Gaza gan ghnaoi

An 16ú Samhain, 2023

Le breis agus mí anuas, tá cogadh ag tarlú sa Mheán-Oirthear. Ní bhíonn mórán trócaire le sonrú i gcogadh ar bith, agus, ar an drochuair, is amhlaidh an cás sa chogadh fhuilteach seo idir Iosrael agus Gaza.

(Léarscáil de chuid den mheán-oirthear: Iosrael, Gaza agus an Bruach Thiar - Cuirtear “an Phalaistín” ar Gaza agus an Bruach Thiar le chéile)


Deir muintir Iosrael gurb iad na sceimhlitheoirí ó Gaza a chuir tús leis an chogadh seo ar an 7ú lá Deireadh Fómhair, nuair a rinne trodaithe Hamas ionsaí ar thalamh Iosrael.

(Nuair a d'ionsaigh fórsaí Hamas dhóigh siad tithe daoine in Iosrael.)


Ar thaobh Gaza, áfach, deir na daoine go dtéann cúis an scéil seo siar tríd na blianta. Tá stair fada idir muintir Iosrael agus lucht na Palaistíne. Thiar sa bhliain 1948, bhí na Briotanaigh i gceannas sa Mheán-oirthear i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda. Thug na Briotanaigh talamh do na céadta mílte Giúdach a bhí ag iarraidh a dtír féin a bheith acu i ndiaidh an slad a rinneadh ar an chine Ghiúdach le linn an chogaidh agus leis na céadta bliain roimhe sin. Cuireadh an tír nua Iosrael ar bun san áit ina mbíodh Iosrael in am an Tiomna Nua.

(Bratach Iosrael)


Thosaigh tír Iosrael amach níos lú ná mar atá sé anois. Ach, de réir a chéile, scaip an tír amach ag glacadh níos mó de thalamh na Palaistíne faoina sheilbh. In amanna, thar na blianta, chaith arm Iosrael daoine ón Phalaistín amach as a dtithe agus a gcuid tailte leis an talamh sin a thabhairt do dhaoine ó Iosrael. Sa lá atá inniu ann, tá giota níos lú ná 10 milliún duine ina gcónaí in Iosrael agus thart faoi 5 mhilliún duine ina gcónaí sa Phalaistín - dhá mhilliún acu siúd in Gaza. Is tíortha beaga iad beirt, Iosrael agus an Phalaistín. Níl Gaza ach ar cóimhéid le thart faoi leathchuid de Chontae Lú!

(Gaza i gcomparáid le léarscáil na tíre seo. Tá sé níos lú ná an contae is lú!)


Sa lá inniu, tá arm mór láidir ag Iosrael. Bíonn ar gach duine in Iosrael ceithre bliana a chaitheamh mar shaighdiúir san arm sin. Faigheann Iosrael tacaíocht agus gléasanna troda ó Mheiriceá agus ó thíortha eile san Eoraip.

(Tá aerfhórsa, tancanna, srl. ag Iosrael.)


Ar an lámh eile, níl mórán saighdiúirí agus gléasanna móra troda ag Gaza. Cuireadh iontas ar Iosrael an mhí seo caite nuair a d’éirigh le Hamas ionsaí mór fuilteach a dhéanamh air. Mharaigh Hamas níos mó ná 1200 duine in Iosrael - 30 páiste ina measc sin. Agus d’fhuadaigh siad 203 duine eile, 30 páiste ina measc siúd chomh maith. Is droch-scéal amach is amach é an méid sin a tharla.

(Póstaer ag léiriú eolais faoi pháiste amháin a d'fhuadaigh Hamas ar an 7.10.23)


Ach, is olc ar fad an méid atá ag tarlú ó shin i leith chomh maith. Gach lá agus oíche, tá Iosrael ag caitheamh buamaí anuas ar mhuintir Gaza. Bhí ar 70% de mhuintir Gaza bogadh amach as a dtithe sula scriosfaí iad. Meastar go bhfuil 11,078 duine marbh i Gaza ó thosaigh an cogadh seo (4,324 páiste ina measc siúd). Ar an drochuair, tá an uimhir sin ag méadú gach lá mar nach stopfaidh Iosrael den bhuamáil go dtí go bhfaighidh siad na gialla ar ais, a deir siad.

(Muintir na Palaistíne ag iarraidh cuidiú le daoine a gortaíodh sa bhuamáil atá á dhéanamh ag Iosrael orthu.)


Cháin Antonio Gutiérrez (an fear atá i gceannas ar na Náisiúin Aontaithe) an t-ár a rinne Hamas ar Iosrael ar an 7ú lá Deireadh Fómhair. Ach, dúirt sé fosta nár tharla an marú millteanach sin gan chúis. Le breis agus leathchéad bliain anuas, tá Iosrael ag imirt cos ar bolg ar mhuintir na Palaistíne, ag glacadh seilbh ar níos mó agus níos mó dá dtailte de réir a chéile agus ag coinneáil mhuintir na Palaistíne faoi smacht, cuachta istigh i gceantar beag gan chead acu imeacht nuair is mian leo. Dúirt roinnt iriseoirí go bhfuil Gaza cosúil le príosún gan díon, mar nach mbíonn cead ag na daoine imeacht as gan cead ó Iosrael.

(Daoine ag fanacht le fáil amach ag an teorainn idir Gaza agus Iosrael.)


Ag deireadh an lae, is scéal thar a bheith truacánta é an ghéarchéim seo. Dúirt Antonio Gutiérrez fosta gur reilig do pháistí atá sa Phalaistín anois. Stop Iosrael an leictreachas, an ola agus fiú an t-uisce ag dul isteach in Gaza. Sin uilig agus tá buamaí ag titim anuas ar an áit gach lá!

(Babaí tinn in otharlann i nGaza. Bhí ar an chuid is mó de na hotharlanna a dhruidim i nGaza mar nach bhfuil cumhacht ar bith acu le cúram a thabhairt ar na daoine atá tinn.)


Tá daoine in Éirinn agus i dtíortha eile anois ag léirsiú ar son na síochána, ag impí ar rialtas ár dtíre agus rialtais i dtíortha eile a dtionchar a úsáid chun stad a chur leis an slad.


Léirsiú ar son na síochána i Londain

(Teidithe ar shráideanna Béal Feirste mar shiombail de na páistí ar fad atá ag fulaingt sa chogadh mhillteanach seo.)



De ghnáth bíonn grúpaí polaitiúla i mbun tíre. Mar shampla, in Éirinn faoi láthair, tá trí pháirtí ag stiúradh an rialtais i gcomhpháirt - is iad sin Fianna Fáil, Fine Gael agus an Comhaontas Glas. Fuair siad an ról sin mar gur sheas siad i dtoghchán agus thug daoine vótaí dóibh. Bíonn deis ag muintir na tíre seo vóta a chaitheamh do rialtas nua gach ceithre bliana. Tá sé de dhualgas ar an rialtas seirbhísí a chur ar fáil don phobal - mar shampla, otharlanna, scoileanna agus iompar poiblí (busanna, traenacha, srl.) Mura mbíonn daoine sásta leis an rialtas agus an dóigh a mbíonn siad ag reáchtáil na tíre, is féidir leis an phobal vótaí a thabhairt do pháirtí nó grúpa eile sa chéad toghchán eile.


Oibríonn córas mar sin i gcuid mhaith tíortha, ach ní i nGaza. Thiar in 2006, bhí toghchán i nGaza agus thug na daoine vótaí do ghrúpaí éagsúla. Bhain Hamas an toghchán sin le 44% de na vótaí. Ag an am, chuir seo iontas ar dhaoine ó thíortha eile mar ní grúpa polaitiúil a bhí i Hamas. Ba ghrúpa armtha iad a rinne ionsaithe ar ghrúpaí eile, Iosrael ach go háirithe. Ach nuair a sheas Hamas sa toghchán gheall siad go mbeadh rudaí níos fearr do Gaza. Nuair a tháinig Hamas i gceannas, áfach, ní raibh siad sásta comhoibriú le mórán grúpaí eile. Tá Gaza ag brath ar chuidiú ó thíortha eile le fada an lá. Níor lig Hamas do thoghchán ar bith eile tarlú i nGaza ó bhí 2006 ann ach oiread.

(Trodaithe de chuid Hamas. Ní grúpa síochánta, daonlathach é. Le níos mó a fhoghlaim faoin daonlathas léigh an t-alt seo.)


Le plé nó le déanamh

Amharc ar an léarscáil thuas a léiríonn cuid den Mheán-Oirthear. An dtig leat a fháil amach cad iad na tíortha eile atá thart ar imeall Iosrael agus na Palaistíne?

Cá mhéad bliain ó shin a tháinig ann don tír “Iosrael”?

“Gaza gan ghnaoi” is teideal leis an alt seo. (Is ionann ‘gnaoi’ agus ‘gean’ nó ‘cion’.) An dtig leat smaoineamh ar theideal eile don nuacht seo?

Bíonn cogadh casta. An síleann tú gur féidir réiteach a fháil ar an staid seo? An bhfuil moladh ar bith agat don Iosrael agus don Phalaistín faoi láthair?

Léigh níos mó faoi stair an cheantair san fhillteán fíricí seo.

I measc na bpáistí a fuadaíodh ó Iosrael, tá Emily Hand atá 9 mbliana d’aois. Is as Éirinn dá hathair, Thomas. An dtig leat a shamhlú cad é mar a bhíonn lá amháin i ngéibheann di? Cad faoi pháiste sa Phalaistín, áit a mbíonn na buamaí móra ag titim gach lá agus oíche. Cad iad na mothúcháin agus na smaointe a bheadh agat dá mbeifeá in áit Emily nó páiste ón Phalaistín?

Samhlaigh do shaol gan leictreachas, ola nó uisce? Cad iad na rudaí uilig nach mbeifeá ábalta a dhéanamh gan iad?

An dtig leat achoimre a dhéanamh ar an alt seo? Pioc amach na cúig phíosa eolais is tábhachtaí, dar leat, agus inis do do rangsa iad. (Is féidir seo a dhéanamh i ngrúpaí.) An mbíonn na pointí céanna ag gach duine / grúpa?


Creidiúintí

baruil