An míol mór gorm ag teacht ar ais!

Dé hAoine, an 20ú Samhain 2026

Is minic a bhíonn drochscéalta againn faoi ainmhithe. Bíonn na hainmhithe i gcontúirt mar gheall ar an athrú aeráide, nó ar rud eile a dhéanann daoine. Ach, inniu, tá a mhalairt ar fad de scéal againn. Tá dea-scéal againn faoin ainmhí is mó ar domhan, an míol mór gorm!

An míol mór gorm


Ní hé amháin gurb é an míol mór gorm an t-ainmhí is mó ar domhan inniu, tá sé ar an ainmhí is mó ar domhan riamh – tá sé níos mó ná dineasár ar bith a bhí ann riamh roimhe. Fásann cuid acu suas le 30 méadar ar fad – chomh fada le trí bhus mhóra! Bíonn suas le 180 tonna meáchain iontu – chomh trom céanna le 120 carr beag teaghlaigh, nó le 5,500 páiste bunscoile!

Cnámharlach in Iarsmalann Stair an Dúlra i Londain Shasana

Pic le Sergii Figurnyi / Shutterstock.com


Tá an míol mór gorm níos mó ná ainmhí ar bith a mhair riamh – dineasáir san áireamh


Tá míolta móra gorma le fáil sna haigéin dhifriúla ar fud an domhain (ach ní maith leo an t-oighear san Aigéan Artach). Cónaíonn na míolta móra gorma is mó sna farraigí oscailte in aice le hAntartaice.

Na farraigí ina mbíonn an míol mór gorm le fáil (ní bhíonn siad le fáil sna háiteanna bána)

Léarscáil le www.iucnredlist.org, CC BY 3.0


Cé go bhfuil siad féin ollmhór, itheann siad ainmhithe beaga bídeacha ar a dtugtar crill, créatúir bheaga a shnámhann thart i ngrúpaí móra san fharraige.

Crill – bíonn na deicheanna nó na céadta de mhilliúin acu in aon ghrúpa amháin (in amanna, na billiúin!)


Ag tús an chéid seo caite (thart faoin bhliain 1900), síleann eolaithe go raibh níos mó ná 200,000 míol mór gorm ann sna farraigí thart ar Antartaice. Ach rinne daoine seilg orthu. D’úsáid siad an ola as a gcorp agus d’ith siad a gcuid feola. Is ainmhí mór séimh é an míol mór gorm. Ní bhogann sé róghasta agus bhí sé furasta é a mharú.

Sílimid gur míol mór gorm é seo. Maraíodh é i Muir Ross, in Antartaice, thart ar an bhliain 1924


Cuireadh cosc ar sheilg na míolta móra gorma in 1964 ach lean an tseilg mhídhleathach ar aghaidh go dtí 1973. Sa bhliain sin, ní raibh ach 418 míol mór gorm fágtha sna farraigí seo. Shíl eolaithe go rachadh an míol mór gorm Antartach in éag ar fad. Ach nuair a stad an tseilg, tugadh seans don mhíol mhór teacht ar ais.

Máthair agus míol mór óg


Ag tús na míosa seo, d’fhoilsigh eolaithe as roinnt tíortha difriúla na torthaí ó staidéar a rinne siad ar na míolta móra gorma Antartacha, agus bhí dea-scéal acu dúinn. Tá beagnach deich n-oiread níos mó míolta gorma ann anois ná mar a bhí in 1973! Síleann siad go bhfuil thart ar 4,000 acu ann!

Tá i bhfad níos mó míol mór gorm sna farraigí Antartacha anois ach tá siad go fóill i mbaol


Thug na heolaithe rabhadh dúinn, áfach. Ní chiallaíonn sé seo nach bhfuil an míol mór gorm i mbaol níos mó. Tá contúirtí rompu go fóill. An buaireamh is mó ná go gcuirfidh an t-athrú aeráide isteach ar an chrill a itheann siad. Buaireamh eile ná líon na mbád agus na long a bhíonn ag taisteal tríd fharraigí an domhain sa lá atá inniu ann. Cuireann callán na mbád isteach orthu agus buaileann báid iad ó am go chéile.

Ach go fóill féin, tá ceacht tábhachtach sa scéal seo – nuair a thugann daoine cosaint don dúlra, is féidir leis teacht chuige féin!

Le NOAA Photo Library - anim1754, san fhearann phoiblí



🐳 Ceisteanna le freagairt 🐳

1. Cén fáth a bhfuil an scéal seo faoi na míolta móra gorma difriúil leis na scéalta eile a bhíonn againn go minic faoi ainmhithe?

2. Cé chomh mór agus chomh trom is a bhíonn an míol mór gorm? Luaigh dhá fhíric ón alt.

3. Cad é an bia a itheann míolta móra gorma, agus cén áit ar domhan a maireann na míolta móra gorma is mó?

4. Cén fáth a ndearna daoine seilg ar mhíolta móra gorma? Cá huair a tháinig deireadh leis an tseilg mhídhleathach?

5. Cad é a fuair na heolaithe amach faoin athrú atá tagtha ar líon na míolta móra gorma ó bhí 1973 ann?

6. An bhfuil an míol mór gorm Antartach slán anois? Mínigh do fhreagra.


🐳 Le plé 🐳

🐋 An dúlra a chosaint: Léiríonn an scéal seo gur féidir le pobail ainmhithe teacht chucu féin nuair a thugann daoine cosaint dóibh. An féidir leat smaoineamh ar ainmhithe ar bith eile atá go mór i mbaol? Cad é a thiocfadh linn a dhéanamh le hiad a chosaint?

🐋 Cluinimid go leor drochscéalta faoin timpeallacht sna meáin chumarsáide. An síleann tú gur cheart dúinn níos mó dea-scéalta faoin dúlra a roinnt? Cén fáth?


meas