Gabhar Gafa

An 6ú Meitheamh, 2024

Chonaic daoine an gabhair ar bharr an chaisleáin ag deireadh na seachtaine seo caite (pic le caoinchead an ISPCA)

Tá gabhar beag ag teacht chuici féin anois i ndiaidh di bheith gafa ar bharr caisleáin ar feadh cúpla lá. Bhí an meannán gafa ar bharr ‘an Chaisleáin Nua’, in áit darb ainm ‘an Caisleán Nua’ (fuair an baile beag a ainm ón chaisleán) in Inis Eoghain, i gContae Dhún na nGall. 


An Caisleán Nua – an méid atá fágtha den chaisleán a thóg Risteard Óg de Búrca in Inis Eoghain thart ar 720 bliain ó shin – gach seans gur seo an chéad uair a sheas gabhar ar a bharr!


Ba Normannach é Risteard Óg de Búrca. Thóg sé an caisleán in 1305 le cuidiú leis féin smacht a fháil ar Loch Feabhail agus le cuidiú leis na Normannaigh greim níos fearr a fháil ar Chúige Uladh. Níor mhair smacht na Normannach rófhada sa cheantar, áfach nó ghlac Muintir Uí Dhochartaigh seilbh ar an chaisleán nuair a maraíodh garmhac Risteaird, Liam de Búrca, in 1333.

Fuair an baile, an Caisleán Nua (nó Greencastle, i mBéarla) a ainm ón chaisleán, i nGaeilge agus i mBéarla. Bhí clú ar an Chaisleán Nua le fada an lá mar bhaile iascaireachta.

Lá den saol, bhíodh an Caisleán Nua i gcónaí líon lán bád iascaireachta ach ní bhíonn an oiread céanna bád ann sa lá atá inniu ann

Ballygally View Images / Shutterstock.com


Tá sé de chlú ar na gabhair go bhfuil siad iontach maith ag dreapadh


Nuair a chonaic daoine í ar dtús, shíl siad go mbeadh sí ábalta dreapadh anuas léi féin nó tá sé de chlú ar na gabhair gur dreapadóirí maithe iad. Ach nuair a chonaic daoine nach raibh sí ag bogadh ón áit a raibh sí, agus gur meannán óg a bhí inti, chuir daoine scairt ar Chumann na hÉireann um Fhóirithint ar Ainmhithe, nó an ISPCA, mar a thugtar orthu.

D’éirigh daoine buartha nuair nár tháinig an gabhar beag anuas (pic le caoinchead an ISPCA)


Bhí ar an Cheannfort Kevin McGinley, cigire leis an ISPCA, dreapadh suas go barr an chaisleáin le tarrtháil a dhéanamh ar an ghabhar. Nuair a bhain sé an barr amach, chonaic sé an fáth nach raibh an meannán ag bogadh – bhí cos bhriste aici! Thóg sé í go cúramach agus dhreap sé síos go talamh arís.

Thug Kevin an meannán beag ar ais go talamh (pic le caoinchead an ISPCA)


Thug Kevin an meannán chuig an tréidlia áitiúil agus chuir siad cóir leighis ar an chos bhriste. Tá an gabhar ag teacht chuici féin anois in ionad an ISPCA i Ráth Mealtain. Beidh uirthi a scíth a ligean go ceann 6 seachtaine, ar a laghad. Ach, ina dhiaidh sin, deir an ISPCA go mbeidh sí ‘ar ais ar a seanléim’ arís, nó, arbh fhearr, ‘a léim óg’ a rá?

Chuir an tréidlia plástar ar chos bhriste an ghabhair (pic le caoinchead an ISPCA)

Tá Ivy ag ligean a scíste anois in ionad an ISPCA i Ráth Mealtain (pic le caoinchead an ISPCA)


Cibé ar bith, deir an ISPCA go mbeidh siad ag cuardach baile úr don mheannán, ar thug siad Ivy uirthi, mar gheall ar an eidhneán atá ag fás ar bhallaí an chaisleáin. 

Is breá le meannáin bheith ag léimneach thart agus ag súgradh. Tá frása sa Ghaeilge – ‘chomh meidhreach le meannán’ nó ciallaíonn meidhreach lán spraoi!


Le plé agus le déanamh

🐐 ‘Meannán’ an t-ainm atá ar ghabhar óg, mar rang, déanaigí iarracht teacht aníos le liosta d’ainmhithe óga eile. Cá mhéad ceann a dtig libh smaoineamh orthu. 

🐐 Ar thug tusa tarrtháil ar ainmhí riamh? Abair leis an rang faoi dtaobh de.

🐐 Thug an ISPCA ainm Béarla ar an ghabhar óg. Mar rang, an dtig libh smaoineamh ar ainm maith Gaeilge di?

🐐 Ar mhaith leatsa Ivy a ghlacadh isteach mar pheata? Cén fáth? Mínigh do fhreagra. An mbeadh sé ciallmhar agat í a ghlacadh isteach mar pheata?


Ba mhaith le NuachtAnois buíochas a ghabháil leis an ISPCA as cead a thabhairt dúinn a gcuid pictiúr d’Ivy a úsáid san alt seo.


baruil