Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

Seo rud is féidir leat a thriail. Faigh buidéal a bhfuil claibín air. Cas an claibín lena oscailt. Go dtí le gairid, imíonn an claibín ón bhuidéal ach leis na buidéil nua, fanann sé ceangailte. Ar thug tú sin faoi deara go fóill? An chéad uair a tharlaíonn sé, síleann daoine nach bhfuil ann ach nár gearradh an claibín i gceart. Ach ní rud randamach é seo – tá sé ann d’aon turas.
Mar is eol dúinn uilig, tá a lán plaistigh sa domhan agus déanaimid tuilleadh gach bliain. Má amharcann tú ar an trá nó san fharraige, bíonn a lán buidéal plaisteach le feiceáil ina lán áiteanna. Níos measa ná sin, nuair a bhriseann an plaisteach seo síos, téann na píosaí bídeacha plaistigh gach áit, i gcorp na n-iasc san fharraige agus i gcorp na daoine a itheann iad. Tá an oiread sin plaistigh thart nach féidir linn éalú uaidh.
Cad é is féidir linn a dhéanamh faoin fhadhb seo, mar sin? An chéad rud ná úsáid a bhaint as rudaí is féidir a úsáid arís agus arís eile. Má bhíonn buidéal uisce agat agus má líonann tú é nuair a bhíonn uisce de dhíth ort, ní bheidh tú ag cur buidéil phlaisteacha sa bhosca bruscair.
Claibíní á n-athchúrsáil
An dara rud is féidir a dhéanamh ná athchúrsáil a dhéanamh ar an phlaisteach atá ann cheana féin. Leis sin a dhéanamh, is gá na buidéil phlaisteacha uilig a chur isteach sa bhosca athchúrsála. Agus sin an fáth a bhfuil an buidéal nua againn. Nuair a chaith daoine an buidéal sa bhosca bruscair nó sa bhosca athchúrsála, ba mhinic a rinne siad dearmad ar an chlaibín. Ní thig leat dearmad a dhéanamh air má bhíonn sé ceangailte den bhuidéal!
Ar ndóigh, níl gach duine ag aontú leis an athrú nua. Deir cuid de na daoine nach féidir leo an scriú-chlaibín a chasadh ar ais ar an bhuidéal arís. Bíonn daoine ag gearán faoin deoch a dhoirteadh thart orthu féin nó a mbéal a ghortú fosta.
Cé go bhfuil siad beag, tá á lán claibíní plaisteacha thart.
Le déanamh:
Ar thriail tú na buidéil nua go fóill. An dtig leat an claibín a chasadh ar ais. An rud maith é? Scríobh dhá liosta, na buntáistí agus na míbhuntáistí. Cé acu liosta is faide? Labhair le do chara. An raibh an liosta céanna aige nó aici?
Foghlaim tuilleadh faoin athchúrsáil anseo.
Foghlaim faoin dóigh a dtéann plaisteach isteach ar ainmhithe san alt seo.
Le plé:
An fiú giota beag trioblóide a chur ar dhaoine leis an rud ceart a dhéanamh? An bhfuil sé cothrom orthu? An bhfuil dóigheanna níos fearr ann le nósanna daoine a athrú? In bhur ngrúpa, nó i mbeirteanna, déan an dá argóint seo a phlé.