Tá lucht na haimsire ag rá go mbeidh aimsir fhuar ann amárach. Tá seans ann, go fiú, go dtitfidh sneachta i roinnt áiteanna. Ach, cén fáth nach bhfaigheann Éire níos mó sneachta?
Tá Éire measartha cóngarach do bharr an Domhain
Tá Éire sa leathsféar thuaidh den domhan – níl muid rófhada ó bharr an domhain. Tá muid ar an líne dhomhanleithid chéanna le ‘Hudson Bay’ i gCeanada – áit a mbíonn béir bhána. Tá muid ar an líne dhomhanleithid chéanna le deisceart Alasca agus le Leithinis Kamchatka sa Rúis – sna háiteanna seo, bíonn sé chomh fuar sin sa gheimhreadh go reonn an fharraige!
Tugaimid línte domhanleithid ar na línte a théann trasna – an líne dhearg sa lár, sin an meánchiorcal (úsáid an ghloine formhéadúcháin leis an léarscáil a fhiosrú)
Tá Éire ar an líne dhomhanleithid chéanna leis an áit seo i gCeanada – Bá Hudson
Ach in Éirinn, ní bhíonn sé ar dhóigh ar bith chomh fuar céanna leis na háiteanna eile seo, go fiú i rith an gheimhridh. Rud eile, ní fhaighimid an oiread céanna sneachta is a fhaigheann áiteanna eile ar domhan atá chomh fada seo ó thuaidh. Tá Béal Feirste níos faide ó thuaidh ná Calgary, Ceanada – áit a raibh cluichí Oilimpeacha an gheimhridh in 2010. Tá muid níos faide ó thuaidh ná Nua-Eabhrac, áit a dtiteann a lán sneachta sa gheimhreadh.
Páistí ag súgradh sa sneachta i Nua-Eabhrac – thig leo bheith measartha cinnte go dtiocfaidh an sneachta gach geimhreadh!
Tá Béal Feirste ar an líne dhomhanleithid chéanna le cathair darb ainm Omsk, sa Rúis. Bíonn baol sneachta ansin ar feadh 6 mhí den bhliain!
Cathair Omsk sa Rúis – tá an abhainn i lár na cathrach reoite!
Cad chuige, mar sin, nach mbíonn an aimsir agus an aeráid níos fuaire againne in Éirinn?
Tá baint mhór ag an fharraige thart orainn le haimsir na hÉireann
Bhuel, baineann an freagra leis an rud atá ar achan taobh dínn – an fharraige! Ar an chéad dul síos, coinníonn uisce a chuid teasa i bhfad níos faide ná talamh. Mar sin, tógann sé tamall níos faide ar an uisce fuarú i rith an gheimhridh. Cionn is gur tír bheag bhídeach muid, tá an t-uisce sórt mar a bheadh blaincéad ann thart timpeall orainn. Sa gheimhreadh, coinníonn an fharraige an ghaoth agus an t-aer a bhíonn os a cionn níos teo ná an ghaoth agus an t-aer a bheadh os cionn píosa mór talaimh. Nuair a thagann an ghaoth agus an t-aer rud beag níos teo isteach chugainne ón fharraige, coinníonn sé an t-aer i bhfad níos fuaire ar shiúl uainn.
Port Bhaile an Trá i gContae Aontroma – is mó seans go mbeidh gaoth agus fearthainn againn sa gheimhreadh seachas sneachta
Tá rud eile ag an fharraige ar an taobh thiar d’Éirinn a choinníonn te teolaí muid. Sreabhann sruth speisialta in Aigéan an Atlantaigh, cóngarach d’Éirinn a dtugtar ‘Sruth na Murascaille’ air. Is sruth d’uisce agus d’aer te é seo a thagann aníos as Murascaill Mheicsiceo chuig an Eoraip.
Sruth na Murascaille
Síleann eolaithe, gan Sruth na Murascaille, go mbeadh sé 10 gcéim nó go fiú 15 chéim Celsius níos fuaire in Éirinn i rith an gheimhridh ná mar a bhíonn sé de ghnáth. Mar shampla, gan Sruth na Murascaille, gach seans go mbeadh meán-teocht de –10ºC againn i mí Eanáir!
Mar sin de – le freagra iontach gairid a thabhairt ar an cheist sa teideal – ní fhaighimid an oiread sin sneachta mar gur oileán beag muid atá timpeallaithe ag uisce (te go leor)!
Ní féidir linn bheith ag brath ar an sneachta gach geimhreadh ach faighimid é corruair!