gnáthlá amach is amach! Ach, do chuid mhór daoine i Meiriceá, is lá an-speisialta é seo. Lá le ceiliúradh a dhéanamh ar chairde beaga clúmhacha – Lá an Teidí!


Bíonn teidí beag speisialta ag cuid mhór páistí. Téann an teidí a luí leo. Tabharfaidh an teidí croí isteach duit agus tú in ísle brí, am ar bith a mbíonn ceann de dhíth! Go fiú cuid mhaith daoine fásta, bíonn an teidí go fóill acu, i gcófra nó i dtarraiceán éigin!

Go fiú roinnt daoine fásta, is maith leo a dteidí go fóill!


Ach cad chuige a ndéantar ceiliúradh ar bhéirín bog ar an 9ú lá de mhí Mheán Fómhair? Baineann freagra na ceiste sin le stair an ‘Bhéirín Teidí’.


Theodore Roosevelt agus é in Arm Mheiriceá (an bhfaca sibh ‘Night at the Museum’ riamh?)

Bhí dúil mhór ag Theodore Roosevelt sa tseilg – seo é in 1885


Ar an lá seo, sa bhliain 1902, bhí Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá, Theodore Roosevelt, amuigh ag seilg in Mississippi Mheiriceá. Bhí grúpa fear ann ar an turas seilge seo agus mharaigh siad uilig ainmhí an duine – gach duine acu seachas an tUachtarán.

Cheap cúpla duine de fir seo béirín óg. Bhí an béar go fóill beo agus cheangail siad de chrann é. Dúirt siad leis an Uachtarán gur cheart dó an béar a scaoileadh ach dhiúltaigh Theodore! Dúirt sé go mbeadh sé cruálach neamhspórtúil an béar a scaoileadh mar sin. Chuir na nuachtáin ag an am suim mhór sa scéal. Tharraing fear darbh ainm Clifford Berryman cartún den scéal agus foilsíodh an cartún sa Washington Post.

An cartún a tharraing Clifford Berryman


Chonaic fear gnó darbh ainm Morris Michtom an cartún agus rinne sé béirín bog bréagach den bhéirín sa phictiúr. Thug sé ‘Teddy’s Bear’ air. ‘Teddy’ an leasainm a thug gach duine ar Theodore, cé go raibh fuath ag an Uachtarán ar an ainm seo! Rinne Morris cuid mhór de na béiríní seo, bhí gach duine ag iarraidh ceann a cheannach.

Ceann de na chéad bhéiríní a rinne Morris Michtom (ó 1903) – tá an ceann seo in Iarsmalann Smithsonian i Meiriceá

Pic le hIarsmalann Smithsonian (CC BY-SA 2.0) (ó Wikimedia Commons)

Mar a tharlaíonn sé, thosaigh fear eile as an Ghearmáin darbh ainm Richard Steiff, a dhéanamh béiríní boga in 1902 fosta. Ach, ní raibh baint ar bith ag béiríní Richard le scéal Theodore Roosevelt. I ndiaidh tamaill, áfach, tugadh ‘Teddy Bear’ ar gach béirín bog.

Cuid mhór ‘teidithe’ – cuid acu nach béiríní ar chor ar bith iad!


Sa lá atá inniu ann, tugaimid ‘Teddy Bear’ ar chuid mhór bréagáin bhoga, in amanna, ar bhréagáin nach béiríní iad ar chor ar bith! Agus cé gur chuir sé isteach ar Theodore nuair a thug daoine ‘Teddy’ air – is mar ‘Teddy’ is fearr a chuimhnítear air sa lá atá inniu ann!


Le plé / le déanamh

🧸 An bhfuil Teidí agatsa? Cén t-ainm atá air nó uirthi? Cad chuige a bhfuil sé speisialta? Thiocfadh leat pictiúr de a tharraingt nó a sheoladh isteach chugainn ag nuacht@aisaonad.org! 

🧸 An síleann tú go dtiocfadh leat Teidí deas a dhearadh do pháistí beaga? Ba bhreá linn pictiúr den smaoineamh s’agat a fheiceáil!


Tá an dá phictiúr de Theodore Roosevelt agus an cartún le Clifford Berryman san fhearann phoiblí agus fuarthas ó Wikimedia Commons iad.

baruil