Lá Idirnáisiúnta an Damhsa

An 26ú Aibreán, 2024


Cad é a dhéanann tú nuair a bhíonn áthas ort? Abair gur scóráil tú cúl nó go bhfuair tú bronntanas deas. Bíonn aoibh an gháire ort, ar ndóigh, ach is minic a dhéanann daoine damhsa beag leis an áthas a léiriú. Is rud é atá i ngach cultúr ar fud an Domhain. Agus an lá inniu, an 29ú Aibreán, tá lá speisialta ann leis an damhsa a cheiliúradh – Lá Idirnáisiúnta an Damhsa.

Damhsóirí sa Bhotsuáin

Cad chuige a bhfuil lá speisialta de dhíth, má thagann an damhsa go nádúrtha chugainn? Bhuel, cé go bhfuil damhsa istigh ionainn, b’fhéidir nach dtuigimid an tábhacht a bhaineann leis an damhsa mar chineál ealaíne. Cosúil le ceol, filíocht, péintéireacht agus na healaíona eile, úsáideann daoine an damhsa le réimse mór de smaointe agus de mhothúcháin a léiriú. Mar shampla, sa bhailé ‘The Nutcracker’, insítear an scéal uilig trí cheol agus damhsa. Níl aon fhocail ann. Gach mothúchán sa bhailé, is gá do na damhsóirí sin a chur in iúl tríd an damhsa.

Is bailé é ‘The Nutcracker’

Tá a lán cineálacha damhsa ann:


    • Bailé

    • Damhsa Bálseomra

    • Damhsa Gaelach

    • Hip Hap

    • Damhsa Laidineach

    • Salsa

    • Damhsa Boilg

Damhsa bálseomra

Agus níl anseo ach sampla beag de na damhsaí uilig atá ann! Cuid de na damhsaí seo, déanann duine amháin nó grúpa beag daoine iad, cuid eile tagann gach duine le chéile leis an damhsa a dhéanamh.

Coinníonn an damhsa Hip Hap seo daoine aclaí

Baineann buntáistí leis an damhsa, chomh maith. Coinníonn sé muid aclaí agus lúfar; buailimid le daoine eile agus cuidíonn sé lenár meabhairshláinte má bhímid páirteach i rud mór le daoine eile.

Déanann daoine líne sa chonga

An raibh a fhios agat go bhfuil cáil ar na Gaeil as a ndamhsa? Is dócha gur chuala tú faoi Riverdance. Chuaigh an seó sin thart ar an Domhan agus mheall sé na milliúin duine le freastal air. Ach tá cineál damhsa eile a thosaigh in Éirinn. Tháinig an cniogdhamhsa, nó ‘tap dance’ as Éirinn. Tá damhsa atá iontach cosúil leis, ‘Damhsa ar an Sean-nós’, beo go fóill in áiteanna in iarthar na hÉireann. Nuair a chuaigh na Gaeil go Nua-Eabhrac sa 19ú hAois, bhuail siad le daoine gorma ón Afraic. Mheasc siad na damhsaí a bhí acu agus tháinig an cniogdhamhsa as mar chineál ar leith damhsa.


Le déanamh:

I ngrúpa de thriúr nó ceathrar, scríobhaigí síos roinnt mothúchán (áthas, brón, díomá, fearg, eagla, bród srl). Ansin, tóg trí nó ceithre cinn agus cumann duine amháin damhsa 30 soicind do cheann amháin de na mothúcháin sin. Déanann gach duine a ndamhsa féin os comhair na ndaoine eile sa ghrúpa. Ina dhiaidh, is féidir le dhá ghrúpa teacht le chéile agus déan gach duine a ndamhsa féin arís. Caithfidh na daoine sa ghrúpa eile tomhas a dhéanamh ar cad é an mothúchán atá á léiriú.


Pictiúir:

Nutchracker: StockphotoVideo / Shutterstock.com

An Bhotsuáin: Raythephotographer / Shutterstock.com

Conga: shulers / Shutterstock.com


baruil