Ó Labhair an Teanga Gaeilge liom!

An 13ú Feabhra, 2024
Labhraíonn, ar a laghad, an leathchuid de dhaonra an domhain dhá theanga nó níos mó. Is tusa duine de na daoine sin atá dátheangach nó ilteangach.


Tá breis agus 50,000 focal ag cuid teangacha, ach de ghnáth, nuair a labhraíonn daoine, ní úsáideann siad ach céatadán an-íseal d’fhoclóir iomlán na teanga. Nuair a labhraíonn daoine lena chéile go laethúil, ní úsáideann siad ach cúpla céad focal agus is iad na focail ceannann céanna a bhíonn iontu, de ghnáth.

An itheann tu spaghetti bolognese? Is ón Iodáilís a tháinig na focail sin.

Go fiú san am a chuaigh thart, bhog daoine ó thír go tír agus d’imir teangacha tionchar ar a chéile. Mura raibh focal i dteanga amháin do rud nó do choincheap áirithe, glacadh focal dó isteach ar iasacht ó theanga eile. Tarlaíonn seo go mion minic go fóill.
Is focail Fraincise iad, en suite.

Seo thíos deich bhfocal a tháinig isteach sa Bhéarla ón Ghaeilge.
Bróg
Tháinig an focal ‘brogue’ isteach sa Bhéarla sa 16ú haois mar gheall ar na bróga seo thuas. Is bróga iad a bhí coitianta ag an am in Éirinn. Tá siad déanta de phíosaí leathair. Sula raibh carranna ann, dá mba mhaith le daoine dul áit ar bith, bhíodh orthu siúl. Tá poill sna bróga seo le ligean don leathar triomú níos gasta, dá mbeadh siad fliuch.



Clábar
Is minic a chluinfidh tú an focal seo in úsáid i nGaeilge, ach cluintear fosta i mBéarla é mar ‘clabber’. Ciallaíonn sé an rud ceannann céanna.



Gob
Nuair a chluineann tú duine ag úsáid an fhocail ‘gob’ i mBéarla agus iad ag caint faoi bhéal duine, tá a fhios agat anois gur ón Ghaeilge a tháinig sé.



Loch
Gach uair a fheiceann tú comhartha mar seo, bíodh a fhios agat go raibh an leagan Gaeilge den fhocal loch ann ar dtús. Cosúil le formhór logainmneacha na hÉireann, tháinig an focal ‘lough’ ón Ghaeilge.



Smidiríní
B’fhéidir gur chuala tú an focal ‘smithereens’. Tagann sin ón fhocal smidiríní, focal a chiallaíonn go bhfuil rud ina phíosaí beaga.



Craic
Focal eile atá ar iasacht sa Bhéarla ón Ghaeilge ná craic. Go fiú sa Bhéarla, litrítear mar seo é fosta.



Galore
Tháinig an focal seo ón fhrása Gaeilge, ‘go leor’. Thar am, tháinig athrú ar an chiall atá le ‘galore’, focal anois a chiallaíonn cuid mhór.



Puck
Bíonn sliotar againn san iománaíocht agus sa chamógaíocht, ach is ‘puck’ a bhíonn ann más ag imirt haca a bhíonn tú. Tháinig an focal Béarla seo ón fhocal poc sa Ghaeilge, an rud a dhéanann tú agus tú ag imirt, tugann tú poc don sliotar.



Bodhrán
In amanna, ní féidir an litriú go fiú a athrú, nuair a iompraítear focal isteach chuig teanga eile. Is cuma cén teanga atá á labhairt agat, is bodhrán é seo i dteanga ar bith.


(Ant agus Dec. Pic le Feature flash Photo Agency/Shutterstock.com)

Smashin’
Más amhlaidh gur éist tú ríamh leis an bheirt seo, is iomaí uair a chluinfeá iad ag rá “Smashin’”. Ciallaíonn an frása seo “Is maith sin”. Tá níos mó Gaeilge le chluinstin thart orainn go fiú agus daoine ag caint i mBéarla, ná mar a shílfeá.

Le plé nó le déanamh
Mar rang, bailigh liosta de na focail iasachta atá ar eolas agaibh. Tarraingígí pictiúir le ciall na bhfocal a léiriú do dhaoine / rang eile. 

An bhfuil focail Ghaeilge ar bith eile ar eolas agaibh a bhíonn in úsáid i mBéarla? Cuir ceist ar do theaghlach. (Seans go mbeadh focail áitiúla, cosúil le logainmneacha in úsáid go fóill.)

Tarraing pictiúr de do sheomra ranga, nó, de sheomra i do theach (mar shampla an chistin). Cuir lipéid ar na rudaí atá le feiceáil / le fáil sa seomra ranga / sa chistin, srl. le taispeaint an méid focal Gaeilge atá ar eolas agat. 

Tagann teideal an ailt seo ó sheanamhrán Gaeilge. D'fhéadfadh sibh éisteacht leis an amhrán sin anseo. 

Bailigh liosta de na focail Gaeilge is fearr le do rang agus cruthaigh "scamall na bhfocal" leo (mar atá le feiceáil san íomhá clúdaigh). D'fhéadfadh sibh ceann a tharraingt, nó le cuidiú ón mhúinteoir, ceann a chruthú ar líne.


baruil