Dea-scéal don tíogar sa Téalainn

An 13ú Márta, 2024



Tá an Téalainn suite san Áise – tá níos lú ná 200 tíogar fágtha sa tír


Tá ceamara folaithe i ndiaidh pictiúr a fháil de thíogar agus óga aici i bpáirc fiadhúlra sa Téalainn. Seo an chéad uair le níos mó ná deich mbliana a chonaic duine ar bith tíogair óga sa cheantar seo. Mar sin, is dea-scéal amach is amach atá ann do na hoibrithe fiadhúlra atá ag iarraidh an tíogar a chosaint sa tír. Léiríonn sé go bhfuil go leor spáis, agus go leor bia, ar fáil sa cheantar seo den Téalainn le go dtig le tíogair tíogair óga a bheith acu agus iad a thógáil.

Pictiúr ón cheamara folaithe – tá an mháthair ar chúl agus an dá thíogar óga chun tosaigh

(Pictiúr le caoinchead Thearmann Fiadhúlra Salak-Phra)


Is maith le tíogair fianna a ithe


Tá an tíogar ar an speiceas cait is mó ar domhan. Is cinnte go bhfuil siad ar na speicis is clúití. Síleann eolaithe go raibh thart ar 100,000 tíogar ann ar domhan ag tús an 20ú haois, sa bhliain 1900. Ach faoin bhliain 2010, ní raibh ach 3,200 tíogar fágtha. Shíl na heolaithe go raibh baol ann go n-imeodh an tíogar in éag ar fad i roinnt mhaith tíortha, an Téalainn ina measc.

Is é an tíogar an cat is mó ar domhan


D’imigh na tíogair mar gheall ar roinnt fáthanna difriúla. In amanna, mharaigh daoine iad ar mhaithe le spraoi nó lena gcraiceann a fháil. Maraíodh tíogair eile mar go raibh nósanna ann i roinnt áiteanna a gcnámha nó a bhfiacla a úsáid sa leigheas. D’imigh an chuid is mó de na tíogair, áfach, mar gur scrios daoine na gnáthóga s’acu. 

Is maith le tíogair coillte agus is breá leo uisce


Tugann stríoca an tíogair duaithníocht mhaith dó


Cónaíonn tíogair i gcoillte. Tugann na stríoca s’acu duaithníocht mhaith dóibh agus iad i bhfolach taobh thiar de chrainn agus san fhéar fhada. Scriosadh cuid mhaith d’fhoraoisí an domhain le céad bliain anuas le níos mó spáis a chruthú don fheirmeoireacht. In amanna, maraíonn na feirmeoirí tíogair má shíleann siad go n-íosfaidh na tíogair a gcuid ainmhithe.

Tá na tíogair óga seo i ndiaidh bó a mharú san India. Seo caillteanas mór airgid don fheirmeoir. Ní bheidh sé sásta!


Ach ó thús an chéid seo, tá go leor daoine ag obair go dícheallach i roinnt mhaith tíortha ar domhan le líon na dtíogar a chaomhnú. Tá rialtais dhifriúla i ndiaidh spásanna a chur ar leataobh don fhiadhúlra. Sna páirceanna fiadhúlra seo, ní bhíonn cead ag daoine na crainn a leagan. 

Is ábhar dóchais iad na hóga sa Téalainn – tá súil ag hoibrithe fiadhúlra go bhfásfaidh siad suas agus go mbeidh óga dá gcuid féin acu


Sa lá atá inniu ann, síleann na heolaithe go bhfuil thart ar 4,500 tíogar fágtha againn ar domhan. Tá an cat mór maorga seo go fóill i gcontúirt ach léiríonn na hóga seo sa Téalainn go bhfuil dóchas éigin go fóill ann.

Mar a fheicimid, tá an tíogar go fóill i gcontúirt mhór i roinnt mhaith tíortha


Le plé agus le déanamh

🐅 Úsáideann tíogair duaithníocht le cuidiú leo fanacht i bhfolach. 

  • An dtig leat smaoineamh ar ainmhithe eile a úsáideann duaithníocht? Cad é mar a athraíonn an duaithníocht ó ghnáthóg go gnáthóg?
  • Thiocfadh leat pictiúr a dhéanamh den duaithníocht is mó a thaitníonn leat agus é a sheoladh isteach chugainn.


🐅 Cad chuige, dar leat, a gcuireann daoine an oiread sin spéise sna cait mhóra? 

🐅 Cén cat mór is fearr leatsa agus cén fáth? 


🐅 Cén t-ainmhí is fearr leat agus cén fáth? 

🐅 Thiocfadh leat fillteán fíricí a chruthú ar an ainmhí is fearr leat agus é a sheoladh isteach chugainn (ag nuacht@aisaonad.org).


An raibh a fhios agat go bhfuil tíogair ann sa Rúis? Cónaíonn siad i gceantar iontach fuair in oirthear na Rúise darb ainm an tSibéir. Tá dhá ainm orthu i mBéarla, an Siberian Tiger nó an Amur Tiger. Sa Ghaeilge, tugaimid an Tíogar Amúrach orthu. Síleann eolaithe go bhfuil thart ar 750 acu fágtha san fhiántas.


baruil