2. Bia ag athrú

An 8ú Nollaig, 2023


San alt deireanach bhí muid ag amharc ar an dóigh a n-athraíonn bia mar gheall ar fhuacht. Ach, is féidir linn bia a athrú le teas chomh maith. Sa gheimhreadh, nuair a bhíonn an aimsir fuar, is fearr linn bia te a ithe. Fadó fadó, d’fhoghlaim daoine go dtiocfadh leo cuid bianna a dhéanamh níos blasta trína gcócaráil ar an tine.

(Pota anraith thar tine)


Bíonn feoil níos blasta (agus níos fusa a ithe) nuair a dhéantar í a chócaráil.

(feolta agus iasc éagsúla atá amh, sula ndéantar iad a chócaráil)


(feolta atá cócaráilte)


Le bia a chócaráil, déanann tú é a théamh go dtí go mbíonn sé iontach te. Fadó fadó, rinne daoine seo le tine. Ach, sa lá inniu, thig linn bia a théamh is a chócaráil san oigheann.  

In amanna, déanaimid bia a théamh go gasta i micreathonnán fosta. An bhfuil ceann acu seo i do theach?

(micreathonnán) 


Ar an dóigh chéanna agus a n-athraíonn an fhuacht bia, tarlaíonn athruithe do bhia mar gheall ar theas chomh maith. Mar shampla, nuair a éiríonn deochanna, nó bianna atá ina leachtanna te, bíonn gal ag teacht uathu.

(An bhfeiceann tú an gal ag teacht ón phota tae agus ón phota ar an sorn?)


Bíonn cuid bianna ag leá mar gheall ar an teas chomh maith. Amharc ar an cháis ar an phíotsa seo atá te. 


Cad é tá ag tarlú don tseacláid sa phictiúr seo?

(Bhí an tseacláid ina solad, ach leis an teas, d’athraigh sí go dtí leacht.)


Amharc ar an im ag leá sa fhriochtán san fhíseán seo. An bhfaca tú duine ar bith á dhéanamh sin sa bhaile roimhe?

Im


An mbíonn tú ag bácáil sa teach in am ar bith? Ar thug tú faoi deara an t-athrú a thagann ar an taos? Amharc ar an fhíseán seo de bhrioscaí ag bácáil. Cad é mar a athraíonn an taos le linn dó bheith ag bácáil?

Brioscaí


Le plé nó le déanamh


Cén cineál bia is fearr leat féin? An fearr leat bia atá te nó fuar? (Nó, an mbraitheann sé ar an aimsir?)


Ar chuidigh tú le bia a chócaráil sa bhaile riamh? Cad é an sórt bia a bhí ann? Cad é a rinne tú leis an bhia sin a dhéanamh réidh le hithe?


I gcuideachta duine fásta, déan triail ar bhia a athrú le teas tú féin.


An dtig leat na focail seo ón teacs a mhíniú do dhuine eile?

Fuacht, teas, leacht, gal, ag leá, solad

(B’fhéidir go dtiocfadh leat pictiúir a tharraingt leis na focail a mhíniú.)


Creidiúintí

baruil