Rabhlóga

An 5ú Márta, 2024


An bhfuil a fhios agat cad is rabhlóg ann? Bhuel, is abairt nó frása beag é a bhíonn deacair a rá. Mar shampla:


👅Seacht sicín ina seasamh sa sneachta lá seaca.


Bíonn an abairt sin rud beag casta a rá mar go mbíonn an dá fhuaim dhifriúla den “s” ann go minic, agus tá sé furasta iad a mheascadh lena chéile. 

Is furasta do theanga a fháil greamaithe ag rá na rabhlóg!


Is minic a bhíonn na litreacha agus na fuaimeanna céanna ag tarlú arís agus arís eile taobh istigh de rabhlóg. I nGaeilge, tugtar “uaim” air sin, nuair a bhíonn an litir nó an fhuaim chéanna le cloisteáil i sraith focal. Seo sampla eile:


👅Rug rón liath ar roc leathan rua.


In amanna, cuirtear rím isteach sna rabhlóga fosta. Cuir i gcás:

An bhfaca tú an bacach? 

Nó an bhfaca tú a mhac?

Ní fhaca mé an bacach

Ná ní fhaca mé a mhac.


Dá bhfeicfinnse an bacach, 

Nó dá bhfeicfinnse a mhac,

Ní bhacfainn leis an bhacach 

Ná ní bhacfainn lena mhac! 


Téann stair na rabhlóg siar cúpla céad bliain ar a laghad. D’úsáid daoine iad chun cleachtadh a dhéanamh ar a gcuid cainte, chun cuidiú leo an líofacht s’acu agus an dóigh ar fhuaimnigh siad focail a fheabhsú. Bhí sé greannmhar fosta nuair a fuair daoine contráilte iad!

An gcuirfidh na rabhlóga tusa ag gáire?

 

Tosaíonn tú amach go mall ag rá rabhlóige. Ansin, éiríonn tú níos gasta agus níos gasta. Bain triail as na cinn san alt seo a athrá níos gasta. Feicfidh tú go bhfuil sé deacair!

Seo cúpla sampla eile:


👅 Bhí cleas críonna cleasach ag cleasaí crua cliste.

👅 Fear feargach ag faire na farraige fuaire.

👅 Tá neascóid ar ioscaid an easpaig, agus tá imní ar an easpag faoin neascóid atá ar a ioscaid. 

👅 Cheannaigh cailín cliste ceanúil císte. 

👅 Rinne Máire gáire gan náire ag an fhaire i nDoire anuraidh.


👅

 Bhí bean ag Joe agus bhí banjo ag Joe

B’fhearr go deo Joe ar an bhanjo

Ná bean Joe ar an bhanjo go deo!

👅


An mbeidh do theanga casta i ndiaidh duit cuid acu a rá go gasta?


Le plé:

An síleann sibh gur dóigh mhaith é rabhlóga a rá chun fuaimeanna cearta na bhfocal a theagasc agus a chleachtadh?


Le déanamh:

Bígí ag cleachtadh na rabhlóg libh féin! An bhfuil siad furasta nó deacair daoibh? 

Cé acu rabhlóg is fearr leat? 



baruil