Stair Naomh Pádraig III

An 11ú Márta, 2024


Leis na céadta bliain, tá Sabhall agus Dún Pádraig, an baile mór atá cóngarach dó, iontach bródúil as a naisc le Naomh Pádraig. In 1932, 1500 bliain i ndiaidh do Phádraig teacht ar ais go hÉirinn, tógadh an dealbh mhór seo in onóir do naomhphátrún na hÉireann. Is í an dealbh is mó ar an domhan í de Naomh Pádraig.

Deirtear gur thaistil Naomh Pádraig fud fad na hÉireann le linn a shaoil fhada, ag insint do mhuintir na tíre seo faoi Dhia agus an creideamh a bhí aige. Tá scéal ann gur las sé tine mhór na Cásca cóngarach do Theamhair, áit ar chónaigh an tArdrí. Ní raibh cead ag duine ar bith tine a lasadh roimh an Ardrí, agus nuair a chonaic an tArdrí tine Phádraig lasta, chuaigh sé lena shaighdiúirí agus a chúnna chun an duine sin a cheapadh agus an tine a mhúchadh. Ach arís, ní dhéanfadh na cúnna ionsaí ar Phádraig agus ní thiocfadh leis na saighdiúirí an tine naofa s’aige a mhúchadh. Labhair Pádraig leis an Ardrí ansin, agus thug sé air cead a thabhairt dó taisteal ar fud na tíre ag teagasc agus ag insint a chuid scéalta faoi Dhia.

An suíomh inar thóg Pádraig a mhainistir i Sabhall.

 

Tháinig Pádraig ar ais go Sabhall, ar deireadh, agus thóg sé mainistir sa cheantar. Fuair sé bás ansin agus é ina sheanfhear. Faoin am sin, bhí clú agus cáil ar Phádraig ar fud na tíre.

D’fhág sé treoracha go raibh siad lena chorp a chur ar chairt taobh thiar de chúpla bó fhiáin. Cibé áit a stopfadh siad, sin an áit ar cheart a chorp a chur sa talamh. De réir an tseanchais, d’imigh na ba leo gur stop siad sa deireadh ar chnoc an Dúin, áit a bhfuil uaigh Naomh Pádraig anois. Baile an Dúin an seanainm a bhí ar an áit, ach tugadh Dún Pádraig air ina dhiaidh sin.

 

Uaigh na dtrí naomh i nDún Pádraig)

 

Lasadh tinte ar fud na tíre nuair a chuala daoine faoi bhás Naomh Pádraig. Deirtear gur cuireadh corpáin Naomh Bríd agus Naomh Colm Cille san aon uaigh amháin le Pádraig i ndiaidh dóibh bás a fháil. Mar sin, tá na trí naomh is mó in Éirinn curtha san aon áit amháin.

Taiseagán de chuid Phádraig (atá le feiceáil in Iarsmalann an Dúin, Dún Pádraig).

 

Leis na céadta bliain ón am sin, tá muintir na hÉireann ag cuimhneamh ar Naomh Pádraig, go háirithe i gceantar an Dúin. Bhí sé de nós ag na Críostaithe fadó ‘taise’, nó píosa beag de chorp naoimh a choinneáil go speisialta. Mar shampla, seo taiseagán a coinníodh go sábháilte le breis agus míle bliain i gcontae an Dúin. Deirtear go bhfuil cnámh géill Naomh Pádraig istigh ann. Tá an taiseagán seo le feiceáil anois in Iarsmalann an Dúin, i nDún Pádraig.

Taobh istigh den eaglais i Sabhall.

 

Tá áit iontach tábhachtach ag Naomh Pádraig i stair na hÉireann, mar sin. Gan é, is dócha, ní bheadh na naoimh eile ar fad a tháinig ina dhiaidh againn. Agus ar ndóigh, ní bheadh ‘Lá Fhéile Pádraig’ againn. Bíonn an fhéile seo á ceiliúradh ar fud an domhain. Agus tagann na mílte turasóir chun na tíre s’againn mar gheall ar an fhear seo a mhair chóir a bheith 1600 bliain ó shin!


Daoine ag ceiliúradh i Nua Eabhrac ar Lá Fhéile Pádraig. Pic le Stuart Monk/Shutterstock.com)

 

Le déanamh:

Tá ainm Phádraig (nó Patrick) ar a lán áiteanna in Éirinn. An bhfuil an t-ainm sin ar áit ar bith i do cheantarsa? Déan liosta de na háiteanna.

An bhfuil an focal ‘domhnach’ (Donagh) i logainm ar bith in aice leat? Ciallaíonn ‘domhnach’ eaglais a chuir Naomh Pádraig ar bun. Déan liosta de na háiteanna a bhfuil an focal sin iontu.

 

Amharc

Amharc ar an fhíseán seo. Tá léargas pictiúrtha ann ar scéal agus stair Phádraig.

 





baruil