Seachtain Dhomhanda an Spáis

An 4ú Deireadh Fómhair, 2023


Ar amharc tú suas sa spéir oíche gheal? Cad é a chonaic tú? Seans maith go bhfaca tú an Ghealach agus pointí beaga solais. Is réaltaí iad an chuid is mó acu seo, ach tá roinnt pláinéad le feiceáil chomh maith. Ar feadh na mílte bliain, d’amharc daoine suas sa spéir ach ní raibh seans ar bith againn imeacht ón Domhan le cuairt a thabhairt ar rud ar bith sa Spás. Sin go dtí an bhliain 1969, nuair a leag an chéad duine cos ar an Ghealach.

Is mór mar a tháinig rudaí chun cinn ó shin agus tá seachtain againn anois le níos mó a fhoghlaim faoin fhorbairt sin, Seachtain Dhomhanda an Spáis. Is é téama na seachtaine i mbliana ná ‘Spás agus Fiontraíocht’ agus léiríonn sí go mbeidh lámh níos mó ag an ghnó leis an Spás. Cad iad na deiseanna, mar sin, atá ann?

Roicéad de chuid Mhisean Artemis.

Sa chéad dul síos, le Misean Artemis, tá NASA ag pleanáil daoine a thabhairt ar ais chuig an Ghealach faoin bhliain 2025 agus tá a lán gnólachtaí ag obair leo. Aithníonn NASA gur féidir le comhlachtaí rudaí a dhéanamh níos saoire AGUS níos gasta, in amanna. Is minic a bhíonn conradh acu leis na comhlachtaí sin. Más spéis leat an Spás, beidh an cineál seo oibre iontach tábhachtach amach anseo.

Cén sórt saoil a bheadh againn ar an Ghealach?

Tá NASA ag iarraidh daoine a chur a chónaí ar an Ghealach ina dhiaidh sin agus beidh a lán rudaí de dhíth orthu agus iad ann. Agus tá plean níos mó arís acu – is é sin, daoine a thabhairt go dtí Mars! Ach tá fadhbanna móra rompu. Ní ghlacann sé ach cúpla lá le dul go dtí an Ghealach, glacfaidh sé ar a laghad bliain le dul go Mars.

An carr ‘Opportunity’ ar Mhars.

Bealach eile a bhfuil comhlachtaí ag smaoineamh ar airgead a ghnóthú as an Spás ná mianadóireacht a dhéanamh ar astaróidigh. Cheana féin, thug daoine dusta agus carraigeacha abhaile ó astaróidigh. Níl de dhíth anois ach misean níos mó le rudaí luachmhara atá de dhíth a thabhairt ar ais!


Agus cá bhfios nach dtiocfaimid ar neacha beo eile amuigh sa Spás? Tá spás-teileascóp ollmhór amuigh sa Spás, Spás-teileascóp James Webb, agus tá sé ag cuardach comharthaí go bhfuil beocht ar phláinéid eile. B’fhéidir go dtiocfadh an scéala amach, lá éigin, nach bhfuilimid linn féin sa Chruinne!


Is rud iontach spleodrach é an Spás – seo do sheans níos mó a fhoghlaim faoi!


Le déanamh:

Ar mhaith leat cónaí ar an Ghealach? Cad iad na rudaí ba mhaith leat a dhéanamh agus tú ann? Cad iad na rudaí a bheadh de dhíth ort nach mbeadh ar fáil ar an Ghealach? Déan liosta.


Ritheann Seachtain Dhomhanda an Spáis idir 4ú Deireadh Fómhair agus an 10ú. Dear póstaer ag spreagadh daoine le spéis a chur sa Spás.


Le plé:

Abair go bhfuair eolaithe amach go raibh neacha beo eile ann ar phláinéad eile. Cad é ba chóir dúinn a dhéanamh. Ar chóir dúinn iarracht a dhéanamh teachtaireacht a chur chucu? Nó ar chóir dúinn fanacht inár dtost?


baruil