Cloigeann gan chorp

An 8ú Samhain, 2023

An chrosóg mhara – béal sa lár agus cúig mhéar


Aithnímid uilig an cruth atá ar an chrosóg mhara – píosa beag sa lár agus cúig mhéar ag gobadh amach. Má amharcann tú san fhoclóir, feicfidh tú go bhfuil an dara hainm againn ar an chréatúr mara seo – an mhéadail mhéarach. Tugann an t-ainm seo le fios gur thuig na Gaeil riamh anall go raibh ‘cúig mhéar’ ar chorp na crosóige mara.

Ar smaoinigh tú riamh ar chorp na crosóige mara?


Ach tá eolaithe i Sasana i ndiaidh an tuiscint sin a thiontú bunoscionn! Tá na heolaithe lonnaithe in Ollscoil Southampton agus tá siad ag déanamh taighde ar na crosóga mara le deich mbliana anuas. Rinne siad staidéar ar chorp na crosóige mara agus síleann siad…nach corp é ar chor ar bith. Síleann siad gur ‘ceann’ nó cloigeann é an t-ainmhí ar fad!

Mar a fheicimid – níl an dá chrosóg mhara seo cosúil leis an chartún!


Sa chuid is mó de na hainmhithe a chónaíonn ar an domhan, bíonn taobh deas ann agus taobh clé – muidne san áireamh. D’fhéadfá líne shiméadrachta a tharraingt síos trí lár chorp an ainmhí agus bheadh taobh amháin mar a bheadh íomhá scáthánach ann den taobh eile. 

Tá taobh amháin den chorp sórt cosúil le híomhá scáthánach den taobh eile


Sna crosóga mara, áfach, tá cúig líne shiméadrachta sa chorp*. Chuir an difear seo idir corp na n-eicínideirmeach agus corp ainmhithe eile mearbhall ar eolaithe, riamh anall. Ceist mhór a bhí acu ná, an raibh cloigeann ag an chrosóg mhara agus, má bhí, cá raibh sé?

Crosóg mhara agus dhá chuán mara – is eicínideirmigh iad uilig


Bhreathnaigh na heolaithe i Sasana ar DNA na gcrosóg mara – sin an t-eolas taobh istigh de chorp gach rud beo. Is sórt plean nó cóid é a leagann amach an chuma a bheidh ar an rud. In DNA na n-ainmhithe eile, bhí píosaí den chód a bhain leis an chuma a bheadh ar an cheann, an chuma a bheadh ar an chorp agus an chuma a bheadh ar an eireaball. Ach, nuair a scrúdaigh na heolaithe DNA na crosóige mara, chonaic siad nach raibh ann ach an píosa den chód don cheann. 

Corp agus cloigeann na crosóige mara – an rud ceannann céanna!


Síleann na heolaithe anois, mar sin de, gur ‘ceann’ é an t-ainmhí ar fad! Síleann siad, i bhfad siar, na milliúin bliain ó shin sa stair, gur chaill na crosóga mara a gcorp, mar nach raibh sé de dhíth orthu níos mó. Ach caithfidh sé gur ainmhithe iontach stuama séimh iad, nó níor chaill siad an cloigeann riamh!


Le plé/le déanamh


𓇼 Léigh an fillteán fíricí seo faoin chrosóg mhara le roinnt fíricí eile a fhoghlaim fúithi.


𓇼 An bhfaca tú crosóg mhara riamh nó ar leag tú lámh ar cheann. Cén áit a raibh sí? Déan cur síos uirthi don chuid eile den rang.


𓇼 Is fíric sórt nua é, nach bhfuil ar eolas ag mórán daoine, nach bhfuil fíorchorp ag crosóga mara. An bhfuil fíricí ar bith ar eolas agatsa faoi ainmhí éigin nach bhfuil ar eolas ag mórán daoine eile? Mar rang, déanaigí liosta ar an chlár.


𓇼 Samhlaigh gur eolaí thú agus gur féidir leat taighde a dhéanamh ar do rogha ainmhí. Cén t-ainmhí a bheadh ann agus cén fáth?


baruil