Lá na hAstráile

An 26ú Eanáir, 2024


Inniu Lá na hAstráile’ – lá náisiúnta na tíre sin. Is lá saor é seo san Astráil. Bíonn na scoileanna uilig druidte. Eagraíonn an rialtas imeachtaí difriúla le ‘Lá na hAstráile’ a chomóradh. Tá sé in ainm is a bheith ina lá ceiliúrtha, do gach duine.

‘Lá na hAstráile’ – lá ceiliúrtha do gach duine?

Pic le myphotobank.com.au trí Shutterstock

 

Ach, ní aontaíonn gach duine san Astráil gur cheart lá náisiúnta ceiliúrtha a bheith ann ar an dáta seo – an 26ú Eanáir. Roghnaíodh an dáta seo ar dtús mar gur seo an dáta ar ar tháinig na daoine a thosaigh tír nua-aimseartha na hAstráile go dtí an Astráil. Ba ar an dáta seo, thiar sa bhliain 1788, a bhain 11 bhád de chuid Chabhlach Ríoga Shasana an Astráil amach. Bhí siad ansin leis an Astráil a ghlacadh don rí s’acu – an rí Seoirse III. An fhadhb a bhí ann, bhí daoine ina gcónaí san Astráil cheana féin – muintir na gcéad náisiúin

‘Tús na hAstráile’ an t-ainm atá ar an phictiúr seo. Seo saighdiúirí Shasana ag ardú bhratach na Breataine ar thalamh na hAstráile in 1788 lena thaispeáint gur leo féin an talamh (cé go raibh daoine eile ina gcónaí ansin cheana le 60,000 bliain!)

 

Sa Ghaeilge, tugtar ‘na bundúchasaigh’ ar na chéad daoine dúchasacha a chónaigh i dtír. Mar shampla, labhraímid ar bhundúchasaigh Mheiriceá. Sa lá atá ann, áfach, úsáideann cuid mhór daoine an t-ainm ‘na chéad náisiúin’ le cur síos a dhéanamh ar na chéad ghrúpaí de dhaoine a chónaigh i dtír agus tá sé ag éirí i bhfad níos coitianta an téarma seo a úsáid.

Páistí bundúchasacha – tá muintir na bpáistí seo ina gcónaí san Astráil le 60,000 bliain! Bhí siadsan ar na chéad náisiúin a rinne cónaí sa tír

Pic le LittlePanda29 trí Shutterstock 

 

 

Ní raibh na saighdiúirí Sasanacha ná na daoine geala eile ón Eoraip a tháinig sna blianta ina dhiaidh sin (cuid mhór Éireannach ina measc) sásta talamh na hAstráile a roinnt le muintir na gcéad náisiúin. Sna blianta i ndiaidh 1788 aníos go dtí tús agus go fiú lár na mblianta 1900, rinne na hEorpaigh gheala rudaí uafásacha do na daoine gorma a bhí ina gcónaí san Astráil rompu.

Fir bhundúchasacha agus slabhraí thart orthu (tógadh an grianghraf seo níos lú ná 100 bliain ó shin)

Pic le Nancy White trí Flickr

 

 

Chuir siad as a dtalamh iad. Scaoil siad iad. Thug siad nimh dóibh. D’úsáid siad mar sclábhaithe iad. Sna blianta 1900 – ghlac siad a gcuid páistí ar shiúl agus chuir siad chuig scoileanna cónaithe iad nó chuig teaghlaigh gheala ‘le hiad a dhéanamh sibhialta’!

Agus thosaigh sé seo uilig ar an 26 Eanáir, 1788, nuair a tháinig na báid sin ón Eoraip i dtír.

Shíl na daoine geala go raibh siad níos fearr agus níos sibhialta ná muintir na gcéad náisiúin – thug siad ar na páistí seo Béarla a fhoghlaim agus dearmad a dhéanamh ar a gcultúr féin

Pic le Aussie~mobs trí Flickr

 

 

Ní hiontas ar bith é, mar sin, nach dtugann mórán daoine de na chéad náisiúin ‘Lá na hAstráile’ ar an lá seo. Tugann siad ‘Lá an Ionraidh’ air.

Gach bliain, ar ‘Lá na hAstráile’ – bíonn mórshiúl ag daoine i gcathracha na hAstráile lena míshástacht a léiriú le ‘Lá na hAstráile’

Pic le Dave Hewison Photography trí Shutterstock

 

Ar an dea-uair, tuigeann an chuid is mó de na hAstrálaigh sa lá atá inniu ann go raibh na rudaí a tharla do mhuintir na gcéad náisiúin go huile is go hiomlán mícheart. Le blianta beaga anuas, tá cuid mhór rudaí difriúla déanta ag an rialtas san Astráil agus ag na daoine geala lena thaispeáint do na daoine bundúchasacha go bhfuil fíorbhrón orthu faoi na rudaí a tharla sa stair. D’athraigh siad focail an amhráin náisiúnta s’acu. D’athraigh siad an t-ainm atá ar chúpla áit thábhachtach san Astráil ar ais chuig an leagan bundúchasach. Ghlac siad le bratacha na gcéad náisiúin mar bhratacha oifigiúla sa tír (ach is í bratach na hAstráile an ceann is tábhachtaí go fóill). 

Bratach na mBundúchasach – dubh, sin na daoine, dearg, sin an talamh atá iontach tábhachtach dóibh agus an buí, sin an ghrian.

Bratach Oileánaigh Chaolas Torres – seo na daoine bundúchasacha a chónaíonn ar na hoileáin amach ó chósta thuaidh na hAstráile

Bratach na hAstráile – seo an bhratach is tábhachtaí sa tír ach is bratacha oifigiúla iad an bheirt eile anois

Bratacha le Clker-Free-Vector-Images trí pixabay.com

 

In 2008, ghabh rialtas na hAstráile leithscéal le muintir na gcéad náisiúin, as gach rud a rinne siad orthu sa stair.

Seo fógra atá bhí ag rialtas New South Wales ar a suíomh idirlín faoi choinne Lá na hAstráile – an comhartha athmhuintearais é

 

Anois, ba mhaith leis an Rialtas go dtiocfaidh gach aon duine sa tír, na chéad náisiúin agus na daoine ar tháinig a muintir ón Eoraip agus ó áiteanna eile, le chéile ar an 26 Eanáir le Lá na hAstráile a cheiliúradh le chéile agus le bogadh chun tosaigh le chéile, mar thír amháin. ‘Machnamh, meas agus ceiliúradh’ an mana atá acu. 

Ach, go dtí seo, níl siad sásta dáta Lá na hAstráile a athrú.

‘Mates before Dates’ – más mian leis an rialtas gach duine a bheith cairdiúil agus a theacht le chéile, ar cheart dóibh smaoineamh ar an dáta a athrú?

Pic le Adam Calaitzis trí Shutterstock

 


Le plé

Cad chuige a mbeadh daoine ag iarraidh dáta Lá na hAstráile a athrú? An dtuigeann tú an fáth a mbeadh roinnt daoine míshásta leis an dáta seo?


Tá leithscéal gafa ag rialtas na hAstráile as an stair. Ar cheart do gach duine bogadh ar aghaidh anois agus Lá na hAstráile a cheiliúradh ar an 26ú Eanáir? Mínigh do fhreagra.

 

Íomhá chlúdaigh curtha in oiriúint ó phictiúr le Axel Sandesh agus pictiúr le myphotobank.com.au, trí Shutterstock

baruil