Lá Idirnáisiúnta na Peannaireachta

An 22ú Eanáir, 2024


An úsáideann tú peann agus peann luaidhe go fóill? Cén mhaith duit bheith ag scríobadh litreacha ar pháipéar nuair atá ríomhairí ann a ligeann duit clóscríobh isteach chomh gasta le bheith ag scríobh de láimh? Beidh tú ábalta an téacs a athrú sa ríomhaire – thig leat an téacs a mhéadú nó a laghdú agus beidh tá ábalta na focail a athrú thart go furasta. Ach má tá rud scríofa agat, ní féidir é a athrú ar chor ar bith agus má dhéanann tú meancóg, beidh ort tosú arís.

An aontaíonn tú leis an ráiteas seo thuas? Nó an mbaineann tú sult as peann a thógáil agus é a chur le páipéar? Má bhaineann, nó fiú mura bhfuil tú cinnte, tá lá speisialta ann don pheannaireacht – Lá Idirnáisiúnta na Peannaireachta atá ann an lá inniu, an 23ú Eanáir.

Is cineál d’ealaín é an scríobh agus cleachtann daoine an scil sin go minic. Má dhéanann tú é i gceart, beidh cuma dheas ar do pheannaireacht. Tugann an lá seo seans duit do pheannaireacht a chleachtadh agus í a thaispeáint do dhaoine eile.

Peannaireacht a úsáideann ‘bíseanna’

Cosúil le gach rud, thig leat peannaireacht shimplí a dhéanamh nó thig leat peannaireacht chasta a dhéanamh. Bain triail as eireabaill a chur le litreacha áirithe agus b’fhéidir bís a chur isteach le cuma iontach gleoite a chur le litreacha. Nó thiocfadh leat dul céim níos faide arís agus cineál de phictiúr a dhéanamh; sceithphíopa agus rotha a chur leis an fhocal ‘carr’, mar shampla, nó bosca a chur thart ar an fhocal ‘teach’ agus an ‘T’ a úsáid mar shimléir.

An raibh a fhios agat go bhfuil peannaireacht gach duine difriúil? Tá saineolaithe ann atá ábalta a rá cé a scríobh píosa téacs má thugtar samplaí ó dhaoine difriúla dóibh. Mar sin, más maith leat do mharc pearsanta a dhéanamh, tóg amach do pheann nó do pheann luaidhe . . . agus bí ag scríobh!

Tá a lán stíleanna éagsúla peannaireachta ann

Focail chosúla

Sa téacs, d’úsáid muid dhá fhocal atá cosúil lena chéile: ‘scríobadh’ agus ‘scríobh’. Ciallaíonn ‘scríobadh’ piocadh de rud le scian nó le píosa adhmaid, mar shampla. Bíonn cuma gharbh ar an scríobadh.

Má bhíonn tú ag scríobh, bíonn peann nó peann luaidhe agat agus déantar gach litir a dhéanamh níos mine.


Le déanamh:

I ngrúpa de 5 nó 6, caithfidh gach duine an abairt chéanna a scríobh amach ar phíosa páipéir. Tugtar na píosaí páipéir do dhuine amháin agus leagtar amach iad ar an tábla. Caithfidh gach duine cóipleabhar dá gcuid a oscailt agus déanann siad iarracht a thomhas cé acu duine a scríobh gach píosa. Úsáidtear na cóipleabhair le cuidiú leis an tomhas.


Déan iarracht ‘pictiúrfhocal’ a scríobh. Iarr ar do mhúinteoir na samplaí is fearr a chur chugainn agus foilseoimid iad.


Pictiúir:

ZikG / Shutterstock.com


baruil