Scála Richter

An 5ú Eanáir, 2024


Tháinig Charles Richter aníos le Scála Richter sa bhliain 1935. (Tógadh an grianghraf seo sa bhliain 1970.)

Pic le Suirbhé Geografach SAM trí Wikimedia Commons.

 

Léiríonn Scála Richter dúinn cé chomh láidir is atá Crith Talún. Tá sé sórt cosúil le rialóir mór ach in áit fad a thomhas, tomhaiseann sé an méid a chreathann an talamh agus taispeánann sé sin dúinn cé chomh láidir is atá an crith talún.

Úsáidimid Scála Richter le déine creathanna talún a thomhas.

Curtha in oiriúint ó léaráid le Designua trí Shutterstock.

 

Téann an scála ó 0 go 9. Is é 9 an crith talún is láidre is féidir. Samhlaigh an peann beag a chruthaíonn graf Richter – má bhíonn creathadh níos mó ann, bogfaidh an peann níos mó agus níos gasta! Dá airde an uimhir ar scála Richter, is amhlaidh is láidre an crith talún agus is mó damáiste a dhéanfaidh sé.

Seismeagraf – an gléas a thomhaiseann déine an chreatha talaimh agus úsáidimid Scála Richter leis an ghraf a léamh.

Pic le Jsail4fun trí Imgur


Rud eile atá suimiúil faoi scála Richter ná go bhfuil gach uimhir 10 n-uaire níos láidre ná an uimhir roimpi.

Mar sin, tá crith talún ar dhéine 2, 10 n-uaire níos láidre ná crith talún de dhéine 1. Tá crith talún ar dhéine 3 10 n-uaire níos láidre ná crith talún de dhéine 2.

Má smaoiníonn tú faoi, ciallaíonn sé sin go bhfuil crith talún ar dhéine 3 100 uair níos láidre ná crith talún de dhéine 1 agus crith talún ar dhéine 4 1000 uair níos láidre ná crith talún de dhéine 1!

Creid é nó ná creid ach bíonn seismeagraif ábalta creathanna talún a mhothú in Éirinn ó am go ham ach bíonn siad chomh héadrom sin – déine 2 nó níos lú – nach mothaímidne iad. 

Curtha in oiriúint ó léaráid le VectorMine trí Shutterstock.

 

Creid é nó ná creid, tarlaíonn creathanna talún in Éirinn ó am go chéile, ach ní bhíonn siad róláidir. I mí na Bealtaine anuraidh (2023), bhí crith talún ann in aice le Páirc Náisiúnta Ghleann Bheatha i nDún na nGall. Bhain an crith ar mhéid 2.5 ar scála Richter. Bhí an crith talún sa tSeapáin Dé Luain chóir a bheith ag déine 7.6 – sin 5 phointe níos airde nó 100,000 uair níos láidre ná an crith talún a bhí ann i nDún na nGall!

Bheadh crith talún ar dhéine 7.6 níos mó ná 100,000 uair níos láidre ná ceann ar dhéine 2.5

Curtha in oiriúint ó léaráid le Gritsalak Karalak trí Shutterstock.

baruil