Lá an Altaithe 2026

Dé Céadaoin, an 25ú Samhain 2026


Bíonn féile iontach speisialta ar siúl i Stáit Aontaithe Mheiriceá ag an am seo gach bliain. Tarlaíonn ‘Lá an Altaithe’ nó ‘Thanksgiving’ ar an cheathrú Déardaoin de mhí na Samhna agus is féile í atá chóir a bheith chomh mór leis an Nollaig ann. I mbliana, beidh Lá an Altaithe ar siúl amárach, an 26ú Samhain.

An fíorphictiúr den stair é seo, dar leat?

Mar a thuigfeá, tugann Lá an Altaithe seans do mhuintir Mheiriceá buíochas a ghabháil as na rudaí maithe atá acu sa saol. Téann an scéal siar sa stair. Nuair a bhí daoine as an Eoraip ag teacht go Meiriceá na céadta bliain ó shin, chuidigh na bundúchasaigh leo. Deirtear go raibh féasta acu le chéile.

Sa lá inniu, tagann teaghlaigh agus cairde le chéile le béile mór a bheith acu agus sult a bhaint as an am le chéile. Cosúil leis an Nollaig, itheann cuid mhór de na daoine turcaí, mar aon le prátaí agus glasraí. Don mhilseog, bíonn blas oíche Shamhna ann nó is minic a itheann daoine pióg phuimcín. Bíonn paráidí móra sna cathracha móra agus fiú sna háiteanna is lú, bíonn paráid de chineál éigin ann.

Cé nach mbíonn Lá an Altaithe á cheiliúradh in Éirinn, is rud deas é stopadh ar feadh tamall beag agus smaoineamh ar na daoine agus na rudaí a bhfuilimid buíoch astu. Is féidir linn bheith buíoch as ár dteaghlaigh nó ár gcairde, ár sláinte nó na deiseanna a fhaighimid gach lá.

Paráid Lá an Altaithe

Tá gné amháin de Lá an Altaithe a tháinig trasna an Atlantaigh, áfach, ‘Aoine Mhór na Siopadóireachta nó ‘Black Friday’. Bíonn Aoine Mhór na Siopadóireachta ar siúl an Aoine i ndiaidh Lá an Altaithe agus téann cuid de na daoine ar mire ag iarraidh teacht ar shladmhargadh. Le daoine a mhealladh chuig a siopa (nó chuig a suíomh idirlín), cuireann siopadóirí earraí ar reic. Is minic a bhíonn na sluaite ag na siopaí agus bíonn daoine ag troid lena chéile chun an sladmhargadh is fearr a fháil. Is mór an difear idir an dá lá!

Aoine Mhór na Siopadóireachta


Ceisteanna:

1. Cén tír ina mbíonn ceiliúradh ar Lá an Altaithe?

2. Cén cineál bia a itheann go leor daoine don dinnéar ar Lá an Altaithe?

3. Cén mhilseog atá luaite san alt?

4. Cé hiad na bundúchasaigh?

5. Cad iad na himeachtaí a bhíonn ar siúl sna cathracha agus sna bailte ar Lá an Altaithe?


Le déanamh:

Scríobh síos 3 rud a bhfuil tú buíoch astu. Cuir do liosta i gcomparáid le do chara in aice leat.


Le plé:

Cé acu lá is fearr, Lá an Altaithe nó Aoine Mhór na Siopadóireachta? Cuir fáthanna le do fhreagra?


Pictiúir:

Paráid Macy, Nua-Eabhrac: BindelglassPhoto / Shutterstock.com

Aoine Mhór na Siopadóireachta: Iara Faga / Shutterstock.com




meas