Bréagéadaí don Fhaocha Ghliomaigh

An 27ú Feabhra, 2024


Faocha ghliomaigh – crústach a chaitheann sliogán lena chorp a chosaint


D’fhoilsigh eolaithe tuairisc a léiríonn go soiléir an tionchar mór atá an bruscar plaisteach a imirt ar an timpeallacht. Baineann an tuairisc leis an fhaocha ghliomaigh. Is crústach í an fhaocha ghliomaigh atá le fáil ar chósta na hÉireann, agus fud fad an Domhain. Fuair siad an t-ainm seo mar go gcaitheann na crústaigh bheaga seo sliogáin. In Éirinn, is iad na sliogáin faochan a roghnaíonn siad, de ghnáth. 

Faocha – seilide mara a chónaíonn cois farraige. Is féidir iad a aimsiú ar charraigeacha cois trá.

Tugaimid faocha ghliomaigh ar an chrústa seo mar tá sí cosúil le gliomach agus is maith léi sliogáin faochan a chaitheamh!


Is grúpa d’ainmhithe iad na crústaigh a chónaíonn san uisce, den chuid is mó. Tá cnámharlach na gcrústach ar an taobh amuigh dá gcorp. Tagann an focal crústach ón Laidin crustacea – ciallaíonn sé go bhfuil craiceann crua ar an taobh amuigh den chorp. Tugann an craiceann crua seo, nó an bhlaosc, cosaint don ainmhí. Is crústaigh iad na portáin agus na gliomaigh. 

Is crústach é an gliomach

Is crústach é an portán

Is crústach é an cloicheán



I mBéarla, tugtar hermit crab ar an fhaocha ghliomaigh, ach ní portán ceart í agus ní gliomach ceart í ach an oiread (ach tá gaol níos gairide aici leis an ghliomach). Murab ionann agus portáin agus gliomaigh, áfach, níl corp iomlán na faochan gliomaigh crua ar an taobh amuigh. Tá bolg bog uirthi ach tá cleas speisialta aici leis an bholg bhog seo a chosaint – aimsíonn sí sliogáin nach bhfuil in úsáid níos mó agus caitheann sí iad. Tá eireaball speisialta uirthi a choinníonn greim ar an taobh istigh den sliogán. Bíonn ar an fhaocha ghliomaigh sliogán nua a aimsiú gach uair a fhásann sí.

Faocha ghliomaigh gan sliogán – is féidir linn a bolg bog agus a heireaball a fheiceáil. Cuardaíonn sí sliogán le caitheamh lena bolg a chosaint.


D’aimsigh an fhaocha ghliomaigh seo claibín plaisteach le caitheamh


D’úsáid na heolaithe pictiúir a phostáil daoine ar an idirlíon ó áiteanna difriúla ar domhan, le staidéar a dhéanamh ar an dóigh a bhfuil cuid mhór faochan gliomaigh ag caitheamh bruscar plaisteach in áit sliogán, na laethanta seo. Bhí siad ábalta cuid mhór speiceas difriúil d’fhaochain ghliomaigh a aithint sna pictiúir, go fiú na faochain ghliomaigh a chónaíonn ar talamh, agus iad ag caitheamh bruscair. Dúirt na heolaithe go raibh siad ‘croí-bhriste’ nuair thuig siad méid na faidhbe.

D’aimsigh an fhaocha ghliomaigh seo rud plaisteach lena bolg a chosaint


Síleann siad gur roghnaigh roinnt ainmhithe an plaisteach mar go raibh sé níos éadroime ná na sliogáin. Roghnaigh ainmhithe eile é mar go raibh sé níos fusa a aimsiú ná fíorshliogán. An rud is mó a chuir buaireamh ar na heolaithe, ná go síleann siad gur roghnaigh roinnt faochan gliomaigh an plaisteach le duaithníocht a bheith acu – bhí an oiread sin bruscair ar an trá go raibh sé níos fearr plaisteach a úsáid mar dhuaithníocht ná rud nádúrtha.

Úsáideann siad gach sórt bruscair ach is fearr leo plaisteach, dar leis na heolaithe


Roghnaigh an ceann seo gloine agus miotal – barr buidéil


An dtig libh a oibriú amach cén rud atá an fhaocha ghliomaigh seo a chaitheamh?

Deir na heolaithe anois go ndéanfaidh siad níos mó oibre ar an ábhar seo lena fheiceáil an bhfuil an plaisteach seo ag déanamh dochar do na crústaigh nó an bhfuil sé ag cuidiú leo go fiú. Ba mhaith leo a fháil amach fosta cén sórt éifeachtaí a bheas ag an nós nua seo ar an dóigh a mbeidh na faochain ghliomaigh ag éabhlóidiú sa todhchaí.


Le plé

🦞 Deir na heolaithe go raibh siad ‘croí-bhriste’ faoin scéal seo. Cad é mar a mhothaíonn tusa faoi agus cén fáth?

🦞 ‘Má fhaigheann na heolaithe amach go bhfuil an plaisteach ag cuidiú leis na faochain ghliomaigh, ciallaíonn sé nach drochrud amach is amach é an bruscar a chaitheamh ar shiúl.’ 

Cad é do bharúil faoin ráiteas sin? 

🦞 Cén fáth, i do bharúil, ar fearr le go leor faochan gliomaigh plaisteach ná gloine nó miotal?


Creidiúintí

baruil