Lá Domhanda an Chomhshaoil

An 5ú Meitheamh, 2024



Inniu, an 5ú Meitheamh, Lá Domhanda an Chomhshaoil. Baineann an ‘comhshaol’, nó an ‘timpeallacht’ le gach rud atá beo agus an dóigh a mbíonn siad ag brath ar a chéile, ón rud is lú go dtí an rud is mó. Mar shampla, bíonn plandaí áirithe ag brath ar ainmhithe lena gcuid síolta a scaipeadh. Itheann ainmhithe cosúil leis an antalóp plandaí le fanacht beo agus itheann creachadóirí cosúil leis an leon an t-antalóp. Is cineál de shlabhra é. Ní itheann an leon GACH antalóp nó ní bheadh antalóp ar bith fágtha i ndiaidh tamaill.

Síota ag iarraidh teacht ar antalóp

Chuir na Náisiúin Aontaithe tús leis an lá seo sa bhliain 1972 le haird a dhíriú ar na fadhbanna comhshaoil ar fud an domhain. Sa lá inniu, tá an téamh domhanda ina fhadhb mhór agus is gá dúinn athruithe móra a dhéanamh leis an comhshaol a chosaint. Ceann de na cúiseanna is mó atá leis an téamh domhanda ná nuair a bhíonn daoine ag dó gáis, guail nó ola.

Tá sprioc ag na rialtais ar fud an domhain an téamh domhanda a choinneáil thíos faoi 1.5C. Leis sin a dhéanamh, beidh orainn an méid dé-ocsaíd charbóin, agus gáis eile a chuireann le téamh domhanda, a laghdú faoina leath faoi 2030. Ciallaíonn sé sin go mbeidh orainn níos mó dár bhfuinneamh a fháil ó fhoinsí in-athnuaite.

Foinsí fuinnimh in-athnuaite

Fadhb eile atá ag cur isteach ar an chomhshaol ná fadhb an phlaistigh. Mar shampla, bíonn buidéil phlaisteacha le feiceáil go minic ar an trá agus san fharraige. Nuair a bhriseann na buidéil seo síos, fanann an plaisteach ar feadh na gcéadta bliain. San am sin, itheann éisc agus ainmhithe é agus déanann sé dochar dóibh.

Tuigeann eagraithe an lae seo go mbeidh muid níos éifeachtaí má oibríonn gach duine ar domhan le chéile. Ach, ag an am céanna, caithfidh gach duine tosú lena shaol féin. Ní neart go cur le chéile, mar a deir an seanfhocal.


Le déanamh:

An dtig leat smaoineamh ar dhóigheanna a dtiocfadh leat féin cuidiú leis an chomhshaol. Smaoinigh ar dhóigheanna le níos lú fuinnimh a úsáid nó fuinneamh in-athnuaite a úsáid. Déan liosta.


Léigh tuilleadh faoin téamh domhanda anseo.


Éist leis na páistí seo as Contae an Dúin ag labhairt ar an tábhacht atá lenár gcomhshaol…

Físeán le Comhairle an Iúir, Mhúrn agus an Dúin

baruil