Mistéir na bPiongainí Óga

An 16ú Bealtaine, 2024

Tá Antartaice suite thíos ag bun an Domhain, sa leathsféar theas


Cónaíonn piongainí sa leathsféar theas den Domhan. Cónaíonn an chuid is mó acu in Antartaice, an t-aon mhór-roinn ar domhan nach gcónaíonn daoine go nádúrtha uirthi agus an mhór-roinn is fuaire agus is fiáine ar domhan. Mar sin, bíonn sé iontach doiligh staidéar ceart a dhéanamh ar phiongainí.

Tá Antartaice níos fuaire ná an tArtach – ní chónaíonn aon phobail nádúrtha daoine ansin (ach fanann roinnt eolaithe ansin, na laethanta seo)


Ceann de na piongainí is clúití ná an phiongain impireach. Cónaíonn piongainí impireacha sna ceantair is fuaire agus is iargúlta in Antartaice. An chuid is mó den am, an t-aon dóigh a dtig le heolaithe súil a choinneáil orthu agus staidéar a dhéanamh orthu ná tríd shatailítí a úsáid nó tríd rianaire raidió a cheangal de cheann nó dhó acu.


Is í an phiongain impireach an phiongain is mó den iomlán. Fásann siad suas le 1.2 méadar ar airde. Gach geimhreadh, téann na piongainí suas ar an oighear ar imeall na farraige le hóga a bheith acu.

Reonn an t-uisce san fharraige gach geimhreadh agus téann na piongainí suas ar an oighear


Nuair a bheireann an mhamaí ubh, fágann sí leis an daidí í. Coinníonn an daidí an ubh deas te i gcraiceann speisialta atá aige thíos in aice lena chosa. Imíonn an mhamaí ar ais chun na farraige agus fanann an daidí leis an ubh go dtí go dtagann an babaí piongaine amach. De ghnáth, fanann na daidithe suas le dhá mhí ar an oighear, gan rud ar bith a ithe, ag fanacht leis na babaithe.

Coinníonn an daidí an ubh te go dtí go dtagann an phiongain óg amach


Nuair a thagann na babaithe ar an saol, glacann na mamaithe agus na daidithe sealanna le bia a fháil dóibh. Fanann tuismitheoir amháin leis an éan óg a choinneáil te. Nuair a bhíonn na babaithe cúpla mí d’aois, agus láidir go leor le fuacht Antartaice a sheasamh, fágann na tuismitheoirí leo féin iad. Fanann na babaithe le chéile go dtí tús an earraigh i ngrúpaí móra agus coinníonn siad a chéile te. 

Nuair a bhíonn na piongainí óga mór go leor, fágann na tuismitheoirí leo féin iad. Fanann siad le chéile i ngrúpa


Nuair a éiríonn siad ró-ocrach, agus nuair a thosaíonn an t-oighear de bheith ag briseadh suas, bíonn a fhios acu go bhfuil sé in am acu aghaidh a thabhairt ar an fharraige.

Le tamall anuas, ní raibh na heolaithe iomlán cinnte cén dóigh ar éirigh le roinnt de na piongainí óga a mbealach a dhéanamh chuig an fharraige den chéad uair. Bhí na heolaithe ag amharc orthu ar an tsatailít.

Mhínigh scannánóir fiadhúlra, Bertie Gregory, an scéal:

Bertie Gregory

“Bhí muid ag amharc ar an tsatailít. Shiúil cuid mhór de na piongainí go dtí imeall an oighir, go dtí áiteanna a bhí íseal agus a mbeadh sé furasta léim isteach san fharraige. Ach, shiúil grúpaí eile go dtí aillte arda – ansin d’imigh siad! Níor thuig muid cén dóigh ar éirigh leo a mbealach a dhéanamh ó bharr na haille anuas go dtí an fharraige! Bhí sé mar a bheadh mistéir ann!”

An mhí seo caite, áfach, fuair Bertie freagra ar an mhistéir. Chuaigh sé féin suas ar an oighear agus lean sé grúpa mór piongainí. Thug sé a dhrón leis. Ní hamháin go bhfaca sé na piongainí óga ag léim den aill ard síos isteach san fharraige – fuair sé físeán de!

Na piongainí ag barr na haille – tá an ceart agat! Níl ach bealach amháin síos!

Pic le National Geographic/Bertie Gregory


Fuair Bertie pictiúir iontacha de na piongainí ag léim isteach san uisce

Pic le National Geographic/Bertie Gregory

“Níor chreid mé riamh go mbeadh siad ábalta léim ó áit chomh hard sin!” ar seisean.

An

An físeán a thóg Bertie (National Geographic/Bertie Gregory)

Foghlaim níos mó faoi léim na bpiongainí ag NatGeo.com


Síleann eolaithe gur rud measartha nua é seo. Ní bhíonn an t-oighear farraige céanna ann na laethanta seo, mar gheall ar an athrú aeráide. Bíonn ar na piongainí dul chuig talamh níos airde leis na huibheacha a choinneáil slán. Mar sin, bíonn bealach níos faide le dul ag cuid mhaith de na hóga anois, chun na farraige.

Mar gheall ar an athrú aeráide, bíonn níos lú oighir ann san fharraige gach bliain anois agus bíonn ar na piongainí taisteal níos faide leis na hóga a bheith acu


Le plé / le déanamh

🐧 Léigh siar ar an alt seo arís. Cén bhaint a bhí ag an athrú aeráide le léim ard na bpiongainí?

🐧 Déan taighde ar NuachtAnois – an dtig leat samplaí eile den tionchar a imríonn an t-athrú aeráide orainn a aimsiú?

🐧 Déan níos mó taighde ar phiongainí ar NA – an dtig leat 3 fhíric eile a aimsiú faoi na piongainí?

🐧 Is scannánóir fiadhúlra é Bertie. Caitheann sé a chuid ama ar fad ag iarraidh ainmhithe a scannánú in áiteanna difriúla ar domhan. Ar mhaith leat post mar sin? Cén fáth?

🐧 An dtig leat smaoineamh ar rudaí nach mbeadh maith faoi phost Bertie?


baruil