Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

Tá ‘Comórtas na gCártaí Nollag, 2023’ druidte anois. Ba mhaith le NuachtAnois buíochas mór a ghabháil le gach uile dhuine agus le gach uile scoil a sheol iontráil isteach. Bhí an caighdeán thar a bheith ard ann arís i mbliana agus fuair muid na céadta cárta.
Bhí Foireann Iomlán NuachtAnois ag obair mar mholtóirí i mbliana – caithfidh muid a rá, bhí cúpla titim amach ann nó bhí sé iontach deacair againn aontú ar bhuaiteoir, ach…
Sa deireadh…
shocraigh muid…
…
…
an bhfuil sibh réidh?
…
Cárta Anna-Rose
agus
Cárta Mary-Kate
Bhí caighdeán na gcártaí ar fad THAR A BHEITH ARD agus tá sé soiléir gur chuir gach duine an-iarracht isteach, go raibh míle maith agaibh. Ba bhreá linn gach uile chárta a thaispeáint daoibh ach ghlacfadh sé uair an chloig, nó níos mó! Mar sin, roghnaigh muid dornán de na cártaí a fuair ardmholadh agus chuir muid le chéile iad sa scannán beag seo…bainigí sult astu!