Teach Saoire ar Cíos*

An 17ú Bealtaine, 2024

*Ach b’fhearr duit é a sheachaint, más suansiúlóir thú!


Ar chuala tú iomrá ar Airbnb riamh? Is comhlacht iad a chuidíonn le daoine a dteach féin a ligean amach ar cíos mar theach saoire. Sa lá atá inniu ann, stopann a lán daoine i dtithe ‘Airbnb’ nuair a théann siad ar saoire.

Cuardaíonn daoine an teach saoire ar líne


Tá Airbnb thar a bheith maith do na daoine ar leo na tithe, nó, má tá ‘teach sa bhreis’ agat, is bealach measartha furasta é le hairgead a dhéanamh. Faigheann tú méid áirithe airgid as gach oíche a fhanann daoine i do theach. 

Thig le daoine cuid mhór airgid a dhéanamh tríd Airbnb má tá teach le ligean ar cíos acu


Tá go leor daoine ann, áfach, a shíleann go bhfuil Airbnb i ndiaidh dochar mór a dhéanamh i roinnt mhaith ceantar, go háirithe na ceantair a mbíonn a lán turasóirí ag tarraingt orthu. Mar shampla, más duine óg thú atá ag iarraidh teach a fháil ar cíos i nGaoth Dobhair nó i gConamara nó i gCorca Dhuibhne – níl mórán tithe ar fáil. Teach ar bith atá folamh, gach seans go bhfuil sé ar Airbnb! Gheobhaidh an duine ar leis an teach i bhfad níos mó airgid tríd Airbnb nó mar a gheobhadh sé nó sí tríd an teach a ligean ar cíos ar feadh tamall fada le gnáthdhuine! 

Mura mbíonn daoine óga ábalta teach a aimsiú ina gceantar féin, beidh orthu bogadh go dtí ceantar eile


Ach má chuirimid an argóint sin ar leataobh, tá Airbnb i ndiaidh scéal iontach suimiúil a chur amach an tseachtain seo, go háirithe má tá suim agat sna scannáin agus sna réaltaí móra. Tá siad i ndiaidh catagóir nua a chur lena suíomh idirlín darb ainm ‘Sa Táin’.

Is scéal thar a bheith clúiteach draíochtach éachtach é scéal Táin Bó Cuailgne, ar ndóigh. Mar sin, seo tithe atá lán chomh draíochtach, a bhfuil scéal iontach clúiteach ag baint leo agus a tharraingíonn aird daoine!

Táin Bó Cuailnge – scéal mór lán laochais faoin bhanríon Méabh agus Cú Chulainn agus an troid mhór eatarthu. Má deir tú go bhfuil rud ‘Sa Táin’, ciallaíonn sé sin gur rud éachtach draíochtach atá ann agus gur fiú finnscéal a scríobh faoi. 


Agus, níl rud ar bith ar domhan a tharraingeodh d’aird níos mó ná teach atá ceangailte de na céadta céadta balún agus atá crochta san aer! An bhfaca sibh an scannán ‘Up’ riamh? Tá Airbnb agus an comhlacht Disney Pixar i ndiaidh teacht le chéile leis an teach as an scannán sin a ligean amach ar cíos!

Ar mhaith leatsa an oíche a chaitheamh sa teach seo?

Pic le Ryan Lowry


Thig leat siúl isteach ann nuair a bhaineann tú an teach amach, ach ansin…

Pic le Airbnb


Téann sé ‘Up’, mar a deir an scannán!

Pic le Airbnb


Tá an teach suite i Stát Meicsiceo Nua i Meiriceá. Deir Airbnb go n-oibríonn achan uile rud sa teach mar a bheadh gnáth-theach ann. (I dtaca le leithris agus cúrsaí uisce, níl a fhios againn cén dóigh a n-oibríonn siad ach dar le Airbnb go n-oibríonn!). An t-aon chomhairle a bheadh againn duit – más suansiúlóir thú, b’fhearr duit an teach seo a sheachaint!

Mar fhocal scoir, ní hé Teach Pixar an t-aon teach atá sa Táin   – tá roghanna eile ann fosta…

Thiocfadh leat an oíche a chaitheamh i Músaem Ferrarri…

Ar mhaith leat an oíche a chaitheamh anseo?


Thiocfadh leat cúpla lá a chaitheamh i dteach mór X-Men…

An mbeifeá compordach i dteach na sárlaochra?


Nó, thiocfadh leat bogadh isteach in intinn Riley don deireadh seachtaine!

Beidh an scannán Inside Out 2 ag teacht amach níos moille i mbliana agus, leis sin a cheiliúradh, beidh Disney Pixar agus Airbnb ag comhoibriú arís lena ligean do dhaoine stopadh in intinn Riley ar feadh tamaill!


Cén áit ar mhaith leatsa dul ar laethanta saoire?


Le plé

🏠 Tá tithe saoire luaite san alt seo. Smaoinigh ar na cineálacha eile áiteanna ina stopann daoine agus iad ar saoire (óstán, carbhán, puball srl.). Cén sórt áite arbh fhearr leatsa stopadh ann agus cén fáth?

🏠 Ar mhaith leatsa stopadh i dteach ‘Up’? Mínigh do fhreagra. An mbeifeá buartha faoi rud ar bith agus tú ann?

🏠 Dá dtiocfadh leatsa stopadh i dteach ar bith as scannán ar bith, cén teach a bheadh ann agus cén fáth?

🏠 Luaigh muid fáth amháin a mbíonn daoine míshásta le Airbnb. An dtig leat smaoineamh ar an taobh eile den argóint sin – na rudaí maithe a tharlaíonn i gceantair dhifriúla mar gheall ar Airbnb? Ar an iomlán, cad é do bharúil – an rud maith é Airbnb nó an drochrud é?


baruil