Rialtas nua

An 5ú Feabhra, 2024


Stormont

Ceapadh rialtas nua i mBéal Feirste, Dé Sathairn. Tháinig ceithre pháirtí le chéile in Stormont le seirbhísí a chur ar fáil don phobal. Tá córas speisialta ó thuaidh atá difriúil le gnáth-rialtas. Má bhíonn méid áirithe suíochán ag páirtí, beidh cead acu suí sa rialtas. Tugtar comhroinnt cumhachta ar an chóras sin agus tá sé ann sa dóigh go mbeidh guth ag gach cuid den phobal sa rialtas. Tá sin de dhíth nó bhí cogadh ar siúl ó thuaidh le beagnach 30 bliain.

Michelle O’Neill

Ní taoiseach amháin a bhíonn ag Stormont, bíonn beirt ann, ceann amháin do gach mórphobal. Tugtar ‘Céad-Aire’ agus Leas-Chéad-Aire ar an dá phost seo. Den chéad uair, tháinig an Chéad-Aire ón phobal náisiúnach, Michelle O’Neill ón pháirtí Sinn Féin. Is í Emma Little-Pengelly an Leas-Chéad-Aire ón DUP.

Emma Little-Pengelly

Is iad an dá mhórphobal atá i gceist ná Aontachtaithe agus Náisiúnaithe. Creideann Aontachtaithe gur chóir Tuaisceart Éireann fanacht sa Ríocht Aontaithe. Creideann Náisiúnaithe go mbaineann an chuid ó thuaidh den oileán le haon náisiún amháin, mar atá, Éire. Chomh maith leis sin, tá páirtithe cosúil le Alliance nach ndéanann scéal mór faoin cheist seo.

An Taoiseach, Leo Varadkar

Bhí an chéad chruinniú den rialtas ar siúl Dé Luain agus thug an Taoiseach, Leo Varadkar, agus Príomh-aire na Breataine, Rishi Sunak, cuairt ar Stormont le bualadh leis na páirtithe. Ní raibh rialtas ann ar feadh dhá bhliain agus tá áthas orthu go bhfuil rialtas ag feidhmiú anois.

An Príomh-aire, Rishi Sunak

Tá go leor fadhbanna roimh an rialtas nua. Bhí oibrithe sna scoileanna agus sna hotharlanna amuigh ar stailc le déanaí cionn is nach raibh an pá s’acu ard go leor. Chomh maith leis sin, deir na páirtithe nár thug Rialtas na Breataine go leor airgid dóibh le caitheamh ar sheirbhísí cosúil le sláinte agus oideachas.

Beidh airgead de dhíth ar scoileanna


Le déanamh:

Tugtar ‘toghcheantar’ nó ‘dáilcheantar’ ar an cheantar a roghnaíonn ionadaithe. In Éirinn, toghtar roinnt ionadaithe ngach toghcheantair. Faigh amach cén toghcheantar nó dáilcheantar ina bhfuil tú agus cé hiad na hionadaithe atá agat.

Is briathar é togh. Ciallaíonn sé ‘roghnaigh’. Nuair a bhíonn toghchán ann, tugann tú vóta don pholaiteoir is fearr leat, sin an dóigh a roghnaíonn, nó a dtoghann, an pobal a gcuid polaiteoirí. Bíonn cead ag gach toghcheantar méid áirithe polaiteoirí a thoghadh nó a roghnú.


Le plé:

I ngrúpaí, déanaigí amach liosta de rudaí is gá don rialtas a dhéanamh. Smaoinígí ar na seirbhísí uilig a bhíonn de dhíth ar dhaoine. As an liosta sin, déanaigí tosaíochtaí, ag cur na rudaí is tábhachtaí ag barr an liosta. Cuirigí na liostaí i gcomparáid lena chéile. An raibh siad mar an gcéanna? Nó is féidir libh ‘rialtas’ ranga a chur le chéile. Cad iad na rudaí is tábhachtaí ba chóir don rialtas a dhéanamh?


Pictiúir:

Michelle O’Neill: https://www.flickr.com/photos/sinnfeinireland/51982096261/ [gan athrú]

Emma Little-Pengelly: Chris McAndrew, CC BY 3.0 , via Wikimedia Commons [gan athrú]

Leo Varadkar: Alexandros Michailidis / Shutterstock.com

Rishi Sunak: ComposedPix / Shutterstock.com

Stailc: Wandering views / Shutterstock.com

Chris Heaton-Harris: Sean Aidan Calderbank / Shutterstock.com




baruil