An Comórtas Náisiúnta Treabhdóireachta

An 18ú Meán Fómhair, 2023

(Comórtas treabhdóireachta ar an seanstíl.)


B’fhéidir nár chuala gach duine agaibh iomrá ar an chomórtas seo roimhe, ach tarlaíonn sé gach bliain in Éirinn. An rud atá i gceist leis, ná Seó Mór Talmhaíochta. Is é ceann de na himeachtaí taobh amuigh is mó a tharlaíonn san Eoraip é. Mar chuid den ócáid mhór seo, bíonn comórtas ann idir na feirmeoirí lena fheiceáil cé acu is fearr i mbun treabhdóireachta.

(Comórtas treabhdóireachta agus trealamh na linne seo in úsáid.)

Cuireadh tús leis an Chomórtas Náisiúnta sa Treabhdóireacht thiar i 1931. An bhliain sin, tharla argóint idir beirt fheirmeoirí, duine amháin acu ó Chontae Chill Dara agus an duine eile ó Chontae Loch Garman. Shíl siad beirt gurbh fhearr a bhí na feirmeoirí ag treabhadh ina gcontae féin. Leis an argóint a réiteach, chinntigh siad ar chomórtas a bheith acu. Ach, nuair a chuala feirmeoirí eile ó chontaetha eile faoin chomórtas seo, bhí siad uilig ag iarraidh bheith páirteach ann. Mar sin, ar an 16ú lá Feabhra 1931, ghlac feirmeoirí ó naoi gcontae páirt sa chéad chomórtas.
(Ba ghnách le feirmeoirí treabhadh a dhéanamh le capaill.)

An lá sin, bhain an fear as Loch Garman, ach bhain gach duine sult agus tairbhe as an imeacht. Shíl siad gur deis mhaith a bhí ann ligean do na feirmeoirí bualadh lena chéile, craic a bheith acu agus gnó a dhéanamh lena chéile chomh maith. Shocraigh na naoi gcontae a bhí páirteach an lá sin rialacha agus aidhmeanna don chomórtas treabhdóireachta. As sin, d’fhás an ócáid mhór a tharlaíonn anois gach bliain.
(Daoine ag tabhairt cuairt ar an chomórtas treabhdóireachta cúpla bliain ó shin.)

Tagann thart faoi 300,000 cuairteoir chuig an Chomórtas Náisiúnta Treabhdóireachta anois gach bliain. Chomh maith leis an treabhdóireacht féin, bíonn neart imeachtaí eile le feiceáil ann - mar shampla, taispeántais bia agus cócaireachta, seó faisin, taispeántais tarracóirí agus innealra feirme, comórtais lomtha caorach, srl. Bíonn deis ag na feirmeoirí a bhaineann an treabhdóireacht dul ar aghaidh agus páirt a ghlacadh i gcomórtais idirnáisiúnta. (Agus bhain feirmeoirí ón tír seo craobhchomórtas an domhain roimhe sa treabhdóireacht.)
(Bíonn taispeántais bia ar siúl agus cuid mhór bia blasta le fáil.)

Ar ndóigh, titeann an Comórtas Náisiúnta Treabhdóireachta amach i mí Mheán Fómhair gach bliain, le fada an lá. Agus i mbliana, beidh sé ag tarlú an tseachtain seo, ón 19 - 21ú den mhí seo, i Ráth an Uisce i gContae Laoise.
(Bíonn comórtais lomtha caorach ar siúl chomh maith.)

B'fhéidir go mbeadh duine agaibh ag dul  chuige.


Le plé nó le déanamh
An bhfaca tú feirmeoir ag treabhadh goirt roimhe? An síleann tú go mbeadh sé deacair nó furasta gort a threabhadh? Cad chuige?

Cad iad na rialacha, i do bharúil, i gcomórtas treabhdóireachta? Cén dóigh a phioctar an buaiteoir, dar leat?

Cá mhéad bliain ó shin a tharla an chéad chomórtas treabhdóireachta in Éirinn?
Aimsigh na contaetha atá luaite san alt ar léarscáil na tíre. Cén cúige ina bhfuil siad?

An raibh tú ar fheirm riamh, nó ar thug tú cuairt ar sheó talmhaíochta riamh? Inis do do rang faoin taithí sin. (Thiocfadh leat tuairisc bheag a scríobh faoi agus pictiúr a tharraingt le dul léi sin.)


Creidiúintí


baruil