Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

Tá Rang 7 as Gaelscoil Aodha Rua, Dún Geanainn, i nGaeltacht Dhún na nGall faoi láthair – seo iad inné!
An dtéann do scoil ar thuras Gaeltachta? Is turas bliantúil é seo a dhéanann na daltaí is sine sa bhunscoil, de ghnáth. Is áit speisialta í an Ghaeltacht ina bhfuil an Ghaeilge mar an phríomhtheanga laethúil ann. Labhraíonn daoine Gaeilge sna siopaí, ag an dochtúir, sna hionaid shóisialta agus ar an tsráid. Bíonn an Ghaeilge fite fuaite i ngach gné den saol.
Bíonn cuid de na radhairc is áille ar fáil sa Ghaeltacht
Téann daltaí Gaelscoileanna chuig an Ghaeltacht le blaiseadh a fháil ar an Ghaeilge agus í á húsáid mar theanga phobail. Is eispéireas iontach é do dhaoine óga nach raibh ann riamh. Mura raibh tú féin ann, is seans maith duit é do chuid Gaeilge a chleachtadh agus grá níos doimhne a bheith agat don teanga.
I gcás chuid mhaith de na páistí, is é seo an chéad uair a bheidh siad ar shiúl ón bhaile gan daoine ón teaghlach nó caomhnóirí a bheith leo. Ó am go chéile, bíonn cumha ar dhaoine, ach bíonn do chuid cairde uilig thart ort agus beidh tú sa bhaile arís i gceann cúpla lá.
Baineann a lán staire leis an Ghaeltacht
Is minic a dhéanann scoileanna beaga an turas le scoil nó dhó eile agus bíonn craic mhór ag gach duine, ag bualadh le cairde nua. Cuid mhaith den am, eagraítear imeachtaí do na páistí, tráth na gceist, mar shampla, nó siúlóidí, agus bíonn céilí mór ar an oíche dheireanach, de ghnáth.
Is baile Gaeltachta é an Daingean i gContae Chiarraí
Thig leat bheith cinnte faoi rud amháin nuair a thagann tú ar ais ón turas Gaeltachta, is é sin go mairfidh na cuimhní ar feadh do shaoil!
Tá cuid mhaith den Ghaeltacht ar an chósta thiar.
Le déanamh:
An raibh tú ar thuras Gaeltachta go fóill? Cad iad na rudaí is mó a bhfuil cuimhne agat orthu? Nó an bhfuil tú ag fanacht dul ar thuras Gaeltachta? Cad iad na rudaí is mó a bhfuil tú ag dúil leo?
Pictiúir:
Comhartha Gaeltachta: Remizov / Shutterstock.com
An Daingean: makasana photo / Shutterstock.com