An gcuidíonn éide scoile leis an fhoghlaim?

Má thagann tú isteach ar scoil agus bríste reatha ort, cuirtear abhaile thú

Pic le Red Moccasin/Shutterstock

 

Tá scoil sa Ghearmáin i ndiaidh cosc a chur ar bhríste reatha ar scoil. Má thagann duine ar bith isteach ar scoil gan bríste nó sciorta ‘ceart’ air nó uirthi, cuirtear abhaile é nó í! Tá an scoil suite in iarthar na Gearmáine agus deir siad go bhfuil siad ag cur cosc ar bhríste reatha le cuidiú le páistí aird a dhíriú níos fearr sa rang.

Síleann an scoil go gcuidíonn éide scoile ‘cheart’ leat níos mó airde a dhíriú sa rang

Pic le AntonioDiaz/Shutterstock

 

Is bríste breá compordach é bríste reatha. Tá sé déanta d’éadach bog – rud foirfe le caitheamh agus tú ag iarraidh rudaí a ‘thógáil go bog’. Ach, tá an scoil ag iarraidh NACH dtógfaidh daltaí go bog é agus iad istigh ar scoil. Dar leo go bhfuil siad ar scoil le bheith ag foghlaim, ní le rudaí a thógáil go réidh ná lena suaimhneas a dhéanamh.

Bríste reatha compordach a chuidíonn leat do scíste a ligean

Pic le Tomislav Pinter/Shutterstock

 

Deir an scoil go gcaitheann daoine bríste reatha nuair a bhíonn am saor acu. Caitheann siad iad agus iad ag ligean a scíste nó ina luí ar an tolg. Má chaitheann siad bríste mar seo ar scoil, tá baol ann go n-éireoidh siad ‘róchompordach’ nó go sílfidh siad go dtig leo a scíste a ligean, dar leis an scoil. Ach, má chaitheann páistí éide scoile cheart, beidh an meon ceart acu don fhoghlaim!

An bhfuil éadaí mar seo de dhíth le foghlaim cheart a dhéanamh?

Pic le rawpixel.com/Shutterstock

 

Is scéal mór é seo sa Ghearmáin nó níl éide scoile ar bith ag an chuid is mó de na scoileanna sa tír. Tá go leor daoine sa tír míshásta le seasamh na scoile. Deir siad gur cuma cad é a chaitheann páistí agus go mbaineann an fhoghlaim leis an mhúinteoir agus leis an timpeallacht sa seomra ranga.

Sa chuid is mó de scoileanna na Gearmáine, ní bhíonn ort éide scoile a chaitheamh

Pic le GagliardiPhotography/Shutterstock

 

Le plé

  • An bhfuil pointe ag an scoil sa Ghearmáin? Mínigh do fhreagra.

  • An gcaitheann páistí sa scoil s’agatsa bríste nó sciorta ‘ceart’ nó bríste reatha mar chuid den éide scoile? Cé acu ab fhearr, i do bharúil agus cén fáth?

  • Mar rang, déanaigí dhá liosta ar an chlár – fáthanna ar cheart dúinn éide scoile a bheith ann agus fáthanna nár cheart éide scoile a bheith ann. Cé acu liosta is faide? Cén taobh den argóint a n-aontaíonn tusa leis?

  • Ag an am seo den bhliain, tosaíonn go leor páistí a chaitheamh bríste gairid nó gúnaí samhraidh ar scoil. Ar cheart dúinn cosc a chur orthu seo, ar eagla go sílfeadh páistí go bhfuil saoire an tsamhraidh ann?

    An gcuidíonn éide scoile leatsa d’aird a dhíriú ar an fhoghlaim?

    Pic le Altanaka/Shutterstock

baruil