Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

An raibh a fhios agaibh go raibh Seachtain Dhomhanda na Rann do Pháistí á ceiliúradh ar an tseachtain seo caite? B’fhéidir gur ghlac na ranganna óga i do scoil páirt ann? An bhfuil mórán rann ar eolas agat féin? Is dócha gur fhoghlaim tú roinnt rann agus tú ag freastal ar an Naíonra nó sna Naíonáin Bheaga agus Naíonáin Mhóra, mar shampla:
Aon, dó, trí,
Lucha beaga buí
Ag ithe píosa cáise
I ngan fhios d’fhear an tí.
Cat mór liath,
Tháinig sé isteach.
Cad é a rinne na luchóga?
Rith siad amach!
Is rímeanna gairide, simplí a bhíonn sna rainn. Bíonn athrá iontu go minic fosta, mar shampla:
Cúigear fear ag tógáil tí,
Ag tógáil tí, ag tógáil tí.
Cúigear fear ag tógáil tí.
Shuigh fear síos is lig sé a scíth
Ceathrar fear ag tógáil tí…
Triúr fear ag tógáil tí…
Beirt fhear ag tógáil tí…
Fear amháin ag tógáil tí…
Fear ar bith ag tógáil tí,
Ag tógáil tí, ag tógáil tí.
Fear ar bith ag tógáil tí,
Shuigh siad síos is lig siad a scíth.
Cuidíonn an rím agus an t-athrá le páistí óga cuimhne a dhéanamh ar na focail. Cuidíonn na rainn seo linn, chomh maith, cuimhne a dhéanamh ar fhrásaí áirithe, nó ar rialacha sa teanga. (Sa chás seo, go n-athraítear na huimhreacha nuair a bhíonn tú ag caint faoi líon na ndaoine.) Tá rainn mar seo á rá ag páistí ar fud an domhain leis na céadta bliain. Den chuid is mó, ní bhíonn a fhios againn cé a scríobh iad i dtús báire.
Tá cuid mhór rann againn i nGaeilge. Mar shampla, tá sean-rainn againn a cumadh i nGaeilge, chomh maith le rainn eile a aistríodh ón Bhéarla, cosúil le:
Bhí Humptaí Dumptaí ina shuí ar an bhalla
Shéid an ghaoth agus thit sé go talamh
Briseadh a cheann agus scoilteadh a chroí
Ar dtús bhí sé bán, anois tá sé buí.
Bíonn ceol le cuid de na rainn fosta. Is minic a chuidíonn ceol linn le cuimhne a dhéanamh ar fhocail. An bhfuil an ceann simplí seo ar eolas agaibh?
Tá an coileach ag fógairt an lae
Tá an coileach ag fógairt an lae
Tá an mhuc ag an doras ag iarraidh é a oscailt
Tá an coileach ag fógairt an lae
Tá an coileach ag fógairt an lae
Tá an coileach ag fógairt an lae
Tá an chearc is a hál ina gcodladh go sámh.
Tá an coileach ag fógairt an lae
Tá an coileach ag fógairt an lae
Tá an coileach ag fógairt an lae
Tá an chaora is a huain ina dtoirchim suain
Tá an coileach ag fógairt an lae.
Nó b’fhéidir go bhfuil an ceann seo ar eolas agaibh?
Le plé nó le déanamh