Lá le leabhar a léamh

An 6ú Meán Fómhair, 2023

Inniu an 6ú lá Meán Fómhair agus thall i Stáit Aontaithe Mheiriceá, tá siad ag ceiliúradh leabhar agus na léitheoireachta ar an lá seo. Is é mí Mheán Fómhair ‘Mí na léitheoireachta’, agus, ós rud é go mbíonn na céadta míle dalta ag tosú ar scoilbhliain úr an mhí seo, is am maith é chun leabhar a léamh!

An t-am seo den bhliain, bíonn daltaí ag tosú ar ais ar scoil i gcuid mhór tíortha. (Pic le Sony Herdiana/Shutterstock.com)


Ar ndóigh, ní chaithfidh tú leabhar IOMLÁN a léamh inniu! Ach ab é gur leabhar tanaí é, bheadh sé deacair an t-am a fháil le leabhar a léamh taobh istigh d’aon lá! Ach, thiocfadh leat tús a chur le leabhar nua, nó píosa a athléamh ón leabhar is fearr leat.

                        (B'fhéidir go dtiocfadh leat cuntas a dhéanamh ar an mhéid leabhar a léann tú an mhí seo.)

Ach, cad faoi na daoine nach maith leo bheith ag léamh? Bhuel, tá seans ann nach raibh siad ag amharc ar na leabhair chearta roimhe seo! Caithfidh sé go bhfuil suim acu i rud éigin - ficsean eolaíochta, spórt, feirmeoireacht, ealaín, éadaí, stair, cluichí ríomhaireachta, srl. Má théann tú go leabharlann nó siopa leabhar, is cinnte go mbeidh leabhar de chineál éigin ansin a mbeadh suim agat ann.

                                         (B'fhéidir go mbeadh suim agat leabhar faoin Spás a léamh?)

Is lá maith é seo, fosta, le cuimhneamh ar na buntáistí a bhaineann leis an léitheoireacht. Mar shampla, cuidíonn an léitheoireacht leat d’inchinn a shuaimhniú nuair a mhothaíonn tú faoi strus. Cuidíonn an léitheoireacht leat d’inchinn a dhíriú ar an obair níos fearr, agus, má bhíonn tú ag léamh go rialta, méadaíonn sé do chuimhne. Ar an dóigh chéanna a ndéanann daoine aclaíocht lena gcorp a thraenáil, bíonn an léitheoireacht cosúil le traenáil don inchinn.

 (Déanfaidh an léitheoireacht d'inchinn níos láidre agus níos sláintiúla.)

Rud eile atá maith faoin léitheoireacht ná go dtig leat í a dhéanamh gan cur isteach ar dhuine ar bith eile. Ní thig le do dheartháir ná le do dheirfiúr gearán a dhéanamh nach bhfuil tú ag roinnt cluiche leo, nó, nár thug tú seal dóibh ar an táibléad, ná go bhfuil tú ró-challánach! Le fírinne, tá seans maith ann go mbeidh do thuismitheoirí nó do chaomhnóirí iontach sásta tú a fheiceáil ag léamh leat go ciúin agus ní ligfidh siad do dhuine ar bith eile sa teaghlach cur isteach ortsa!

                                             (Ná cuir isteach orm - tá mé ag léamh!)


Le plé nó le déanamh


Léigh leabhar, nó caibidil as leabhar inniu.

Cad é an leabhar is fearr leat? D’fhéadfá tuairisc bheag a scríobh faoin leabhar lena mholadh do dhaoine eile sa rang.

Eagraigh ‘Cóisir léitheoireachta’ le do chairde, nó le do rang, go fiú. Níl de dhíth ach cúpla leabhar maith an duine, cathaoireacha compordacha agus cúisíní, deochanna agus sólaistí. Ansin, déanaigí sibh féin réidh socair agus léigí libh ar bhur suaimhneas!

Tá cuid mhór scannán bunaithe ar leabhair. Ach tá sé deacair gach rud atá scríofa i leabhar a thaispeáint in am gairid i scannán. Mar sin, is minic a bhíonn rudaí ó na leabhair fágtha amach as na scannáin. Inis dúinn faoi scannán a chonaic tú atá bunaithe ar leabhar a léigh tú. Ar aithin tú difríochtaí idir eatarthu? Cad é a bhí fágtha amach? Cé acu is mó a thaitin leat – an leabhar nó an scannán? Cad chuige?


baruil