Tá Lá Idirnáisiúnta an Haiku ar siúl inniu. Is stíl filíochta é an ‘Haiku’ a tháinig ón tSeapáin, i dtús báire. Sa chineál filíochta seo, scríobhtar dánta beaga atá iontach gairid - ní bhíonn ach 3 líne iontu! Cuirtear béim ar mhéid na siollaí in achan líne. De ghnáth, bíonn na línte ar an fhad seo:
5 shiolla sa chéad líne
7 siolla sa dara líne
5 shiolla sa tríú líne
(Úsáidimid siollaí nuair a bhrisimid focail aníos de réir na gcodanna fuaime a bhíonn iontu.)
Ní chaithfidh tú rím a dhéanamh sa stíl filíochta seo agus ní bhíonn athrá iontu mar go bhfuil siad chomh gairid. Bunús an ama tugann an file aird ar an nádúr nuair a scríobhann sé nó sí Haiku. Déantar cur síos ar radharc a bhíonn le feiceáil sa dúlra, cuirim i gcás, nó scríobhann an file faoi cheann de na séasúir. Mar shampla, cén séasúr a bheadh i gceist leis seo?
Glas ar an duilliúr
Deora ag séideadh sa ghaoth
Scamall bán sa spéir
Bíonn an file ag iarraidh pictiúr a chruthú i do cheann nuair a léann tú an dán gairid Haiku. Mar a tharlaíonn, inniu ‘Lá Idirnáisiúnta an Sciatháin Leathair’ chomh maith. B’fhéidir go dtiocfadh leat dán beag Haiku a scríobh faoi na Sciatháin Leathair? Cén sórt pictiúir ba mhaith leat a chruthú le d’fhocail?
Sciathán leathair dubh
É ar crochadh bunoscionn
Ag codladh sa lá
Le plé nó le déanamh
An maith leat filíocht? Cén sórt filíochta is fearr leat, nó, cén file is fearr leat?
Déan iarracht Haiku a scríobh leat féin, nó le cara. Ansin tarraing an pictiúr ar chuir tú / sibh síos air i do dhán / in bhur ndán.
Aimsigh an tSeapáin ar léarscáil an domhain.
D'fhéadfadh sibh breathnú ar stíl ghairid eile filíochta san alt seo.