Lá na hEorpa 2024

An 8ú Bealtaine, 2024


Inniu ‘Lá na hEorpa’! Is lá é seo a cheiliúrann tíortha san Aontas Eorpach gach bliain ar an 9ú Bealtaine. Bíonn lá na hEorpa ann ar an 9ú Bealtaine mar gur ar an lá seo, sa bhliain 1950, a thug polaiteoir as an Fhrainc, Robert Schuman, óráid iontach tábhachtach faoi thíortha na hEorpa a bheith ag comhoibriú níos fearr lena chéile. Tugtar Dearbhú Schuman ar an óráid seo.

Robert Schuman (ag siúl isteach chuig Parlaimint na hEorpa in 1958)

Pic le grianghrafadóir anaithnid trí Wikimedia Commons CC0


Caithfidh muid cuimhneamh gur tharla sé seo 5 bliana i ndiaidh dheireadh an Dara Cogadh Domhanda, nuair a fuair na milliúin duine bás. Bhí go leor daoine beo ag an am seo fosta a chuimhnigh ar an Chéad Chogadh Domhanda. Bhí tíortha na hEorpa ag iarraidh a chinntiú nach dtarlódh cogadh eile eatarthu choíche go deo arís.

Baile beag sa Fhrainc a ndearnadh scrios air le linn an Dara Cogadh Domhanda – bhí daoine ag iarraidh a chinntiú nach mbeadh cogadh eile ann


Gual agus cruach – dhá rud a bhí iontach tábhachtach i monarchana sna 1950idí

An plean a bhí ag Schuman ná go mbeadh tíortha na hEorpa ag comhoibriú chun gual agus cruach a dhéanamh. Tá an gual agus an chruach iontach tábhachtach don chogaíocht.


Tá cruach de dhíth le gunnaí agus buamaí a dhéanamh. Tá an gual de dhíth leis na monarchana a dhéanann na gunnaí agus na buamaí a choinneáil ar obair. Mar sin, dá mbeadh tíortha na hEorpa ag obair le chéile le gual agus cruach a dhéanamh, is lú seans go rachadh siad a throid le chéile arís!

Mar sin, in 1951, tháinig 6 thír le chéile leis ‘an Chomhphobal do Ghual agus Chruach’ a dhéanamh. In 1958, thug siad Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa orthu féin. Chuaigh Éire isteach sa Chomhphobal seo in 1973. In 1993, d’athraigh siad a n-ainm arís go dtí an tAontas Eorpach. Sa lá atá inniu ann, tá 27 tír ina mball den Aontas Eorpach. 

Seo bratacha na dtíortha atá san Aontas Eoraip, ach an féidir leat ainm na tíre a chur le gach bratach? Tá 28 bratach thuas ach níl ach 27 tír san Aontas Eorpach, cén bratach ar ‘éan corr’ í?



Bratach an Aontais Eorpaigh taobh amuigh de Pharlaimint na hEorpa sa Bhruiséil

Tá bratach ghorm ag an Aontas Eorpach ar a bhfuil ciorcal de 12 réalta. 

Seasann an cruth ciorclach ina bhfuil na réaltaí don ‘Aontas’ – na tíortha a bheith le chéile, gan bhriseadh.

Roghnaíodh an uimhir 12 mar go seasann sí don fhoirfeacht – grúpa iomlán (mar shampla, 12 dheisceabal ag Íosa, 12 mhí sa bhliain srl.). Níl baint ar bith ag líon na réaltaí le líon áirithe tíortha.

An Saol san Aontas Eorpach

Tá cead ag saoránaigh san Aontas Eorpach cónaí agus obair a dhéanamh i dtíortha eile san Aontas, gan cead speisialta a fháil. 

Tá cead ag saoránaigh an Aontais Eorpaigh taisteal chuig tíortha eile san Aontas gan víosa


Thig le tíortha san Aontas Eorpach rudaí a dhíol agus a cheannach óna chéile gan airgead breise a íoc, agus úsáideann an chuid is mó de thíortha an Aontais an t-airgeadra céanna, an Euro.

D’fhág an Ríocht Aontaithe an tAontas Eorpach ar an 1ú Feabhra, 2020, ar ndóigh. Ciallaíonn sé seo go gcaithfidh Briotanaigh cead speisialta a fháil más mian leo dul a chónaí sa Fhrainc nó sa Spáinn. Ciallaíonn sé fosta nach bhfuil sé chomh furasta céanna ag an Bhreatain rudaí a dhíol leis an Eoraip. 

Más mian le tíortha taobh amuigh den Aontas Eorpach rudaí a dhíol leis an Eoraip, bíonn orthu airgead a íoc


Ach fágadh tuaisceart na tíre seo le cos amháin istigh san Eoraip agus cos amháin amuigh. Tá an Tuaisceart go fóill sa Ríocht Aontaithe, mar sin, níl siad san Aontas Eorpach. Ach tá cead acu trádáil leis an Eoraip gan fadhb ar bith. Ar a bharr sin, tá cead ag na saoránaigh Éireannacha uilig a chónaíonn sa Tuaisceart imeacht leo ar fud an Aontais Eorpaigh, go díreach cosúil le gach saoránach eile de chuid an Aontais!


Gníomhaíochtaí

🇪🇺 Tá 27 tír san Aontas Eorpach – déan taighde ar líne agus déan iarracht iad uilig a aimsiú. (B’fhéidir go gcuideodh an leathanach seo leat.)

🇪🇺 D’fhág an Ríocht Aontaithe an tAontas Eorpach mar nach raibh siad sásta glacadh le cuid de na rialacha a rinne an tAontas Eorpach. Bhí siad ag iarraidh smacht iomlán a bheith acu ar a gcuid rialacha féin. An síleann tú go ndearna siad an cinneadh ceart? Mínigh do fhreagra.

🇪🇺 An dtig leat an 27 tír a aimsiú ar an léarscáil thíos? (Is féidir cliceáil ar an tír leis an ainm a fheiceáil).



Breiseán CSSMap le Łukasz Popardowski

baruil