Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

An bhfaca tú clog mar seo riamh? B’fhéidir gur thug tú faoi deara é agus tú ag taisteal sa charr le duine fásta. Bíonn sé ar an deais in aice leis an roth stiúrtha. An bhfuil a fhios agat cad é atá ann? Mar a luaigh mé, tá sé cosúil le clog - ach ní insíonn sé an t-am duit. Cineál de chlog míleáiste atá ann. Thig leis an tiománaí a lán eolais a fháil ó bheith ag amharc ar an ‘chlog’ seo.
Seans go bhfuil tú ag smaoineamh gur gléas measartha nua atá sa ‘chlog míleáiste’, nó mílemhéadar, leis an ainm ceart a thabhairt air. An síleann tú gur cheap duine éigin an smaoineamh sin nuair a thosaigh daoine ag déanamh carranna? Bhuel, ní mar sin atá sé ar chor ar bith.
(pic de Hodometer anagoria trí Wikimedia Commons)
I bhfad sula raibh carranna ann, bhí mílemhéadair ann. Fiú sa chianaimsir, thaistil daoine thart i gcairteacha. In amanna, thaistil siad bealach fada agus bhí suim acu a oibriú amach cá fhad a thaistil siad. Taispeánann an pictiúr thuas macasamhail de chairt tomhais a bhí in úsáid in aimsir na Rómhánach le tomhas a dhéanamh ar fhad an bhóthair idir áiteanna. Ghabh na Rómhánaigh a lán tíortha thart orthu agus spréigh a n-impireacht ar fud chuid mhaith den Eoraip agus de thuaisceart na hAfraice agus fiú rud beag den Áise.
Ach, is dócha go mbímid ag taisteal níos faide anois inár gcarranna ná mar a thaistil na Rómhánaigh ina gcairteacha fadó. An chéad uair eile a bhíonn tú sa charr, tabhair faoi deara fad an turais ar an mhílemhéadar agus amharc ar an mhíleáiste iomlán atá déanta ag do charr.
I dtuaisceart na tíre seo, bíonn daoine ag úsáid mílte nuair a thomhaiseann siad fad. Ach i ndeisceart na tíre bíonn na faid scríofa mar chiliméadair ar na comharthaí bóthair.
Is féidir leat ciliméadair a mhalartú go mílte leis an riail seo:
‘Iolraigh faoi 5 agus ansin roinn do fhreagra ar 8’.
Mar shampla, 20 ciliméadar = ___ míle?
20 x 5 (= 100) roinnte ar 8 = 12.5
Mar sin, 20 ciliméadar = 12 ½ míle
Le plé nó le déanamh
I d’fhocail féin, mínigh cad chuige a mbíonn ‘clog míleáiste’ i gcarr. An bhfuil sé úsáideach do thiománaithe? Mínigh do bharúil.
Cad é mar a bhíonn clog míleáiste cosúil le fíorchlog? Cad é mar a bhíonn sé difriúil le fíorchlog?
Amharc ar an mhílemhéadar seo. Cá mhéad míle atá le tiomáint ag an charr sula mbainfidh sé 999,999 amach? Tarraing do mhílemhéadar féin ar chlár bán agus cuir figiúirí difriúla isteach. An dtig le do chairde a oibriú amach cá fhad atá le taisteal go dtí go mbainfidh sé 999,999 míle amach?
Déan rud beag taighde le heolas eile a aimsiú faoi aimsir na Rómhánach. Cuir an focal ‘Rómhánach’ isteach sa bharra chuardaigh ar Nuacht Anois.
Bain triail as méideanna difriúla ciliméadar a athrú go mílte tú féin. Cá mhéad míle atá mar an gcéanna le 24 ciliméadar, mar shampla?
(Is féidir leat seic a dhéanamh ar do fhreagra sa ghléas thíos. Má bhíonn uimhir dheachúlach mar fhreagra agat, an féidir leat í a shlánú go dtí an slánuimhir is cóngaraí?)