Louis Braille

An 31ú Bealtaine, 2024


Rugadh Louis Braille ar an 4ú lá de mhí Eanáir 1809, i mbaile beag taobh amuigh de Pháras na Fraince. Oideoir agus aireagóir a bhí ann. Níor tharraing sé a lán clú air féin le linn a shaoil, ach, sa lá atá inniu ann, tá clú agus cáil air ar fud an domhain.

An teach inar tógadh Louis Braille


Ach ‘cad chuige?’ a deir sibh! Bhuel, ba é Louis Braille a chéadcheap córas a chuideodh le daoine a bhí dall chun léamh agus scríobh. Agus cad chuige a ndearna sé sin? Bhuel, ní hamháin go raibh sé cliste, ach bhí sé féin dall!

Pictiúr de Louis Braille


Le fírinne, bhí Louis Braille breá ábalta feiceáil go dtí go raibh sé trí bliana d’aois. Ach ansin, lá amháin, bhí sé ag súgradh in ionad oibre a dhaidí nuair a tharla timpiste dó. Bhí siopa ag daidí Louis ina ndearna sé agus inar dhíol sé úmacha do chapaill agus ba. Tharla go raibh Louis óg ag súgradh le meana nuair a bhuail sé a shúil leis de thaisme.

Capall ag caitheamh úma chun é a cheangal de chairt, mar shampla

Samplaí de mheanaí - an uirlis lena raibh Louis óg ag súgradh nuair a ghortaigh sé é féin


D’ainneoin iarrachtaí na ndochtúirí, ní raibh leigheas le fáil ar an chneá. Agus, leis an scéal a dhéanamh níos measa, tháinig ionfhabhtú ar a shúil ghortaithe agus spréigh an t-ionfhabhtú chuig an tsúil eile. Faoin am a raibh sé cúig bliana d’aois, bhí Louis beag bocht iomlán dall. Ag an am, níor thuig sé cén fáth nach raibh sé ábalta feiceáil agus ba mhinic a chuir sé ceist ar a theaghlach “Cad chuige a bhfuil sé chomh dorcha?”

Níor thuig Louis óg cén fáth nach raibh solas le feiceáil aige níos mó 😔


Bhí Louis cliste agus bhí a thuismitheoirí ag iarraidh go mbeadh oideachas aige. Ní raibh seo coitianta ag an am do dhaoine a bhí dall. Is minic a fágadh iad i gcoirnéal an tí mar shíl daoine nach dtiocfadh leo rud ar bith a dhéanamh. Ach rinne daidí Louis bataí dó le cuidiú leis a bhealach a dhéanamh thart faoin sráidbhaile inar chónaigh siad.

Tá an páiste seo ag aimsiú a bhealach thart ag úsáid bata, mar a rinne Louis fadó


Faoin am a raibh Louis deich mbliana d’aois, d’aithin na múinteoirí agus na sagairt ina scoil agus ina shráidbhaile féin go raibh sé an-chliste agus an-díograiseach. Ní raibh mórán scoileanna ar domhan ag an am sin do phaistí a bhí dall, ach bhí an t-ádh ar Louis go raibh ceann amháin ann i bPáras. Is ansin a chuaigh sé nuair a bhí sé deich.

Ní minic a fuair páistí a bhí dall an deis dul ar scoil sa sean-am


D’fhoghlaim Louis an dóigh le “léamh” ar an scoil sin mar go raibh cuid leabhar déanta go speisialta acu le litreacha ardaithe troma iontu. Ach ní raibh an dóigh seo iontach sásúil mar ní raibh leabhar ar bith eile mar sin ar fáil. Chomh maith leis sin, ní bheadh na páistí dalla ábalta scríobh ar an dóigh seo iad féin choíche.

An aibítir sa chóras Braille


Mar sin de, tháinig Louis Braille aníos lena chóras scríofa agus léite féin. D’úsáid an córas s’aige dhá cholún de thrí phonc. Leis an uasmhéid de sheisear ponc, bhí sé ábalta gach litir a léiriú. Bhí an córas seo furasta ag daoine dalla le léamh trína mhothú lena lámha. Bhí sé furasta fosta chun teachtaireachtaí a scríobh mar nach raibh de dhíth ort ach páipéar tiubh agus peann nó stíleas chun na poncanna a bhrú isteach ar an pháipéar. Dhear Louis Braille gráta speisialta le cur ar an pháipéar chomh maith, ar mhaithe leis an scríbhneoireacht. D’úsáid daoine dalla an gráta le bheith cinnte de go raibh na poncanna a rinne siad ag dul trasna i línte mar is ceart.

Sa lá atá inniu ann, bíonn Braille in úsáid i gcuid mhór áiteanna


Le plé agus le déanamh

Cá mhéad bliain ó shin a rugadh Louis Braille?

An féidir leat Braille a aimsiú áit ar bith eile thart ort? (Déan liosta de na háiteanna ina mbíonn sé le sonrú.)

Chuidigh an córas Braille go mór le daoine a bhí dall. Cad iad na difríochtaí a rinne sé ina saol, meas tú?

An féidir leat smaoineamh ar dhuine ar bith eile a chéadcheap rud ar bith atá úsáideach ag daoine atá faoi mhíchumas de chineál éigin?

Fiosraigh saol Louis Braille agus scríobh tuairisc faoi, nó, fiosraigh aireagóir clúiteach eile agus scríobh tuairisc faoi nó fúithi.


Creidiúintí

baruil