Súil siar ar an samhradh

Dé hAoine, an 6ú Meán Fómhair 2024


Cén sórt samhraidh a bhí agat? An ndeachaigh tú áit ar bith spéisiúil nó an ndearna tú rud ar bith suimiúil? Ar an drochuair, ní raibh mórán de laethanta geala grianmhara againn an samhradh seo ach b’fhéidir go mbeidh samhradh beag againn i mí Mheán Fómhair! 

 

Agus muid ar ais ar scoil anois, ní miste súil siar a chaitheamh ar na rudaí is mó a tharla le linn an tsamhraidh, ar eagla gur chaill tú iad.

 

An Pholaitíocht

De ghnáth, ní tharlaíonn mórán le linn an tsamhraidh sa saol polaitíochta nó bíonn daoine ar saoire. Ach bhí difear mór ann an samhradh seo nó bhí olltoghchán sa Ríocht Aontaithe agus ó thuaidh chomh maith. Bhain Páirtí an Lucht Oibre an toghchán agus toghadh Keir Starmer ina Phríomh-Aire ann i mí Iúil.

Keir Starmer


(Faigh níos mó eolais ar chúrsaí vótála agus toghcháin san alt seo)

 

Kelly Harrington


Na Cluichí Oilimpeacha

Bhí na Cluichí Oilimpeacha ar siúl i bPáras sa samhradh agus bhí comórtas iontach maith ag Éirinn, an comórtas is fearr riamh. San iomlán, bhain Éire 7 mbonn ar fad, 4 bhonn óir san áireamh. Thóg Kelly Harrington bonn óir sa dornálaíocht, Daniel Wiffen ceann sa snámh, Rhys McClenaghan ceann sa ghleacaíocht agus bhí an chéad áit ag na rámhaithe Fintan McCarthy agus Paul O’Donovan chomh maith. Tá Éire sa 19ú háit ar liosta bonn an Domhain.

Rhys McClenaghan

Tá na Cluichí Parailimpeacha ar siúl faoi láthair i bPáras agus tá ag éirí go maith le foireann na hÉireann. An tseachtain seo, bhain Katie George Dunlevy bonn óir sa rothaíocht.

 

Cluichí Gaelacha

Bliain mhór d’Ard Mhacha a bhain Corn Shomhairle Mhig Uidhir den dara huair i bpeil na bhfear agus bhí bua ag Ciarraí ar Ghaillimh i bpeil na mban. Sa chamógaíocht, bhí an lá le Corcaigh agus bhí an bua ag an Chlár sa chluiche ceannais iománaíochta.


Craobhchomórtas Sacair na hEorpa

Cluiche teann a bhí ann idir Sasana agus an Spáinn sa chluiche ceannais den sacar a bhí ar siúl sa Ghearmáin i mí Iúil. Bhí foireann na Spáinne ró-láidir do Shasana agus thug siad an chraobh leo.

Foireann na Spáinne


Le plé/déanamh

Cad é an rud is suimiúla a tharla sa samhradh dar libhse? Pléigí seo in bhur ngrúpaí agus comhaontaígí ar rud amháin.

 

An nglacann tú féin páirt i gceann ar bith de na spóirt atá luaite anseo? Cad é mar a chaith tú féin an samhradh leis an spórt seo?

 

An raibh tú ag amharc ar spórt ar an teilifís? An spreagann seo daoine le páirt a ghlacadh sa spórt, dar leat? Nó an éiríonn daoine leisciúil os comhair an teilifíseáin?


Pictiúir:

Keir Starmer: Michael Tubi / Shutterstock.com

Ard Mhacha: frank333 / Shutterstock.com

Kelly Harrington: LiamMurphyPics / Shutterstock.com

Rhys McClenaghan: LiamMurphyPics / Shutterstock.com

An Spáinn: Marta Fernandez Jimenez / Shutterstock.com



baruil