An téarma seo caite, ghlac daltaí i mBunscoil an Iúir páirt i gclár darb ainm Níos mó na Brící (nó Beyond Bricks i mBéarla). Tharla sé uair amháin sa tseachtain ar feadh cúig seachtaine agus gach seachtain, tugadh dúshlán Lego do na daltaí.
Deis gach seachtain súgradh le Lego ar scoil, in áit obair a dhéanamh - ar fheabhas! Nár bhreá le cuid mhór againn sin a dhéanamh?! Ach, bhí níos mó i gceist leis an chlár seo ná mar a shíl na daltaí i dtús báire.
Gach seachtain, tríd na tascanna, d’fhoghlaim siad scileanna le cuidiú leo déileáil le fadhbanna sa saol. D’oibrigh siad i ngrúpaí de thriúr agus bhí ról ar leith ag achan duine sa ghrúpa - mar innealtóir (an duine a dhéanann an dearadh agus an phleanáil), mar thógálaí (an duine a thógann an struchtúr) agus mar sholáthraí (an duine a chuireann na rudaí atá de dhíth ar fáil). Mhalartaigh siad jabanna i rith tascanna chomh maith.
Le linn na scéime, d’fhoghlaim na daltaí cuid mhór scileanna le cuidiú leo brú agus fadhbanna deacra a láimhseáil. In amanna, d’éirigh na daltaí tógtha agus iad i mbun oibre agus tháinig brón, nó fearg, nó frustrachas orthu nach mbeadh siad ábalta an tasc a chur i gcrích. Ach, de réir a chéile, d’fhoghlaim na daltaí go mbíonn scileanna agus tallanna éagsúla ag gach duine. D’fhoghlaim siad fosta, go n-amharcann daoine difriúla ar an fhadhb chéanna ar bhealaí difriúla. Chomh maith leis sin, nuair a bhíonn ról difriúil agat, cuireann tú rudaí difriúla i dtús áite.
San iomlán, shíl daltaí an Iúir gur clár thar a bheith fiúntach é. D’fhoghlaim siad a lán scileanna le cuidiú leo a gcuid mothúchán a rialú. D’fhoghlaim siad óna chéile faoi na dearcthaí éagsúla a bhíonn ag daoine difriúla ar an tasc céanna, agus an tábhacht a bhaineann le cumarsáid mhaith agus le tú féin a choinneáil socair.
Maith sibh, a dhaltaí an Iúir! Is léir go bhfuil sibh iontach maith anois ag comhoibriú agus ag cuidiú lena chéile le tascanna deacra a chur i gcrích - scileanna atá ríthábhachtach don saol. ?
Le plé nó le déanamh
🧱 An maith leat bheith ag súgradh le Lego? Cad iad na scileanna a thig leat a fhoghlaim ó bheith ag súgradh leis, dar leat?
🧱 An dtig leat smaoineamh ar dhúshlán nó fadhb a sháraigh tú féin? Cad é mar a d’éirigh leat an fhadhb a réiteach?
🧱 An síleann tú go dtig leat scileanna a fhorbairt le linn súgradh a bheadh úsáideach don saol oibre nuair a bheas tú mór? Más ea, cén sórt scileanna iad agus cén sórt jabanna ina dtiocfadh leat iad a úsáid?
(* Gabhann NA buíochas le múinteoir Laura agus daltaí Bhunscoil an Iúir as an scéal seo agus a gcuid grianghraf a roinnt linn.)