Euro 2028 ag teacht go hÉirinn!

An 5ú Deireadh Fómhair, 2023


Beidh cluichí de chuid Euro 2028 á n-imirt in Éirinn! 


Tá sé chóir a bheith cinnte go mbeidh an comórtas sacair, Euro 2028, á reáchtáil in Éirinn agus sa Bhreatain in 2028. Ciallaíonn sé sin go mbeidh cuid de na foirne is láidre san Eoraip, agus cuid de na himreoirí is fearr ar domhan, ag imirt in éadan a chéile i mBaile Átha Cliath agus i mBéal Feirste.

An mbeidh Erling Haaland agus foireann na hIorua ag teacht go hiarthar Bhéal Feirste?


Bhí gach tír san Eoraip ábalta iarratas a chur isteach chuig UEFA más rud é go raibh siad ag iarraidh an comórtas a óstáil ina dtír féin. Tháinig na Cumainn Sacair uilig sa Bhreatain agus in Éirinn le chéile le hiarratas a chur isteach le chéile. Is ón Tuirc a tháinig an t-aon iarratas eile. Ach, nuair a d’fhógair an Tuirc Dé Céadaoin nach raibh siadsan ag iarraidh dul ar aghaidh lena n-iarratas, d’fhág sé sin gurb é iarratas na hÉireann agus na Breataine an t-aon iarratas atá istigh. Mar sin, tá sé ionann is cinnte go mbainfidh muid!

Chuir na 5 chumann sacair in Éirinn agus sa Bhreatain comhiarratas isteach


Mar chuid den iarratas, bhí ar na tíortha 10 staid sacair a ainmniú, ina bhféadfaí cluichí móra sacair a imirt. Roghnaigh siad staid amháin i nDún Éideann na hAlban, staid i gCaerdydd na Breataine Bige agus 6 staid dhifriúla i Sasana.

Roghnaigh siad staideanna sacair a bheadh mór go leor leis na cluichí móra idirnáisiúnta a óstáil


In Éirinn, roghnaigh siad Staid Aviva i mBaile Átha Cliath agus Páirc Mhic Asmaint i mBéal Feirste. An t-aon fhadhb ansin ná nach bhfuil staid nua Pháirc Mhic Asmaint tógtha go fóill! Deir Cumann Lúthchleas Gael, áfach, úinéirí Pháirc Mhic Asmaint, go mbeidh sí réidh faoin bhliain 2028.

Pictiúr a rinne ealaíontóir den staid nua ag Páirc Mhic Asmaint


Fadhb níos mó d’Éirinn, b’fhéidir, ná go bhfuil seans ann nach mbeidh ceachtar den dá fhoireann sa tír ag imirt sa chomórtas. Ligfidh UEFA do dhá fhoireann ó na tíortha a óstálann an comórtas áit a fháil go huathoibríoch ach beidh ar na trí thír eile imirt sna babhtaí cáilithe le háit a bhaint amach. De ghnáth, nuair a imríonn Foireann na Poblachta agus Foireann an Tuaiscirt sna babhtaí cáilithe do na comórtais mhóra – ní éiríonn go rómhaith leo! Thiocfadh leat a rá go mbeidh foireann na hAlban agus foireann na Breataine Bige sa bhád chéanna, nó ní bhaineann siadsan mórán cluichí ach an oiread!

Rangú sacair an domhain (ó FIFA, Meán Fómhair 2023) – beidh go leor oibre le déanamh ag an dá fhoireann as Éirinn le háit a fháil sna babhtaí ceannais


Mar sin, beidh na cúig fhoireann, Sasana, Albain, an Bhreatain Bheag, Tuaisceart Éireann agus Poblacht na hÉireann ag dúil le go n-éireoidh le triúr acu, ar a laghad, dul tríd na babhtaí cáilithe agus áit a fháil sa chomórtas. Ar an dóigh sin, bheadh an dá fhoireann eile ábalta an dá áit a thugann UEFA dóibh a ghlacadh.

Tá seans iontach maith ag foireann na Fraince na babhtaí ceannais a bhaint amach nó is foireann iontach maith iad – ach an mbeidh Kylian Mbappé go fóill leo?


Drochscéal eile d’Éirinn ná nach mbeidh James McClean ar fáil le cuidiú leo cáiliú don chomórtas. D’fhógair fear Dhoire inné go raibh sé ag éirí as an sacar idirnáisiúnta.

Dúirt James McClean inné go mbeadh sé ag éirí as an sacar idirnáisiúnta


Le plé agus le déanamh

⚽ An mbeadh suim agat féin freastal ar chluiche mór sacair, a mbeadh na mílte duine eile ag freastal air, nó arbh fhearr leat amharc air ar an teilifís? Mínigh do fhreagra.


⚽ Nuair a thagann comórtais mhóra mar seo chuig tír, déanann sé maitheas don eacnamaíocht sa tír. Tagann a lán turasóirí agus caitheann siad airgead. Bíonn poist nua ann fosta. Cén sórt post a bheadh de dhíth, dar leat, le tacú leis na cluichí móra sacair agus leis na daoine a thiocfaidh le bheith ag amharc orthu?


⚽ Chuir na tíortha uilig sna hoileáin seo iarratas isteach. Cad chuige a raibh líon chomh mór tíortha i gceist? Luaigh buntáiste amháin agus míbhuntáiste amháin leis an chur chuige seo.


⚽ An bhfuil tú eolach ar an sacar, nó ar an Eoraip? Rachaidh na foirne is fearr san Eoraip tríd le himirt sa chomórtas seo. Amharc ar léarscáil na hEorpa. An féidir leat tuar a dhéanamh cad iad na tíortha a bheas páirteach ann? Déan taighde ar cheann de na tíortha a roghnaíonn tú. Scríobh cárta eolais ar an tír sin. (Bailigh firicí cosúil le: cá mhéad duine a chónaíonn sa tír? Cén teanga a labhraítear ansin? Cén chuma atá ar bhratach na tíre? Ce hiad na himreoirí clúiteacha ar fhoireann sacair na tíre sin? B’fhéidir go mbeifeá féin ábalta smaoineamh ar fhíricí eile le cuardach.)


Creidiúintí

baruil