Seó Soilse sa Spéir…

An 12ú Nollaig, 2023


Tugaimid réaltaí reatha ar na splancanna solais a eitlíonn tríd an spéir ach cuid mhaith den am, ní réaltaí iad ar chor ar bith


Tá dea-scéal againn daoibh, agus tá drochscéal againn daoibh. An dea-scéal? Beidh radharc iontach ann sa spéir an tseachtain seo ar fad. Beidh na céadta réalta reatha le feiceáil má bhreathnaíonn tú suas, go háirithe oíche amárach agus oíche Déardaoin. Agus an drochscéal? Ag brath ar an áit a bhfuil tú sa tír – tá seans ann nach bhfeicfidh tú aon rud sa spéir ach scamaill!

Bíonn am crua ag na réadóirí in Éirinn!


Cad é go díreach atá i gceist?

An rud a bheas le feiceáil sa spéir, ní réaltaí a bheas iontu dáiríre, ach beidh cuma réalta reatha orthu. Is rud ollmhór ar fad í réalta. Is réalta í an Ghrian s’againne agus is í an Ghrian an réalta is cóngaraí don domhan. Na rudaí a bheas le feiceáil sa spéir an tseachtain seo, baineann siad le dreigechith darb ainm na Geiminidí.

Tógadh an grianghraf seo de na Geiminidí sa tSín in 2019


Tugaimid dreige ar phíosa beag carraige a bhriseann ar shiúl ó astaróideach thuas sa spás. Nuair a bhriseann dreigí isteach in atmaisféar an Domhain, dónn siad agus fágann siad rian solais ina ndiaidh agus iad ag eitilt tríd an spéir. Nuair a bhíonn cuid mhór dreigí ann san aon am amháin, tugaimid dreigechith orthu.

In amanna, fágann astaróidigh clocha beaga nó dusta ina ndiaidh. Má thagann cloch bheag mar seo isteach in atmaisféar an Domhain, bíonn sí le feiceáil sa spéir.


Bíonn a lán fórsa de dhíth le briseadh isteach in atmaisféar an Domhain agus éiríonn an dreige thar a bheith te

Tá clú ar na Geiminidí mar gur féidir le réalteolaithe a bheith ag brath orthu ag tús mhí na Nollag gach uile bhliain. Bíonn siad i gcónaí le feiceáil sa spéir agus níl teileascóp ná déshúiligh de dhíth le hiad a fheiceáil. Is féidir iad a fheiceáil go furasta le do shúile cinn mar go n-eitlíonn siad rud beag níos moille ná cuid mhór dreigí eile – ní bhíonn siad ag dul ach 35 ciliméadar sa soicind!

Bíonn na Geiminidí le feiceáil gach bliain i mí na Nollag

 

Tugtar na Geiminidí orthu mar go mbíonn siad le feiceáil áit a bhfuil an réaltbhuíon Gemini, nó ‘an Cúpla’, sa spéir. Má bhíonn spéir ghlan ann, nó má bhíonn briseadh sna scamaill, oíche ar bith an tseachtain seo, ach oíche amárach agus oíche Déardaoin go háirithe, beidh suas le 150 réalta reatha le feiceáil sa spéir, gach uile uair an chloig!

An réaltbhuíon Gemini – an bhfeiceann sibh an fáth a dtugtar ‘an Cúpla’ ar an réaltbhuíon seo i nGaeilge?

Deir na réalteolaithe go mbeidh an seó soilse i bhfad níos feiceálaí i mbliana freisin mar nach mbeidh an Ghealach le feiceáil sa spéir. Bíonn na réaltaí reatha níos éasca a fheiceáil nuair a bhíonn an spéir níos dorcha. Ciallaíonn sé sin go mbeidh sé níos deacra na Geiminidí a fheiceáil má chónaíonn tú i gcathair nó i mbaile mór, mar gheall ar an truailliú solais.

An mbeidh spéir ghlan ann oíche amárach?

(Ó shuíomh Aimsir TG4)


Le plé / le déanamh

☄️ Tabhair cuairt ar Aimsir TG4 agus breathnaigh ar an léarscáil aimsire s’acu. An bhfuil a fhios agat cén áit a bhfuil do bhaile féin ar an léarscáil? An síleann tú go mbeidh seans maith agat na Geiminidí a fheiceáil oíche ar bith an tseachtain seo?

☄️ Taistealaíonn na dreigí sna Geiminidí 35km sa soicind. Tá Éire thart ar 486km ar fad, ó bhun go barr. Oibrigh amach cá mhéad soicind a thógfadh sé ar dhreige amháin taisteal ó Chionn Mhálanna i nDún na nGall a fhad le Carn Uí Néid, i gContae Chorcaí?

☄️ An féidir leat a oibriú amach cá mhéad ciliméadar a thaistealódh dreige in aon nóiméad amháin?



baruil