Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

Cuirfear tús le comórtas mór spóirt Dé hAoine. Beidh an chéad chluiche de Chorn na hEorpa sa sacar ar siúl sa Ghearmáin ar an lá sin, an Ghearmáin in éadan na hAlban. Ar na foirne móra a bheas ann, beidh Sasana, an Fhrainc, an Spáinn, an Phortaingéil agus an Ghearmáin, ar ndóigh. Is é Sasana rogha na coitiantachta i mbliana, cé nár bhain siad an comórtas seo riamh. An t-am deireanach, chaill foireann Gareth Southgate in éadan na hIodáile sa chluiche ceannais.
Gareth Southgate, Bainisteoir Shasana
San iomlán, tá 24 tír ag glacadh páirt sa chomórtas ach, ar an drochuair, níor éirigh le foireann as Éirinn áit a fháil ann an iarraidh seo. Is é seo an chéad uair a bheidh an tSeoirsia, atá suite ar an taobh eile den Eoraip, sa chomórtas. Cé nach bhfuil Éire san iomaíocht, seans maith go mbeidh aithne againn ar chuid de na himreoirí móra a bheas ag glacadh páirt ann.
Jude Bellingham
Imríonn Jude Bellingham do Shasana agus tá a chlub, Real Madrid, i ndiaidh La Liga agus Sraith na gCuradh a bhaint i mbliana. Cé nach bhfuil ach 20 bliain aige, beidh sé ag cuidiú le Harry Kane, Bukayo Saka agus Phil Foden scóráil.
Mbappé – an peileadóir is fearr ar domhan?
Is peileadóir de chuid na Fraince é Kylian Mbappé atá ag déanamh a bhealaigh anois chuig Real Madrid. Deirtear go bhfuil Mbappé ar dhuine de na peileadóirí is fearr ar domhan ag an bhomaite agus bíonn sé ábalta cúl a scóráil, chóir a bheith am ar bith.
Florian Wirtz na Gearmáine
Níor chaill Bayer Leverkausen ach cluiche amháin i mbliana, sin i gcluiche ceannais Shraith Europa. Duine de na daoine a bhí chun tosaigh sna cluichí sin ná Florian Wirtz a bheas ag imirt don Ghearmáin.
Ronaldo – róshean?
In aois a 39 bliain, beidh Cristiano Ronaldo ag imirt i gCorn na hEorpa den séú huair! San iomlán, scóráil sé 14 chúl sa chomórtas. Ach, an bhfuil sé ró-shean anois? Sin an cheist a bheas daoine ag cur ar a chéile.
Rodri na Spáinne
Deirtear go mbeidh an Spáinn ag brath go mór ar an pheileadóir Rodri a imríonn do Manchester City. D’éirigh go geal le City i mbliana, ar ndóigh, ach an mbeidh Rodri ábalta an draíocht sin a thabhairt ar ais go dtí an Spáinn? Beidh le feiceáil.
Harry Kane Shasana
Beidh freagraí na gceisteanna seo uilig againn faoin am a dtiocfaidh an cluiche ceannais a bheas ar siúl i mBeirlín ar an 14ú Iúil.
Le plé:
San alt, luaigh muid aois chuid de na peileadóirí. An bhfuil sin cothrom, dar leat? An ndéanann sé difear má tá an duine ag imirt go maith? Nó an síleann tú gur chóir do dhaoine cosúil le Ronaldo éirí as ag 35, nó mar sin? Cad é an aois ar chóir do pheileadóirí éirí as?
Le déanamh:
Beidh Corn na hEorpa ar siúl sa Ghearmáin. Faigh amach agus scríobh síos 5 fhíric faoin Ghearmáin (mar shampla, cén teanga a labhraíonn siad, cad é an phríomhchathair, cá mhéad duine atá ina gcónaí ann).
Pictiúir:
Liathróid agus Corn: fifg / Shutterstock.com
Ronaldo: Maciej Rogowski Photo / Shutterstock.com
Mbappé: Victor Velter / Shutterstock.com
Bratach: rarrarorro / Shutterstock.com
Southgate: Fabrizio Andrea Bertani / Shutterstock.com
Bellingham: Marta Fernandez Jimenez / Shutterstock.com
Wirtz: Orange Pictures / Shutterstock.com
Rodri: Ververidis Vasilis / Shutterstock.com
Harry Kane: Vincenzo Izzo / Shutterstock.com