An Aidbhint

 

(Alt ón 24ú Samhain, 2022)


An Domhnach beag seo, beidh an Aidbhint ag tosú. Is am iontach speisialta den bhliain í an Aidbhint do Chríostaithe. Seo nuair a bhíonn na Críostaithe ag ullmhú faoi choinne bhreith an bhabaí Íosa.

Tá an Aidbhint mar a bheadh cuntas síos ann chuig breith an bhabaí Íosa

 

Tagann an focal aidbhint ón fhocal Laidine ‘adventus’ – rud a chiallaíonn ‘teacht’. Teacht an bhabaí Íosa atá i gceist leis, ar ndóigh. Tosaíonn an Aidbhint ar an cheathrú Domhnach roimh Lá Nollag. San eaglais, bíonn bláthfhleasc na hAidbhinte ann. De ghnáth, is rud ciorclach í seo atá déanta de dhuilleoga deasa síorghlasa agus bíonn cúig choinneal ina suí uirthi. 

Bláthfhleasc Aidbhinte

 

Bíonn dath vialait ar thrí cinn de na coinnle seo agus dath bándearg ar an cheathrú ceann. Bíonn dath bán ar an chúigiú coinneal.

Lastar coinneal daite amháin gach Domhnach roimh an Nollaig agus ansin, Oíche Nollag, lastar an choinneal bhán. Ar go leor bealaí, is sórt ‘tús nua’ í an Aidbhint do na Críostaithe. Mar shampla, seo tús na bliana san Eaglais ó thaobh an Bhíobla de – téann siad ar ais chuig an tús agus tosaíonn leis na scéalta faoi na rudaí a tharla sular rugadh Íosa. 

Ón Domhnach beag seo ar aghaidh, má théann siad ar Aifreann, cluinfidh daoine faoin mhéid a tharla roimh bhreith Íosa

 

Déanann Críostaithe a lán rudaí difriúla le bheith ag ullmhú faoi choinne theacht an bhabaí Íosa. Sna scoileanna, téann páistí siar ar charúil na Nollag – amhráin speisialta faoi scéal na Nollag. Bíonn a lán daoine ag foghlaim faoi scéal an bhabaí Íosa tríd an drámaíocht fosta nó cuireann a lán scoileanna dráma na Nollag ar siúl.

An mbeidh dráma na Nollag ag an scoil s’agaibhse?

 

Taobh amuigh den scoil agus den Eaglais, bíonn daoine ag ullmhú don Nollaig fosta. Bíonn daoine ag smaoineamh ar na bronntanais Nollag a cheannóidh siad nó ar na héadaí Nollag a chaithfidh siad. Is nós le cuid mhór páistí ‘féilire Aidbhinte’ a fháil. Cuidíonn an fhéilire leo ‘cuntas síos’ go dtí an Nollaig a dhéanamh. Bíonn fuinneog bheag ann do gach lá agus, in amanna, bíonn milseán beag nó féirín beag taobh thiar de chuid de na fuinneoga.

San fhéilire Aidbhinte seo, tá píosa seacláide taobh thiar de gach fuinneog!


Sa seanam in Éirinn, ba ghnách le daoine aoldath nua a chur ar an teach

 

Sa seanam in Éirinn, ní raibh mórán milseán ann sna seachtainí roimh an Nollaig! Thug na sean-Ghaeil ‘carghas an gheimhridh’ ar an Aidbhint. Ní raibh cead ag daoine pósadh le linn na hAidbhinte agus bhí go leor daoine ann nár ith feoil ar bith le linn an ama seo. Ba ghnách le daoine a dteach féin agus go fiú teach na n-ainmhithe a ghlanadh le go mbeadh an áit deas don Nollaig. Chuir siad na páistí amach le craobhacha cuilinn agus eidhneáin a bhailiú leis an teach a chóiriú.


Cuileann agus eidhneán

Cuileann

Eidhneán – tchí tú seo ag fás ar bhallaí go minic


Le plé agus le déanamh

Déanaigí plé ranga – an bhfuil dearmad déanta againn ar chiall cheart na Nollag? An mbímid róbhuartha sa lá atá inniu ann faoi rudaí a cheannach agus faoi rudaí a fháil? An raibh an smaoineamh ceart ag na sean-Ghaeil –  gan milseáin ná rudaí deasa a ithe as seo go dtí an Nollaig agus gan rud ar bith eile a dhéanamh ach paidreacha a rá agus an teach a ghlanadh?

Ar mhaith libhse Aidbhint thraidisiúnta Ghaelach?

 

Creidiúintí


baruil