Tairseach Trasna na dTonnta 🔍

An 10ú Bealtaine, 2024

Má chónaíonn tú i mBaile Átha Cliath, nó má bhí tú ar cuairt san ardchathair an tseachtain seo, gach seans go bhfaca tú an ‘ealaín phoiblí’ is úire sa chathair. Tugtar ‘an Tairseach’ uirthi agus tá sí suite ar Shráid Uí Chonaill.

an Tairseach suite ar Shráid Uí Chonaill, in aice leis an ‘Túr Solais’ (nó an Spíce, mar a thugann muintir Bhaile Átha Cliath air), ealaín phoiblí eile ar shráid Uí Chonaill

Pic le caoinchead portals.org


Cé go dtugtar ‘ealaín phoiblí’ ar an Tairseach seo, tá i bhfad níos mó i gceist léi ná píosa ealaíne – is tairseach teicneolaíochta í seo. Ciallaíonn ‘tairseachleac an dorais. Caithfidh tú do chos a chur isteach thar an tairseach le dul isteach in áit úr. Sna scéalta ficsean eolaíochta, glacann tairseach chuig domhan nua thú, nó chuig am eile. Sna síscéalta, bíonn tairseacha ann go dtí an domhan eile. Bíonn tairseacha ann ar an idirlíon go fiú, a ligeann isteach chuig áit faoi leith thú.

Tairseach i scéal ficsean eolaíochta – doras chuig saol nua


An Tairseach úr seo i mBaile Átha Cliath – ní hamháin go nglacann sí siar san am thú (5 uair an chloig ⏰), glacann sí chuig áit i bhfad ar shiúl thú – níos mó ná 5,000km ar shiúl! (🌎 5,108km, le bheith cruinn.) An t-aon fhadhb, ní thig leat do chos a chur thar an tairseach seo, ach thig leat amharc isteach! Úsáideann an tairseach seo teicneolaíocht an idirlín le nasc fíorúil a dhéanamh idir Baile Átha Cliath agus cathair Nua-Eabhrac i Stáit Aontaithe Meiriceá.

D’oscail Daithí de Róiste, Ard-Mhéara Bhaile Átha Cliath, an Tairseach Dé Céadaoin

Pic le Robbie Reynolds Photography 


Thig leat amharc isteach am ar bith, lá nó oíche agus an méid atá ag tarlú ar an taobh eile den domhan, ar ‘Fifth Avenue, Broadway’ a fheiceáil. Ar ndóigh, ní hamháin go bhfuil 5,000km idir muid agus Meiriceá, tá 5 uair an chloig de dhifear ama eadrainn fosta. Nuair a bhíonn sé a 8 a chlog ar maidin againne, bíonn sé a 3 a chlog i Nua-Eabhrac – is maith an rud go ndeir siad gurb é Nua-Eabhrac an chathair nach dtéann a chodladh!

Bhí an bhean seo ábalta a deirfiúr, Aedi, i Meiriceá, a fheiceáil

Nasc fíorama idir Éire agus Meiriceá ar Shráid Uí Chonaill

Pictiúir le Robbie Reynolds Photography 


Bhí an bhean seo i Nua-Eabhrac ábalta a hiníon a fheiceáil in Éirinn

Pic le caoinchead portals.org (ó na meáin shóisialta)

Agus seo an iníon i lár Shráid Uí Chonaill ag an am céanna!

Pic le Robbie Reynolds Photography


Baineann Tairseacha BÁC agus Nua-Eabhrac le tionscadal a thosaigh ealaíontóir as an Liotuáin darb ainm Benediktas Gylys thiar sa bhliain 2016. Bhí seisean ag iarraidh go mbeadh na tairseacha seo mar a bheadh droichid ann, le daoine a thabhairt le chéile. D’oscail sé na chéad tairseacha i bpríomhchathair na Liotuáine, Vilnius, agus i gcathair Lublin na Polainne in 2021. Ón am sin, osclaíodh tairseacha i gcuid mhaith áiteanna eile ar domhan – na cinn seo i mBÁC agus Nua-Eabhrac ina measc. 

Benediktas agus a chairde ag obair ar cheann de na tairseacha

Bhí Benediktas ag iarraidh go dtabharfadh na tairseacha seo daoine le chéile

Pic le caoinchead portals.org


Tairseach eile a chruthaigh Benediktas

Pic le caoinchead portals.org


Fanfaidh an nasc idir muid agus SAM beo go dtí fómhar na bliana seo. Ar a bharr sin, i mí Iúil, osclófar ceangal idir BÁC agus cathracha eile, sa Bhrasaíl, sa Pholainn agus sa Liotuáin. Mar sin de, más mian leat féin amharc isteach tríd an tairseach seo, beidh ort do bhealach a dhéanamh go Baile Átha Cliath roimh dheireadh an tsamhraidh!

Tá Benediktas ag obair ar ghréasán de thairseacha in áiteanna difriúla ar domhan

Pic le caoinchead portals.org


Gníomhaíocht

🚪Is ceangal idirlín é seo, a ligeann duit daoine atá i bhfad ar shiúl a fheiceáil agus comhrá a dhéanamh leo.

  • Ar úsáid tusa teicneolaíocht mar seo riamh?
  • Cén duine is faide ar shiúl ar labhair tú leis nó léi?
  • Cad iad na rudaí a thaitníonn leat agus nach dtaitníonn leat faoin chineál teicneolaíochta seo?

🚪Más teicneolaíocht í an tairseach seo – cad chuige a bhfuil daoine ag tabhairt ‘ealaín phoiblí’ uirthi?

  • An dtig leat smaoineamh ar shamplaí d’ealaín phoiblí i do bhaile féin nó i mbaile atá cóngarach duit? An maith leat iad? Cén fáth?

🚪Dá dtiocfadh leatsa tairseach a chruthú idir an scoil s’agatsa agus áit éigin eile ar domhan, cén áit a bheadh ann agus cén fáth?


baruil